Déanfar leacht i gcuimhne ar an phoblachtánach Colin Maguire as Learpholl, a fuair bás fiche bliain ó shin, i mBaile Átha Cliath ag tús na míosa seo. Féachann Tony Birtill siar ar shaol an fhir seo a raibh dlúthchairdeas aige leis.
Níor chuir an scéala faoin cheangal idir an UVF i dTuaisceart Bhéal Feirste agus an RUC iontas orm. “A culture of policing probably replicated elsewhere in Northern Ireland,” a dúirt Peter Hain ar an 22 Eanáir agus thiocfadh leis “agus i Sasana fosta” a rá mar go raibh ceangal idir an UVF i dTuaisceart Bhéal Feirste agus an UVF anseo i Learpholl; agus, mar a dúirt mé in Beo! cheana (Lúnasa 2006), bhí Merseyside Police ar nós cuma liom faoin UVF anseo ar feadh na mblianta fada, ach bhí cos ar bolg ar na poblachtánaigh i gcónaí.
Chreid cuid mhaith de na Poblachtánaigh gurbh iad an dream céanna iad an UVF, an RUC, Arm Shasana agus rialtas Shasana agus bhí an tuairim sin go láidir ag an óglach Colin Maguire. Nochtfar leacht ar uaigh Maguire (1956-1987) i Reilig Ghlas Naíon, Baile Átha Cliath, Dé Domhnaigh, 4 Feabhra ar 2.00 p.m. Beidh ócáid shóisialta ar siúl tar éis an tsearmanais agus beidh fáilte roimh chách.
Rugadh agus tógadh Colin i Learpholl agus fuair sé bás in ospidéal meabhairghalair Dhún Droma ar an 10 Deireadh Fómhair 1987, tar éis dó bheith aistrithe ansin ó Phríosún Phort Laoise dhá lá roimhe sin.
Bhí aithne mhaith agam féin ar Colin i Learpholl, áit a raibh sé gníomhach i bpolaitíocht na heite clé nuair a bhí sé ina dhéagóir, san fheachtas dlúthpháirtíochta le Vítneam, mar shampla.
“Ireland is England’s Vietnam” a dúirt an greamán sna 1970í agus thug Colin tacaíocht don Troops Out Movement (TOM), ag súil go bhfeicfeadh sé Arm Shasana ag fágáil slán leis na Sé Chontae sa dóigh chéanna ar fhág na Meiriceánaigh Saigon i 1975.
Ar ndóigh, ba thuairim chontúirteach í sin i Learpholl, áit a raibh a lán dílseoirí / faisistigh. Ach ba chuma le Colin faoi sin; bhí sé réidh le troid i gcónaí agus is minic go raibh muid “ar dualgas” le chéile i siopa leabhar de chuid na heite clé, News From Nowhere (www.newsfromnowhere.org.uk)/). Comharchumann ban a bhí agus atá ann, agus shíl na dílseoirí gur sprioc easca é. An Phoblacht an nuachtán ba mhó díol sa siopa, rud a chuir fearg orthu. Mar sin, ba ghnách le grúpa lads a bheith ina seasamh ar garda taobh amuigh. Déanta na fírinne, níor tharla rud ar bith an chuid is mo den am, agus bhí deis againn cupán caife a ól, na hirisí agus leabhair a léamh agus comhrá a dhéanamh le comrádaithe. Ach nuair a rinne na dílseoirí / faisistigh ionsaí ar an áit, thiocfadh leis a bheith fíochmhar, iad armtha le sceana, slabhraí agus a leithéid.
D’éirigh rudaí níos measa i lár na 1970í nuair a bhí borradh faoin National Front (NF) agus thosaigh siad ag déanamh ionsaí ar dhíoltóirí an Socialist Worker, ar an phríomhshráid, Church Street, maidin Dé Sathairn. Cé nach raibh muid inár mbaill den SWP (Socialist Workers Party) agus nár réitigh Trotskyists le Colin, bhíodh muid i láthair leis an fhód a sheasamh in aghaidh an namhad.
