AR NA SAOLTA SEO/Ó MHEIRICEÁ ANIAR
Na chéad Sasanaigh i Meiriceá
Brian Ó Broin Brian Ó Broin Brian Ó Broin

Fuair Brian Ó Broin blaiseadh den saol i Meiriceá san ochtú haois déag nuair a thug sé cuairt ar Virginia le gairid.

Íomhá
Íomhá
Jamestown sa seachtú haois déag athchruthaithe sa lá atá inniu ann
Íomhá
Taobh istigh den teach pobail i James Fort
Íomhá
Duine de na haisteoirí i Williamsburg

Nuair a shéideann stoirm shneachta anuas ort ón tuaisceart i lár mí an Mhárta, is deas fios a bheith agat go bhfuil tú ag taisteal ó dheas. B’in mar a bhíomar ar an 15 Márta. Bhí na calóga ag titim go trom nuair a d’fhágamar sléibhte thuaisceart Nua-Gheirsí, ach seacht n-uaire an chloig níos déanaí, i Virginia, ní raibh ann ach báisteach shalach ag séideadh isteach ón bhfarraige go treallach.

Ba é Jamestown agus Williamsburg ár dtriall, na bailte Sasanacha is sine i Meiriceá, ar láithreacha oidhreachta anois iad do thurasóirí, suite ar an James River, a théann i bhfarraige i gCuan Chesapeake i Stát Virginia. Is beag áit atá fágtha i Meiriceá ina bhfuil iarsmaí ón seachtú haois déag, go háirithe agus cósta thoir Mheiriceá chomh plódaithe anois. Déanann Éireannaigh dearmad uaireanta, agus ár dtír chomh breac sin le láithreáin stairiúla, chomh haisteach is atá sé do Mheiriceánaigh tithe agus bailte a fheiceáil atá níos sine ná cúpla céad bliain.

Ós rud é gur léachtóir teangeolaíochta mé, is minic a chuirim an cheist “Cérbh iad na chéad Eorpaigh i Meiriceá?” ar mo mhic léinn, agus cár thángadar i dtír. Scaití freagraíonn siad gurbh iad na Sasanaigh na chéad Eorpaigh a bhain an áit amach. Uair amháin dúradh liom gurbh é Criostóir Colambas an chéad chainteoir Béarla i Meiriceá! Ní cheart a bheith fonóideach, ámh. I dtír chomh húr le Meiriceá, atá fós ag athrú go mór ó ghlúin go glúin, is beag béim a leagtar ar stair nuair atá pobal na tíre ag iarraidh ciall a bhaint go fóill as an ré ina bhfuil siad féin.

Ar ndóigh, níorbh iad na Sasanaigh na chéad Eorpaigh i Meiriceá. Déantar dearmad gurbh Iodálach é Criostóir Colambas, a bhí ag obair do Rí na Portaingéile, nuair a sheol sé trasna an Atlantaigh. Bhí Spáinnigh ag cur fúthu go buan in Florida ó 1565 amach, agus Francaigh ar abhainn San Labhrás (i gCeanada an lae inniu) ó 1535 amach.

Má thosaigh na Sasanaigh níos déanaí ná na tíortha coilíneacha eile, ámh, ghlacadar talamh maith, leathbhealach idir geimhrí sioctha Québec, agus samhraí brothallacha Florida. Lena cois sin, d’éirigh go maith le coilíneachtaí Shasana de réir mar a d’éirigh leis an máthairthír san Eoraip, agus i nDomhnach bhí Sasana ag éirí ní ba threise sa mbaile.

Tabhair amadán orm, ach bhíos ag súil le háit faoin tuath. Ar ndóigh, tá Virginia in ainm is a bheith i ndeisceart na Stát Aontaithe, agus tá Jamestown ar leithinis fhada idir dhá inbhear, ach má tá, is mór idir 1607 agus 2007. Níl Washington ach 150 míle ó thuaidh, tá an "tríbhaile" Newport News/Norfolk/Virginia Beach ceathracha míle soir ó dheas, agus ardchathair Virginia, Richmond, caoga míle siar. Tá mogalra bóithre timpeall agus thar Chuan Chesapeake anois a chuirfeadh bruachbhailte Bhaile Átha Cliath, méadaithe faoi dheich, i gcuimhne duit.

