
Míníonn Alan Desmond go bhfuil Éire cáinte ag an Aontas Eorpach mar gheall ar idirdhealú neamhdhleathach a dhéanamh ar oibrithe a thagann as tíortha lasmuigh den AE.
»»»Bhí Tony Birtill i láthair ag seoladh tuarascála. Míníodh i dtuarascáil Hickman nach seicteachas ach ciníochas ba bhonn le hionsaithe ar mhórshiúlta Gael i Learpholl 2012-13.
»»»Murab é an rud is costasaí a cheannófas tú, is é an dara rud is daoire a deir Daragh Ó Tuama agus tugann sé comhairle shiosmaideach san alt seo i dtaobh carr a cheannach ar athláimh.
»»»Bhuail Alex Hijmans le beirt mhisniúil a léiríonn fuinneamh agus tuiscint a bpobail, beirt atá ar tí dul i mbun gníomh a chuideoidh thar na bearta leis an bpobal sin a threisiú.
»»»Tá fadhb an chiníochais le brath i Stáit Aontaithe Mheiriceá, rud a thuig Brian Ó Broin ar a chéad eitilt ann na blianta ó shin.
»»»Tá Balor ar tí a chuid sómhainní a dhíol, a luach a thabhairt don daibhir, soc a dhéanamh dá chlaíomh, é féin a bhearradh agus a lomadh, an deannach a chreathadh dá chuaráin agus dul trí chró snáthaide.
»»»Na céadta bliain i ndiaidh bhronnadh a cairte ar Bhéal Feirste, míníonn Robert McMillen go bhfuil lucht na teanga mionlaithe ag cur in iúl go feidhmiúil gur cuid de fhíochán na cathrach iad féin fosta.
»»»‘Coinnigh do lámh i do phóca’ an moladh atá ag Muiris Ó Meara duit an chéad Lá Vailintín eile, nó tá an iomarca measa, agus airgead dá réir, caite ar an ‘it’ a éiríonn amach as chuile chearn an tráth sin bliana.
»»»Tá teagascóirí Gaeilge don bhliain acadúil 2013-14 á lorg ag ICUF faoi láthair agus cé is fearr trácht air ach duine díobh siúd atá ag dul don obair chéanna sin cheana féin, Aodán Ó Cearbhaill.
»»»Amharcann Breandán Delap ar leabhar a mhaíonn gur cheart deireadh a chur leis an Ghaeilge éigeantach sa chóras oideachais.
»»»An mac léinn eachtrannach a íocann táille an-ard le teacht chun na Breataine, maíonn Alan Desmond san alt seo nach mbeidh, is cosúil, fáilte chroíúil roimhe ann feasta.
»»»Tá Sinn Féin ag iarraidh reifrinn ó thuaidh faoi cheist na teorann. Ceistíonn Donncha Ó hÉallaithe an bhfuil Sinn Féin ag dul ar amú, ar ardú na ceiste ag an bpointe seo agus an é leas an pháirtí seachas leas an phobail atá taobh thiar dhó?
»»»Níl Balor róthugtha don dóigh a scríobhann daoine aon rud is rogha leo ar mheirge ár Maorgachta, ar bhratach ár Soilse, Banríon na Breataine Móire agus Chúilín na hÉireann.
»»»Tá pobail na bhFritíortha i mbun aisghairm logainmneacha an chos ar bolg atá ar a n-ionaid dúchais, ar bhailte srl. de réir a chéile. Feictear do Bhearnaí Ó Doibhlin go mbeidh rath ar an obair mhaith.
»»»Tháinig athrú as éadan ar an saol le tamall gairid de bhlianta, saol na teicneolaíochta go háirithe, agus d’athraigh na cúinsí oibre dá réir, mar is eol do Chiarán Mac Aonghusa.
»»»Cuidíonn duine thall is abhus le gné éigin de chultúr daoine, cromann agus imíonn ar lár. Chonaic Tony Birtill Nollaig bhog a d’fhág ‘an reilig mhéith’ agus méala ar na Gaeil i Learpholl.
»»»Is mór a d’athraigh na Sé Chontae le glúin anuas ach tá Robert McMillen den bharúil go gcaithfidh an cheist náisiúnta fanacht faoi shuan go fóilleach.
»»»An chéad chuid de shocrú na deacrachta is ea an dearcadh a shocrú ar dtús dar le Muiris Ó Meara. Má athraítear dearcadh daoine, is féidir teannadh le socrú na deacrachta in ionad a bheith ag seachaint an tsocraithe.
»»»D’fhoghlaim Robert McMillen téarma nua, ‘afáise iomlán’. Cibe is siocair leis, tá roinnt daoine ar an fhóidín mheara ó thuaidh nó ní fheiceann siad an bóthar rompu go saol na síochána
»»»Nochtann Breandán Delap a bhfuil i gcomhaid an rialtais sa Chartlann Náisiúnta mar gheall ar chás stairiúil dlí a reáchtáladh tríocha bliain ó shin.
»»»Ag breathnú chun cinn ar 2013, Bliain na Gaeilge, deir Donncha Ó hÉallaithe nach bhféadfadh sé a bheith chomh dona leis an mbliain atá caite. Molann sé go mba cheart cás caomhnú na Gaeilge a chur os comhair Comhairle Airí Aontas na hEorpa.
»»»Tá fios an scéil faoi Big Jim Larking i Learpholl ag Tony Birtill, mar bhí sé féin gníomhach i gcaomhnú an eolais faoi agus i gcrochadh leice ina chuimhne fosta.
»»»Tá lucht na ngunnaí i Stáit Aontaithe Mheiriceá ag dul chun donachta ar fad le scaoll is le cosaint gan chéill. Deir Brian Ó Broin go bhfuil tuairim is trí ghunna an duine ag sciar áirithe den phobal.
»»»Tuilleadh gáire a theastaíonn, dar le Mícheál Ó hAodha. Tá sé saor in aisce agus ní fios an leas a dhéanann sé do shláinte agus do réimsí eile i saol an duine.
»»»Léiríonn scéal Ghandi Mallak, as an tSiria, gnéithe den chóras deimhniú eadóirseachta in Éirinn, dar le Alan Desmond, gnéithe ar chóir dúinn a chur ina gceart.
»»»Tá cac na réinfhianna súite aníos ag lorraithe bardais ach níl Balor ag gabháil i mbun tuair ná tairngreachta don bhliain úr mar nach aon uimhir mhuiníneach í an 13.
»»»Dearcann Bearnaí Ó Doibhlin san alt seo ar an dóigh gur mó ag páirtithe móra na hAstráile a sochar polaitíochta féin ná urraim agus ceart a roinnt leis an té atá thíos.
»»»Síleann roinnt daoine go dtiocfadh le níos mó ná fearg a bheith ar chúl na ‘léirsithe’ ó thuaidh. Chan amháin sin, ach is cosúil dar le Robert McMillen, go mbeidh an tIRA Leanúnach ag coinneáil orthu arís i mbliana.
»»»Cuimhníonn Breandán Delap ar na heachtraí brónacha a tharla i gceantar Gaeltachta i gContae na Gaillimhe 130 bliain ó shin agus ar an chomóradh atá le déanamh orthu.
»»»Bhí Bearnaí Ó Doibhlin ag iniúchadh scéal fear fiúntach as an Astráil, Peter Norman, ar ghlac Rialtas a thíre leithscéal leis níos luaithe i mbliana, roinnt blianta rómhall mar fuair sé bás sé bliana ó shin.
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil.
Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.