
Is [i]chauffer[/i] pearsanta é Pól Ó Muirí a n-éilíonn a chliaint cuid mhór uaidh. Níor mhiste leis dá mbeadh Alfa Romeo aige ach, ach an oiread lena phearsantacht stuama sheasmhach, is í praiticiúlacht an bua is mó atá ag a charr.
»»»Bhí Tony Birtill in ísle brí le gairid tar éis dó an Tuarascáil ar Stádas Caomhnaithe a bhaineann le hÉirinn a léamh. Ní hé gur chuir na staitisticí a clúdaíodh inti ionadh air, ach tuigeann sé go bhfuil easpa gnímh i gceist sa tír seo i measc na bhforas a cuireadh ar bun leis an chomhshaol a chaomhnú.
»»»Agus toradh an reifrinn ar Chonradh Liospóin ag cur oilc ar cheannairí na hEorpa, tá éirithe lenár gcomhfhreagraí céimiúil Balor agallamh a chur ar dhuine den lucht feachtais ba ghlóraí in éadan a dhaingnithe.
»»»Tá gach cosúlacht ar an scéal go ngearrfar an sean-nasc bunreachtúil idir an Bhreatain agus an Astráil san am atá romhainn. Seans, áfach, gur mall seachas luath a tharlóidh sé, dar le Bearnaí Ó Doibhlin.
»»»Tá géarchéim i ndán do thiománaithe Mheiriceá mar go bhfuil ardú ag teacht ar phraghas an pheitril i rith an ama. Ach fós féin, dar le Brian Ó Broin, níl na Meiriceánaigh sásta – nó in ann – a gcuid carranna a fhágáil sa chabhsa.
»»»Tráth den saol ba ar na poblachtánaigh amháin a bhí an ghráin dhearg ag na haontachtaithe. Ach anois, mar a mhíníonn Robert McMillen, tá siad ag tabhairt faoi naimhde úra – an pobal aerach, lucht na heolaíochta agus lucht labhartha na Gaeilge ina measc.
»»»Tá an chuma ar an scéal go bhfuil an tAontas Eorpach anois i sáinn i ndiaidh do mhuintir na hÉireann vótáil i gcoinne dhaingniú Chonradh Liospóin. Caitheann Ciarán Mac Aonghusa súil ar chuid de na fáthanna ar vótáil daoine ina aghaidh.
»»»Is comhshaolaí mór le rá é Maurice Strong a bhfuil na blianta fada caite aige ag obair ar bhonn comhairliúcháin le heagrais mar na Náisiúin Aontaithe. Agus an cineál stíle maireachtála atá aige féin, áfach, ar chóir dó a bheith ag seanmóireacht faoi róthomhaltas an ghnáthdhuine? Pléann Maidhc Ó Cathail an scéal.
»»»Tá Learpholl go mór faoi anáil an chultúir Ghaelaigh agus, san alt seo, déanann Tony Birtill cur síos ar chuid de na himeachtaí a bhí ar siúl i mbliana – agus Learpholl mar Phríomhchathair Chultúrtha na hEorpa – leis na naisc seo a cheiliúradh.
»»»Anois ar theacht an tsamhraidh, beidh Pól Ó Muirí níos cruógaí ná mar a bhíonn de ghnáth. Agus níl éalú ar bith i ndán dó agus na páistí ar saoire ón scoil!
»»»Ó thaobh na hAstráile de, bítear ag caint go minic ar chomh hiontach agus atá Melbourne agus Sydney. Ach tá Bearnaí Ó Doibhlin den tuairim gur áit ar leith í an phríomhchathair, Canberra, chomh maith.
»»»Polaiteoirí, turcaithe agus fuirseoirí – tá anailís ghéarchúiseach déanta ag ár gcomhfhreagraí céimiúil Balor ar mhórscéalta na míosa atá imithe tharainn.
»»»Tá gach cuma ar an scéal go mbeidh uachtarán Daonlathach sa Teach Bán roimh i bhfad. Ní chuirfeadh Brian Ó Broin John McCain as an áireamh, áfach, go dtí go dtiocfaidh lucht tacaíochta Barack Obama agus Hilary Clinton le chéile.
»»»Tá an tsíocháin i réim sna Sé Chontae ach tá bagairt na n-easaontóirí fós an-láidir, a deir Robert McMillen.
»»»Tá Craobhchomórtas na hÉireann faoi lán seoil um an dtaca seo agus amharcann Breandán Delap ar an fhoireann a d’fhéadfadh ár dTaoiseach nua a chur chun páirce sa chomórtas.