Más ea, is mór an iarracht a rinneadh ceantar Jamestown féin a choinneáil slán ó na forbróirí. Níl Williamsburg, iar-ardchathair Virginia, ach cúig mhíle ó Jamestown, agus é caomhnaithe anois mar bhaile stairiúil, agus cheannaigh an stát agus cúpla fondúireacht phríobháideach cuid mhaith den talamh mórthimpeall. Is aoibhinn an ceantar é dá bharr. Nuair a shroicheann tú Jamestown féin, níl le feiceáil ach foraois agus uisce, beagnach mar a chonaic na chéad áitritheoirí é.

Blianta tosaigh na SasanachTháinig Sasanaigh i dtír san Oileán Úr sna 1580í faoi cheannas Walter Raleigh. Cé gur éirigh leis na coilínithe seo baile beag a bhunú ar an gcósta, san áit a dtugtar South Carolina anois air, agus fanacht ann ar feadh bliain nó dhó, is cosúil go bhfuair na hIndiaigh an ceann is fearr orthu. Nuair a d’fhill Sasanaigh ar an áit i 1590, ní raibh oiread is duine fágtha.

Níor thriail Sasanaigh le cur fúthu san Oileán Úr arís go dtí mí na Bealtaine 1607, nuair a chuaigh trí bhád ar ancaire i Jamestown (ainmnithe, ar ndóigh, as Rí Séamas) sa talamh ar thug taiscéalaithe Sasanacha "Virginia" uirthi, i gcuimhne na Banríona Éilís I, a fuair bás i 1603. Is beag fáilte a cuireadh rompu nuair a thosaíodar ag tógáil a dtithe. Thógadar pailis i gcruth triantáin timpeall ar an mbailtín (bhí sé níos tapúla fál trí-rinn a thógáil ná ceann ceithre-rinn), agus ghlacadar seilbh oifigiúil ar an talamh nua seo in ainm a gcomhlachta (an Virginia Company, a bhí ag taiscéalaíocht in ainm Shasana), agus an Rí.

Tá cuid mhaith (agus fíorbheagán) le feiceáil san áit anois, atá fós á cuardach ag seandálaithe. Bhí an t-oileáinín i seilbh phríobháideach ar feadh trí chéad bliain, agus tógadh go leor ar an láthair ó shin i leith, ach is mór an méid a fuarthas ó ghlac Stát Virginia agus Seirbhís Náisiúnta na bPáirceanna seilbh ar an áit ó 1907 amach. Go deimhin, níor thángthas ar láthair an dúin féin go dtí 1994! Anois, agus obair sheandálaíochta fós ag leanúint ar aghaidh, tá músaem tógtha ag na húdaráis ag taispeáint cuid den mhilliún (nó mar sin) iarsmaí a fuarthas i dtalamh ansin ó thosaigh an obair chaomhnaithe. I measc na n-iarsmaí tá creatlach duine de na coilínithe a lámhachadh le piostal, agus giuirléidí beaga a thóg na coilínithe leo ó Shasana.

Tá iarracht déanta ag na húdaráis fál a thógáil ar dhéanamh an tseanchinn thriantánaigh agus tá séipéal ar an láthair a bhfuil a thúr ó 1637, ach thug mé suntas don bhratach a bhí ar foluain os cionn na pailise - an Union Jack féin, gan tásc na tuairisc ar bhratach Mheiriceá. Ar ndóigh, is iarracht é seo cur leis an réaltacht, agus éiríonn leis mar sheift. Ar feadh cúpla uair an chloig is féidir leat a shamhlú gur taiscéalaí Sasanach thú i dtír úrnua gan timpeall ort ach foraois agus treibheanna Indiacha.

Níos aistí fós, ámh, is ea "Colonial Williamsburg", an baile oidhreachta cúig mhíle ó Jamestown. Bhog ardchathair Virginia ansin i 1699 tar éis cúpla tine thubaisteach a scrios an seanbhaile. Is beag de Williamsburg, taobh amuigh de teach an phobail, atá chomh sean sin, ach cheannaigh fondúireacht phríobháideach an baile suas ó na 1920í amach, agus é mar sprioc acu an baile a chaomhnú mar mhúsaem.

