Tá stair fhada shuimiúil ag Cill Rìmhinn, baile beag in oirthuaisceart na hAlban ar thug Liz Curtis cuairt air an fómhar seo caite.
Chuaigh mé go Cill Rìmhinn den chéad uair mí Mheán Fómhair seo caite agus caithfidh mé a rá go ndeachaigh sé i gcion go mór orm. Seanbhaile álainn atá ann agus an fharraige ar dhá thaobh de.
Cé go bhfuil sé as an bhealach – níl seirbhís traenach go dtí an áit, fiú – téann daoine ansin ó áiteanna i gcéin is i gcóngar. Téann neart mac léinn ann le freastal ar an ollscoil is sine in Albain. Téann na mílte turasóir ansin le cuairt a thabhairt ar na seanfhoirgnimh mheánaoiseacha agus ar na tránna fada gainmheacha. Téann daoine ann le béile blasta a fháil sna bialanna, nó le roinnt siopadóireachta a dhéanamh sna siopaí beaga agus earraí den chéad scoth a cheannach iontu.
Téann daoine ann go háirithe, ar ndóigh, le cluiche gailf a imirt. Tugtar “baile an ghailf” ar Chill Rìmhinn agus tá neart machairí gailf ann agus áiseanna éagsúla speisialta don dream sin. Tá iarsmalann ghailf san áit freisin, agus siopa ag díol éadaí dearthóra gailf.
Tá trí phríomhshráid sa tseanchuid den bhaile, a théann go dtí pointe amháin, an láithreán álainn eaglasta. Tá balla thart ar an láithreán, agus an fharraige agus an cuan taobh thiar de. Níl ach iarsmaí den ardeaglais ann anois, mar ionsaíodh sa Reifirméisean í, ansin chuaigh na foirgnimh in olcas. Ach tá na hiarsmaí an-suntasach ar fad agus tá sé furasta a thuigbheáil cé chomh tábhachtach a bhí an áit seo sa seanam.
Bhí ardeaglais ollmhór ann, a críochnaíodh agus a coisriceadh sa bhliain 1318 agus Raibeart Brus i réim. Bhí scrín Naomh Aindreas taobh thiar den ardaltóir.
Túr an-ardRoimhe seo, bhí ardeaglais eile ann, tiomnaithe do Naomh Rule nó Regulus. De réir an traidisiúin, thóg Naomh Rule taisí Naomh Aindreas anseo ón Ghréig. Tógadh an eaglais sa 12ú haois, agus tá an túr ann go fóill. Tá sé an-ard, agus chuir sé campanile Iodálach i gcuimhne dom. Is cinnte go mbíodh na hoilithrigh ábalta é a fheiceáil agus iad ar an fharraige, i bhfad ón áit. Is féidir dul suas an túr, agus deirtear go bhfuil radharc iontach ón bharr. Ní dheachaigh mise ann, áfach, mar ní maith liom bheith thuas ard!
Is cinnte go raibh séipéal nó mainistir níos luaithe fiú ann, sa Ré Luath-Chríostaí. Is dócha gur bhain an séipéal sin le hainm Gaelach an bhaile, Cill Rìmhinn. Fuarthas roinnt iarsmaí ón am sin ar an láithreán, sarcafagas Piochtach ina measc, atá le feiceáil san iarsmalann in aice leis an ardeaglais. Tá snoíodóireacht iontach air, a léiríonn radharcanna sealgaireachta agus an Rí Dáibhí ón Sean-Tiomna.
Tá neart áiteanna stairiúla eile le feiceáil i gCill Rìmhinn. Tá iarsmaí Chaisleán an Easpaig ann, agus seancholáistí atá mar chuid den ollscoil. Tá sceach ársa le feiceáil taobh amuigh de Choláiste Naomh Muire, agus deirtear gur chuir Máire, Banríon na hAlban, é.
Tháinig Máire go dtí an baile thart fá chúig huaire. Tá seanteach ann a dtugtar Teach na Banríona Máire air agus deirtear gur stop sí ansin. Tá an teach sin i seilbh scoile anois, ach is féidir cuairt a thabhairt air ag an deireadh seachtaine i mí Mheán Fómhair, nuair a bhíonn cead isteach saor in aisce go dtí a lán áiteanna suimiúla in Albain (www.doorsopendays.org.uk).
Ar an bhealach ar ais go Dún Éideann, thóg mé an bóthar atá in aice leis an chósta. Tá sraith sráidbhailte iascaireachta ann, Cathair Aile, ina measc, áit a bhfuil cuan gleoite. Tá cosán cois an chósta agus bhí cúpla duine ag siúl leo ansin. Caithfidh go raibh siad urrúnta go maith, mar bhí gaoth fhuar láidir ag séideadh ón Mhuir Thuaidh.
Is scríbhneoir agus grianghrafadóir í Liz Curtis, a bhfuil cónaí uirthi i nDún Éideann.