»»»Tá Íte Ní Chionnaith go láidir den tuairim go ndéanfaidh sé an-dochar do leas na hÉireann tromlach de vótálaithe na tíre vótáil ar son Chonradh Liospóin.
»»»Maraíodh na céadta míle i Ruanda i rith na nocháidí. Tá an leagan oifigiúil den scéal cloiste ag gach duine, ach san alt seo, tugann Maidhc Ó Cathail léargas eile dúinn mar gheall ar thréimhse mhillteanach an chinedhíothaithe sa tír sin.
»»»In ainneoin gur cathair ilchultúrtha é Learpholl, tá go leor ciníochais i gceist ansin. D’fhreastail Tony Birtill ar chomhdháil speisialta le gairid inar pléadh an fhadhb áirithe seo.
»»»Táimid ar tí fáil amach an bhfuil beathraí ar Mhars, a bhuíochas sin ar mhisean an spásárthaigh Phoenix. Labhair Eithne Ní Ghallchobhair le heolaí ildánach ó Ghníomhaireacht Spáis na hEorpa, an Dr. Hugh Deasy, le gairid faoin mhisean agus faoina thuairimí mar gheall ar chúrsaí spáis.
»»»Léiríonn staidéar cuimsitheach ar tugadh faoi le gairid gur fadhb choitianta í an chibirbhulaíocht i measc an aosa óig. San alt seo, pléann Caoimhe Ní Laighin an éifeacht is féidir a bheith aici ar shaol an íospartaigh. Tá an t-alt seo dírithe ar dhaltaí Ardteiste ó thaobh ábhair de agus ó thaobh leibhéal deacrachta na teanga.
»»»Cé gur bhain muintir na hAstráile neamhspleáchas amach sa bhliain 1901, tá eachtrannach ina ceann stáit go fóill. Déanann Bearnaí Ó Doibhlin cur síos ar ról ard-ghobharnóir na hAstráile, an té a fheidhmíonn mar ionadaí Bhanríon na Ríochta Aontaithe thall.
»»»Tá cur agus cúiteamh go leor ar siúl faoi láthair mar gheall ar Bhéising 2008. Ach ní hé gur rud úr nua é sin – ba mhinic an chonspóid sna sála ag na Cluichí Oilimpeacha le céad bliain anuas, mar a mhíníonn Breandán Delap.
»»»Tá Balor feargach, cé do tuigfidh a léitheoirí rialta gur rud coitianta go leor é sin. Cronaíonn sé Bertie, ach ní mar a shíltear bítear agus mar is gnáth, tá scríbhneoir céimiúil [i]Beo![/i] ag tochras ar a cheirtlín féin.
»»»Mar a dúirt Charlton Heston, is é an t-aon dóigh a bhféadfaí cuid mhór Meiriceánach a scaradh óna ngunna ná é a thógáil ó óna lámha fuara, marbhánta. Agus tá fórsaí póilíneachta na Stát Aontaithe ar cheann de na dreamanna is mó a bhfuil spéis acu sna hairm, dar le Brian Ó Broin.
»»»Tá cuid mhór den phobal idirnáisiúnta míshásta mar gheall ar leatrom na Síneach ar chearta an duine sa Tibéid, ach tá Maidhc Ó Cathail den tuairim nach bhfuil iompar an Dalaí Láma féin thar mholadh beirte.
»»»A bhuíochas ar an teicneolaíocht atá anois ar fáil, is féidir le físiriseoirí léargas i bhfad níos doimhne a fháil ar a mbíonn faoi chaibidil acu ina gcuid cláracha faisnéise, dar le Alex Hijmans
»»»Ní chrónaíonn tú rud éigin go dtí go mbíonn sé caillte. Is maith an rud é, mar sin, go bhfuil sárobair curtha i gcrích ag eagraíochtaí speisialta sa Bhreatain le bláthanna fiáine atá faoi bhrú a chaomhnú. Cúlra an scéil ó Tony Birtill.
»»»Bíonn féile ar siúl gach bliain in Sydney le ceiliúradh a dhéanamh ar fhéiniúlacht an phobail aeraigh abhus. Insíonn Bearnaí Ó Doibhlin dúinn faoin imeacht spraíúil seo agus faoin mbaint atá ag an nGaeilge le stair an homaighnéasachais san Astráil.
»»»Úr te bruite! Tá éacht déanta ag [i]Beo![/i] agus ag a scríbhneoir céimiúil Balor. Seo chugaibh, a chairde, agallamh eisiach – as Gaeilge – le hIan Mór.
»»»Is creideamh cuibheasach nua é an Mormannachas. San alt seo, tugann Brian Ó Broin léargas suimiúil dúinn ar chúlra stairiúil na heaglaise seo.
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil.
Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.