Agus tá éirithe go seoigh leis an bplean. Nuair a shroicheann tú an t-ionad léirithe ar bhóthar nach bhfuil le feiceáil uaidh ach crainn, ní mór duit páirceáil agus siúl thar dhroichead a théann isteach go lár baile a bhreathnaíonn díreach mar a bhreathnaigh sé (is cosúil) i 1775. Atógadh teach an ghobharnóra le hábhar a ceannaíodh ó Shasana agus le seandachtaí barántúla ón am. Níl ach créafóg sna sráideanna, agus, ar ndóigh, tá an baile dúnta do gach saghas tráchta ach capaill. Ach an rud is aistí faoin mbaile seo ná nach bhfuil sé folamh – tá grúpa beag aisteoirí a shiúlann thart i bhfeisteas an ama ag ligean orthu gurb é an bhliain 1775 é.

"Fáilte romhat go Williamsburg," arsa seanfhear liom, blas seanársa Shasana ar a chuid cainte, tar éis bheith ag éisteacht liom ar chúla téarmaí. "Is cosúil go bhfuil tú tagtha díreach ónár máthairthír. Cén chaoi an bhfuil an Rí Seoirse?"

Ná bac nach Sasanach mé. Ach tá cleachtadh agam ar Mheiriceánaigh bheith ag déanamh an bhotúin seo.

Chuir mé i gceart é, ach níor chuir seo as dó in aon chor.

"Éireannach! A dhuine bhoicht! Bhuel, guífimid ar son d’anam agus anamacha do mhuintire."

Agus ar aghaidh leis.

Bhí grúpa ban ina hugar-mugar os comhair an tsiopa.

"Tá an tUasal Franklin ag rá nach bhfuil an nuacht go maith as Londain," arsa duine acu.

"Go deimhin," arsa duine eile. "Tá an Ginearál Washington ag tionól airm, is cosúil."

Bhreathnaíodar orainn go hamhrasach agus bhuaileadar ar aghaidh.

Drámaíocht mhaith ab ea é. Cinnte mheallfaí na turasóirí.

Ceol aisteachBhíomar ag plé éifeacht na n-aisteoirí nuair a tháinig ceol aisteach ó bharr na sráide. An raibh Printísigh Dhoire ag máirseáil?

Ní raibh. Banna ceoil fífe agus druma a bhí ann, rud a cheanglaíonn Meiriceánaigh le haimsir na réabhlóide. Máirseálann siad gach lá ag meán lae trí lár an bhaile, agus go deimhin ba bheag idir a gceol agus lucht an dóú lá déag de mhí Iúil i dTuaisceart Éireann.

Ní hiad aisteoirí an bhaile an t-aon rud barántúil, ámh. Tá gréasaithe, poitigéirí, siúinéirí, gaibhne geala, óir, agus dubha, agus eile, i mbun a gceirde sa bhaile seo díreach mar a bheadh siad sa bhliain 1775. Ní aisteoireacht é seo ach oiread. Traenáladh na ceardaithe seo i gceart le printíseacht agus ranganna, agus oibríonn siad sna postanna seo go lánaimseartha. Is féidir leat cuairt a thabhairt ar na ceártaí agus na siopaí agus a n-obair a phlé leo.

I ngach teach bhí aisteoir éigin a raibh scéal suimiúil le n-insint aige nó aici faoin saol mar a bhí, agus cé go raibh mé fuar orthu ar feadh tamaill, d’éirigh leo teacht timpeall orm lena mblúirí beaga staire.

D’fhear anaithnid a thabharfaidh mé an focal deireanach, ámh. Agus é gléasta in éadach an ama, tháinig sé aníos chugam agus rug greim ar bhinn mo chóta.

"Is maith liom leathar do chóta," ar seisean. "Ar leatsa an bhó?"Tá Brian Ó Broin ag obair i Roinn an Bhéarla in Ollscoil William Paterson i Nua-Gheirsí áit a bhfuil sé ag plé leis an teangeolaíocht, Léann na Meánaoiseanna agus an Léann Éireannach. Is as cathair na Gaillimhe ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.