Measann Christoph Wendler go bhfuil ciníochas an-chaolchúiseach le fáil na laethanta seo – sna meáin chumarsáide, mar shampla.
Sa mbliain 2007 tá idir chiníochas agus réamhchlaonadh in aghaidh daoine dubha fós sách coitianta inár sochaí. Ní shéanfadh éinne gurb amhlaidh atá an scéal, cé go séanfadh an chuid is mó de na daoine a luafá an t-ábhar leo go bhfuil siad féin réamhchlaonta in aghaidh daoine dubha. Tuige a mbeidís agus an-mheas acu ar James Brown (nach maireann) nó Michael Jackson? Cinnte, níl an ciníochas brúidiúil a léiríodh daoine tútacha trí leasainmneacha garbha ar nós nigger a thabhairt ar dhaoine dubha chomh forleathan is a bhí. Ach tháinig ciníochas eile ina áit, ciníochas atá i bhfad Éireann níos slítheánta.
Is cuimhin liom an lá a bhí mé féin agus mo chomhghleacaithe ag dearadh clúdaigh d’iris nua a bhí ag díriú ar scéalta ag baint le cineálacha éagsúla fuinnimh in-athnuaite, grianchumhacht, pumpaí teasa agus adhmad ina measc. Bhí dhá leagan ós ár gcomhair ar an scáileán agus ní raibh muid in ann cinneadh a dhéanamh cé acu a roghnóimis mar chlúdach oifigiúil. Tar éis tamaill, d’fhiafraigh muid de dhuine de na boic mhóra an mbeadh sé sásta comhairle a chur orainn. Bhí. D’fhéach sé ar an dá chlúdach agus i ndiaidh dó mionscrúdú a dhéanamh orthu chuir sé iallach orainn pictiúr beag a bhí ar an dá chlúdach a thógáil amach. Céard a bhí cearr leis an bpictiúr? Is éard a bhí le feiceáil air ná lámha duine dhuibh agus iad sáite i mála a bhí lán de mhillíní adhmaid. Thosaigh mo dhuine ag magadh faoina bhfaca sé agus dúirt gur chuir sé dáileadh amach bia san Afraic i gcuimhne dó. Ní raibh cead againn an pictiúr sin a úsáid. Is éard a chuireamar in áit an phictiúir chonspóidigh ná athair agus mac de bhunadh na hEorpa agus iad ar a sáimhín só cois tine – chuir sé sin bolscaireacht na Naitsithe i gcuimhne domsa. Sin sampla amháin den chiníochas dofheicthe nach féidir méar a leagan air. Tarlaíonn sé taobh istigh den oifig, faoi rún mar a déarfá, agus ní bheidh a fhios ag éinne tada faoi. Ní fios cé chomh forleathan is atá cinsireacht mar sin sna meáin chumarsáide, ach ní dóigh liom gurbh eisceacht an eachtra thuasluaite.
Feiniméan eile ná go nglactar leis nach bhfuil daoine dubha chomh cliste céanna is atá daoine geala. Ní tuairim imeallach í nach bhfaightear ach i measc lucht leanúna an Ku Klux Klan, ach tuairim a nochtann daoine éirimiúla de chuid na meánaicme chomh maith. Cúpla seachtain ó shin, casadh fear orm a raibh céim ollscoile sa gceoleolaíocht aige agus phléamar cineálacha éagsúla ceoil. Nuair a thrácht mé ar an snagcheol agus ar an dul chun cinn suntasach a bhí déanta ag snagcheoltóirí maidir le comhcheol, d’aontaigh sé liom. I rith an chomhrá, áfach, dúirt sé nach dtuigeann daoine dubha “ceol na hEorpa” (Mozart, van Beethoven agus Schönberg a bhí i gceist aige). Níl daoine dubha in ann, dar leisean, “ár gceol” a chasadh mar ní féidir leo smacht a chur orthu féin. Tháinig idir fhearg agus bhrón orm, ach b’fhánach an rud agam é féachaint le cur ina luí air go raibh dul amú air.
Leis an bhfírinne a rá, níor chuir dearcadh an fhir ró-iontas orm nó bhí a leithéid de bharúil cloiste agam go mion minic roimhe sin; go deimhin déantar talamh slán de i measc an aosa léinn. Clár teilifíse
Agus mé ag preabfhéachaint ar an teilifís ar na mallaibh, tháinig mé ar chlár faisnéise a bhí á chraoladh ag Arte, stáisiún a bhfuil clú agus cáil bainte amach aige as ardchaighdeán a chraoltóireachta. I measc rudaí eile, bhí an blue note i gceol daoine dubha na Stát Aontaithe á phlé ag ollamh ollscoile ar cheoleolaí é. Mhínigh sé don lucht féachana nár thuig na sclábhaithe Afracacha an scála Eorpach agus gur chuir siad nótaí eile isteach mar chúiteamh ar an easpa tuisceana. As sin, dar leis an ollamh, a d’eascair an blue note.
Tá an dearcadh seo sách coitianta ach dar le The New Grove Dictionary of Jazz (The Macmillan Press, athchló 1995) nach bhfuil an léamh seo cruinn óir “[...] they misrepresent the early blues scale as diatonic, whereas in practice it is a pentatonic scale [...]” (lch 120). Tá an scála peinteatónach ar fáil san Afraic le fada an lá agus tá seans ann gurbh í oidhreacht na hAfraice ba bhun leis an blue note a bheith ann inniu, seachas aithris bhacach ar an scála Eorpach.
Dála an scéil, is tréith lárnach den cheol Bluegrass é an scála peinteatónach chomh maith. Ceol traidisiúnta na Sléibhte Apaláiseacha is ea an Bluegrass. Ó cheol Ceilteach na hÉireann agus na hAlban a tháinig an scála peinteatónach sa gcás seo. Ach níor cuireadh riamh i leith mhuintir na nApaláiseacha nach raibh a n-éirim aigne feiliúnach chun an scála Eorpach a fhoghlaim.
Bíodh sin mar atá, lean an clár faisnéise ar aghaidh ag rá gurbh é an blue note údar gach saghas ceoil ar a dtugtar popcheol inniu. Ansin, bhí Prince agus Michael Jackson le feiceáil ar an scáileán agus iad ag rince go meidhreach. Ní raibh sa gclár faisnéise sin ach cruthú eile go ndéanann muid idirdhealú fo-chomhfhiosach idir daoine geala agus daoine dubha maidir leis an ról ba chóir dóibh a bheith acu inár sochaí. Is maith linn daoine dubha chúns atá siad ag rince agus ag casadh popcheoil, ach is le daoine geala gach a bhaineann le hintleacht agus le heolaíocht. Ní ciníochas oscailte brúidiúil é, ach is ciníochas mar sin féin é.
Rugadh agus tógadh Christoph Wendler i München, áit a bhfuil sé fós ina chónaí. Rinne sé staidéar ar an teangeolaíocht (Gearmáinis agus Béarla) agus ar chultúr agus stair Mheiriceá in Ollscoil München. Bhain sé céim MA amach i mí Feabhra 2001. Thosaigh sé a fhoghlaim na Gaeilge i mí na Samhna 1999.