
Mhúscail an reifreann ar na mallaibh spéis John-Paul Mc Carthy i gcaingean Crotty v An Taoiseach 1986, agus sheol i mbun léamh an bhreithiúnais é.
»»»Is ceadmhach d’ainm is do shloinne a athrú i dtíortha an Dlí Choitinn, ní a thug ábhar machnaimh agus a spreag Mícheál Ó hAodha i mbun cleite an ailt seo.
»»»Rianaíonn Ciarán Mac Aonghusa an drochobair a d’fhág cuid Pháidín den mheacan ag móramh an domhain, an dream bocht a bhronn na billiúin ar thoicí nár shaothraigh é.
»»»Ní mó ná sásta atá Donncha Ó hÉallaithe le Bille na Gaeltachta. Creideann sé go bhfuil an deis á chur amú ag an rialtas bunús ceart tomhaiste a chur faoin iarracht an Ghaeilge a tharrtháil mar theanga pobail sna Gaeltachtaí agus go mbeidh de cháil ar Dhonncha Mac Fhionnlaoich amach anseo gurb e a bhuail caidhp an bháis ar an nGaeltacht.
»»»Chonaic Robert McMillen dhá bhandia, as aois an chré-umha agus aois an iarainn, ag streachailt in aghaidh a chéile ar ardmhá intinn an phobail an mhí seo chuaigh thart.
»»»Chuir Stiofán Ó Cúláin tús oifigiúil lena thréimhse mar Phríomhfheidhmeanach ar Údarás na Gaeltachta ag tús na míosa seo. Ríomhann Breandán Delap cuid de na dúshláin a bheas roimhe.
»»»Tá idir údaráis agus mhuintir na hAstráile araon buartha faoin ainmhí clúmhach a bhfuil cách ceanúil air, faoi stró mór. Bhreathnaigh Bearnaí Ó Doibhlin ar obair a rinne gréasán taighde le teacht ar an eolas.
»»»‘Chuile líne ag dul i míne’ nó i mbrúidiúlacht? B’fhéidir gur i gclisteacht agus i mbrúidiúlacht atá an duine ag dul dar le Ciarán Mac Aonghusa.
»»»Chonaic Brian Ó Broin athrú ag teacht ar lucht teagaisc na teanga i Meiriceá as cúrsa deireadh seachtaine i Nua-Eabhrac a d’eagraigh an Coimisiún Fulbright in éineacht le hOllscoil Mhaigh Nuad.
»»»Shonraigh John-Paul Mc Carthy tagairtí ar leith sna haithisc a thug an tUachtarán Michael D. Ó hUiginn le linn a chuairte ar Mheiriceá le déanaí.
»»»Bhí Doireann Ní Ghlacáin ag caitheamh súile ar an gcur is cúiteamh a thosaigh le feachtas Invisible Children sna Stáit Aontaithe in aghaidh Joseph Kony i Uganda.
»»»Is eol do Ken Ó Donnchú thall sa Spáinn nach saol furasta a bhíonn ag rí atá iarriadh na meáin chumarsáide a shásamh agus eilifint a mharú.
»»»Ní mó ná sásta atá Balor ó fáisceadh gobadán i mbéal roinnt bheag de na sagairt, an dream sagart a thuig go ndearna an béal druidte dochar mór do na daoine cheana agus labhair siad amach.
»»»Tháinig Lisa Nic an Bhreithimh ar an tuiscint le deireanas go ndéantar saibhreas agus dochar d’aon bhéim amháin i ngnó carthanachta na n-éadaí ar athláimh.
»»»Bhí Tony Birtill i láthair ag cainteanna a thug Fergal Keane agus Tom Hartley in Ollscoil Learphoill an mhí seo caite.
»»»Bagairtí baghcait ar Euro 2012 i gCív na hÚcráine mar gheall ar iompar údaráis na tíre sin a tharraing aird Sheosaimh Uí Riain san alt seo.
»»»Biseach beagmhaitheasach nó measartha, tá Robert McMillen den tuairim go n-imeoidh tuaisceart Bhéal Feirste ó aithne leis na hathruithe atá ar na bacáin don ag an DUP agus Sinn Féin.
»»»Caithfidh na Gardaí dul i ngleic lena gcuid dualgas i leith na Gaeilge má táthar le bheith ionadaíoch ar phobail uile na tíre dar le Breandán Delap.
»»»Thug Brian Ó Broin a ghean do chathair Nua-Orléans ar na mallaibh. Ceann de na háiteanna is spéisiúla i SAM atá ann dar leis.
»»»Bhí Donncha Ó hÉallaithe i láthair ag seoladh an straitéis is deireanaí ag an rialtas chun an Ghaeilge a shlánú sa nGaeltacht, ach ceapann sé go bhfuil an cath caillte sa nGaeltacht de dheasca an chur chuige atá molta.
»»»Tá beartas mór ar bun in iarthuaisceart na hAfraice le fál crainnte a thógáil idir an Sahára agus tíortha na Saiheile – An tSeineagáil, Mailí, Beinin agus an Nigéir.
»»»Beidh muirear ar gach muirear agus muirear ar dhroim an mhuirir mhullaigh sin dar le Balor agus ní bheidh aon mhuirear gan mhuirear ina bhun agus ina mhullach.
»»»Bhí Ruth Nic Giolla Iascahta ar shráideanna Kemper na Briotáine mí ó shin nuair a chuaigh muintir na Briotáinise i mbun éileamh a gcearta teangan. Bhí léirsithe dá chineál ar bun ar fud na Fraince chomh maith.
»»»Is léir do mhuintir an taoibh sin domhain amháin a bhfuil de dhifríocht idir an Astráil agus an Nua-Shéalainn agus is feasach do Bhearnaí Ó Doibhlin faoin am seo saintréithe an dá thír.
»»»Aon leathanach déag soiléir agus soléite faoi rialachas geilleagair, gan tada thairis sin, atá sa Chonradh Fhioscach agus dar le Ciarán Mac Aonghusa, luíonn sé le céill do mhuintir na tíre glacadh leis.
»»»Tá Pat Butler ag dul in aghaidh lucht na géarmheastóireachta an iarraidh seo arís agus molann sé dúinn súil a chaitheamh ar aisteoireacht François Damiens agus Audrey Tautou in ‘La Delicatesse’.
»»»Tá Ken Ó Donnchú ag cur faoi in A Coruña na Gailise le scathamh agus is siad gnóthaí seirce a thug ann é. Imríonn sé an pheil Ghaelach ann.
»»»Spreag tuairimí as Scoil Sláinte Poiblí Harvard agus suíomh idirlín, handprinter.org Aoife-Marie Ní Bhuachalla chun méarchláir faoi ghnóthaí timpeallachta.
»»»Bhuail Tony Birtill le himreoir óg sacair as Contae na Mí a bhfuil gealladh faoi agus atá faoi oiliúint ag Blackburn Rovers i Sasana le bliain.
»»»Tá Breandán Delap den tuairim nach gcuirfear an córas nua maoinithe atá beartaithe ag Foras na Gaeilge d’eagrais Ghaeilge áirithe i bhfeidhm mar a bhí molta.
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil.
Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.