Ionsaí ar phóilín
Is cuimhin liom Dé Sathairn amháin nuair a bhí cambús ann, agus skinheads i ngach áit, gur bhuail Colin fear éigin agus gur thit sé go talamh. Bhain an fear raidió amach as a phóca agus scairt sé ón talamh: “I’m a police officer!” Bhain Colin na bonnaí as.
Dé Sathairn eile, bhí sé deas ciúin mar nár tháinig na faisistigh agus bhí mé féin an-sásta gan bheith ag troid leo, ach bhí díomá ar Colin. Shiúil muid ar ais i dtreo News From Nowhere, tríd an lucht siopadóireachta. Bhí scuaine mhór ag stad an bhus agus nuair a osclaíodh doras uathoibríoch an bhus cé a bhí ina sheasamh ansin, réidh le dul i mbun foréigin, ach skinhead agus suaitheantas de chuid an NF á chaitheamh aige. Rinne Colin ionsaí fíochmhar air ar an toirt agus thit an skinhead anuas ón bhus. Bhailigh muid linn go gasta.
Bhí Colin ina bhall díograiseach den TOM, ag díol an nuachtáin Troops Out sna tithe tábhairne Éireannacha agus ag dul síos go Londain gach mí Eanáir don mhórshiúl i gcuimhne Dhomhnach na Fola i nDoire i 1972. Bhí díomá air nach raibh níos mó daoine de chuid na heite clé gníomhach san fheachtas in aghaidh an chogaidh in Éirinn agus bhí sé ar aon intinn le Seamus Costello (1939-1977) nuair a mhol seisean “Broad Front” ag comhdháil an TOM i mí Mheán Fómhair 1976. Bhí Costello ina cheannaire ar an IRSP, grúpa a scar ó na Stickies i 1974, agus bhí meas mór ag Colin air. Chuaigh sé féin isteach san IRSP go gairid ina dhiaidh sin agus thosaigh sé craobh anseo i Learpholl. Ar ndóigh, bhí brón agus fearg ar Colin nuair a mharaigh na Stickies Costello i mBaile Átha Cliath i mí Dheireadh Fómhair 1977. De réir Vincent Browne, iareagarthóir na hirise Magill, ba é Jim Flynn ón IRA Oifigiúil ba chúis le bás Costello agus maraíodh é féin i 1982 agus Colin Maguire ar ais in Éirinn.
Iascaireacht agus poitín
D’oibrigh Colin in oifig an phoist i Learpholl, áit a raibh sé mar stíobhaird ceardlainne an cheardchumainn. Ag iascaireacht agus ag déanamh poitín an dá chaitheamh aimsire a bhí aige.
Nuair a toghadh Margaret Thatcher ina príomhaire i 1979, ba léir do Colin an treo a raibh an pholaitíocht ag dul i Sasana agus bhog sé go hÉirinn i 1980. D’fhill sé go Learpholl anois is arís. Ní raibh iontas orm é a fheiceáil i ngrianghraf ar phríomhleathanach An Phoblacht ar an 4 Márta 1982 ag iompar bhratach an Belfast H Block Armagh Committee. Bhog sé go Dún Dealgan i 1983, áit ar gabhadh é i mí Lúnasa 1984 agus gunna ina sheilbh aige, tar éis tóraíocht charr. Phléadáil sé ciontach sa Cúirt Choiriúil Speisialta agus gearradh príosún ocht mbliana i bPort Laoise air, áit a raibh sé i sciathán an IRSP.
Chuir muid nuachtáin de chuid na heite clé agus litreacha chuige ó Learpholl agus ba léir ó na litreacha a scríobh sé ar ais go raibh scoilt san IRSP. Bhí sé féin ar son “broad front” fós.
Thug mé cuairt air i mí na Nollag 1985, tar éis a lán maorlathais a bheith ann ón phríosún roimh ré. Bhí bairdéir ina shuí in aice linn, peann ina lámh aige, réidh le nótaí a scríobh. An chuma a tháinig ar a aghaidh nuair a thosaigh muid ag labhairt Scouse le chéile! Sa deireadh, chaith sé a pheann síos ar an tábla.
