Tá scannail eile i saol na polaitíochta ar eolas ag Balor nach bhfuil pléite ag binse fiosraithe ar bith.
»»»Féachann Robert McMillen siar ar thoghchán tubaisteach Shinn Féin an mhí seo caite.
»»»Ní bheidh toghchán na huachtaránachta ar siúl sna Stáit Aontaithe go ceann bliain go leith eile ach, mar a mhíníonn Brian Ó Broin, tá an feachtas faoi lán seoil anois le tamall anuas.
»»»Tá mac óg Tony Birtill ag traenáil le foireann phroifisiúnta sacair faoi láthair ach tuigeann Tony nach ionann sin is a rá go n-éireoidh leis gairm a bhaint amach sa spórt sin.
»»»Tá go leor míbhuntáistí ag baint le bithbhreoslaí áirithe, mar a mhíníonn Pádraig Mac Éamoinn.
»»»Thapaigh Balor an deis roinnt cruacheisteanna a chur ar cheannairí na bpríomhpháirtithe polaitíochta i mí seo an olltoghcháin.
»»»Thug Liz Curtis cuairt ar cheantar in Albain inar díshealbhaíodh go leor tionóntaí sa seachtú agus san ochtú haois déag.
»»»Measann Brian Ó Broin nach cúis iontais ar bith é go bhfuil oiread sléachtanna ag tarlú sna Stáit Aontaithe agus na comhlachtaí déanta arm chomh cumhachtach sin.
»»»Is cúis imní é, dar le Robert McMillen, go bhfuil na grúpaí paraimíleatacha Protastúnacha an-ghníomhach go fóill.
»»»D’fhág Derek Culley Éirinn sna seachtóidí de bharr na dífhostaíochta ach anois tá deontas mór idirnáisiúnta agus aitheantas ceart bainte amach aige mar ealaíontóir. Thug Tony Birtill cuairt ar a stiúideo le gairid.
»»»Chuir sé neart iontais ar Bhalor nuair a thosaigh ceannaire an DUP ag labhairt Gaeilge leis le gairid.
»»»Tá sé róluath le rá, dar le Robert McMillen, cén treo ina rachaidh an pholaitíocht sna Sé Chontae.
»»»Tá Liz Curtis an-tógtha le cuid amhránaíochta Jeannie Robertson, an t-amhránaí Albanach a fuair bás breis is tríocha bliain ó shin.
»»»Fuair Brian Ó Broin blaiseadh den saol i Meiriceá san ochtú haois déag nuair a thug sé cuairt ar Virginia le gairid.
»»»Chuir seachtain a chaith Tony Birtill ag dreapadh san Iorua an mhí seo caite ag smaoineamh é ar an chontúirt a bhaineann leis an chaitheamh aimsire sin.
»»»Tá cuid mhór le gnóthú ag Aer Lingus as an chomhaontú a síníodh le déanaí idir an Eoraip agus na Stáit Aontaithe maidir le heitiltí trasatlantacha, mar a mhíníonn Pádraig Mac Éamoinn.
»»»Tá go leor deacrachtaí ag rialtas na hAstráile ach níl ag éirí leis an bhfreasúra teacht i dtír ar na deacrachtaí sin, mar a mhíníonnn Dáithí Ó Colchúin.
»»»Tá stair fhada shuimiúil ag Cill Rìmhinn, baile beag in oirthuaisceart na hAlban ar thug Liz Curtis cuairt air an fómhar seo caite.
»»»Den dara mí as a chéile, tá an tAire Talmhaíochta, Máire Ní Chochráin, ag roinnt a gcuid gaoise le Balor ina phluais.
»»»Tá súil ag Robert McMillen go mbeidh rialtas i gcumhacht a bheidh in ann feidhmiú i gceart, i ndiaidh an toghcháin do Thionól Thuaisceart Éireann ar an 7 Márta.
»»»Chuir go leor dá bhfaca sé iontas ar Bhrian Ó Broin nuair a thug sé cuairt ar phríosún le gairid.
»»»Bíonn an trealamh ceart i gcónaí le Tony Birtill nuair a théann sé amach ar na sléibhte ach tá go leor daoine ann nach mbíonn chomh cúramach céanna.
»»»Tá éacht oibre déanta ag eagraíochtaí comhshaoil na hAstráile le fiche bliain anuas, dar le Dáithí Ó Colchúin .
»»»Deir Robert McMillen go raibh sé i gcónaí i gceist ag Sinn Féin tacaíocht a thabhairt do Sheirbhís Phóilíneachta Thuaisceart Éireann, ó aimsir Chomhaontú Aoine an Chéasta ar aghaidh.
»»»Thug Liz Curtis cuairt ar Í Cholm Cille in Albain san fhómhar ach ní bhfuair sí deis ach cuid den oileán suimiúil seo a fheiceáil.
»»»Bhuail an tAire Talmhaíochta isteach i bpluais Bhaloir le sú a ól agus a cuid gaoise a roinnt leis.
»»»Measann Christoph Wendler go bhfuil ciníochas an-chaolchúiseach le fáil na laethanta seo – sna meáin chumarsáide, mar shampla.
»»»Tá na milliúin duine i Meiriceá ag tnúth go géar leis an Superbowl, a bheas ar siúl Dé Domhnaigh, 4 Feabhra. Tuairisc ó Bhrian Ó Broin.
»»»Déanfar leacht i gcuimhne ar an phoblachtánach Colin Maguire as Learpholl, a fuair bás fiche bliain ó shin, i mBaile Átha Cliath ag tús na míosa seo. Féachann Tony Birtill siar ar shaol an fhir seo a raibh dlúthchairdeas aige leis.
»»»Tá go leor airgid á chaitheamh ar iarnróid na hÉireann faoi láthair. Féachann Pádraig Mac Éamoinn ar an dul chun cinn atá déanta.
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil.
Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.