D’fhan mé cúpla oíche le cairde i mBaile Átha Cliath agus nuair a d’fhill mé ar ais go Learpholl fuair mé scairt ghutháin uathu ag rá gur thug an brainse speisialta cuairt orthu ag iarraidh eolais fúmsa. Ach bhí an t-eolas uilig acu roimh ré ó na foirmeacha a líon mé isteach do Ghobharnóir Phort Laoise, William O’Reilly. Dúirt na Gardaí leo fosta go raibh siad i dteagmháil leis an bhrainse speisialta i Sasana agus go mbeadh siadsan ag tabhairt “cuairte” orm. “They can make things tough over there,” a dúirt na Gardaí leo. D’inis mé an scéal do Bhreandán Mac Lua, eagarthóir The Irish Post, agus foilsíodh alt leis faoi sa nuachtán sin ar an 2 Feabhra 1986, faoin teideal “Sinister”.
D’fhág Colin an IRSP an mhí sin. “Well, the big news is that I have left the IRSP, completely finished with them. At present I am locked up for my own protection,” a dúirt sé liom i litir. Taobh amuigh, bhí fíoch san eagraíocht sin agus cuireadh bagairt bháis ar Colin. Bhí sé ina chillín aonair ar feadh i bhfad, áit a ndeachaigh a shláinte fhisiceach agus intinne in olcas. Fuair sé aistriú go sciathán na Sealadach i mí na Bealtaine 1986 agus tháinig biseach ar a shláinte ansin.
Cosc ar chuairteanna oscailte
Bhí aighneas idir na príosúnaigh agus na húdaráis nuair a cuireadh cosc ar chuairteanna oscailte. Dhiúltaigh na príosúnaigh cuairteanna dúnta, is é sin, le scáthlán eatarthu féin agus na cuairteoirí, gan cead acu lámh a leagan ar a chéile. Mar sin, ní raibh mé ábalta cuairt a thabhairt air i mí na Nollag 1987. Thart fá Lá Fhéile Pádraig 1987 a chuir sé a litir dheireanach chugamsa. Chuala mé óna bhean Maureen go raibh imní air faoin bhia sa phríosún – shíl sé go raibh nimh ann agus stad sé ag ithe go rialta agus ba léir óna iompar go raibh fadhb mheabhrach aige. Ach ba chuma leis na húdaráis faoi sin agus thug siad drochíde dó. Mar shampla, nuair nár iompar sé é féin i gceart, caitheadh sa bunker é, cineál doinsiúin atá acu i bPort Laoise. Chuaigh a shláinte in olcas arís agus d’aistrigh an Gobharnóir go Dún Droma é, áit a bhfuair sé bás. Bhí a bhás cineál ait, amhrasach fiú, agus bhí trácht air sna meáin chumarsáide, i Magill, mar shampla, i mí na Samhna 1987, faoi cheannteideal “Death in Dundrum”.
De réir an chróinéara i mí Feabhra 1988: “That death which took place on the 10th October 1987 was due to inhalation of gastric contents as a consequence of acute dilatation of the stomach due to starvation (self inflicted).”
Ach ní raibh a fhios agam féin, ag a bhean, nó ag duine ar bith eile go raibh sé ar stailc ocrais. Mar a dúirt Maureen Maguire sa *Sunday Tribune, *7 Feabhra 1988: “‘How can a man be allowed to starve to death in a prison without anyone noticing?’ She insists he died of neglect.”
In ainneoin na poiblíochta sna meáin agus an gearán a rinne Maureen, níor tharla rud ar bith - ní raibh fiosrúchán oifigiúil ann, mar shampla.
Agus anois, 20 bliain tar éis a bháis, cuirfear leacht ar a uaigh. Grásta Dé air.
Is de bhunadh Éireannach é Tony Birtill agus rugadh i Learpholl é. Bíonn sé ag obair le hOideas Gael i nGleann Cholm Cille gach samhradh.