Chuir seachtain a chaith Tony Birtill ag dreapadh san Iorua an mhí seo caite ag smaoineamh é ar an chontúirt a bhaineann leis an chaitheamh aimsire sin.
Chaith mé seachtain i mbun dreapadóireachta geimhridh san Iorua i mí an Mhárta. Is é an rud atá i gceist ná dreapadóireacht ar easanna reoite, ag baint úsáide as crampáin agus piocóidí oighir.
Ba ghnách linn dul go Garbhchríocha na hAlban don chaitheamh aimsire seo, ach mar gheall ar an téamh domhanda níl oiread oighir sa tír sin is a bhí deich mbliana ó shin.
Agus oighear na hAlban ag dul i léig, thosaigh an scéal ag scaipeadh i measc na ndreapadóirí go bhfuil tréan oighir i Rjukan, baile atá suite i lár na hIorua, 150 ciliméadar ó Osló. Foilsíodh an treoirleabhar Heavy Water, le Jon Haukassveen agus Tom Atle Bordevik, i mí na Nollag 2005 (www.rockfax.com) agus bíonn na céadta ag taisteal soir ó thuaidh, ó Nollaig go Márta, agus cóip ina lámh acu.
Tá grád “Winter Ice” (WI) ar an chuid is mó de na hoigheareasanna sa treoirleabhar, ó WI 1 (éasca) suas go WI 7 (foircneach), chomh maith le comhairle faoi threalamh, an aimsir, éigeandálaí agus stair na háite.
Tá Rjukan suite i limistéar Telemark. Tá scannán Kirk Douglas The Heroes of Telemark feicthe ag go leor daoine agus, mar sin, bheadh a fhios acu chomh tábhachtach is a bhí an ceantar seo do na Naitsithe agus iad ag déanamh “uisce trom” le haghaidh buama adamhaigh ag Ionad Vermork i Rjukan.
I mí Feabhra 1943 thuirling grúpa saighdiúirí Ioruacha, le cuidiú an RAF, ar an Hardangervidda, an t-ardchlár sléibhe is mó sa Eoraip (150 míle trasna), atá ó thuaidh ó Ryukan. Bhuail siad suas le sabaitéirí áitiúla a bhí i bhfolach ansin cheana féin agus chuaigh siad síos go Vermork, áit a chuir siad buamaí. Scriosadh an t-ionad agus d’éalaigh na sabaitéirí. Sciáil cuid acu trasna na sléibhte go dtí an tSualainn agus chuaigh an chuid eile i bhfolach ar an Hardangervidda go dtí deireadh an chogaidh, cé go raibh 3,000 Gearmánach sa tóir orthu.
Tá nasc láidir idir an Iorua agus Arm na Breataine ó shin agus bíonn na mílte saighdiúir ag traenáil sna sléibhte ansin gach bliain. Deirtear gurbh iadsan a bhí ar thús cadhnaíochta ag dreapadh ar an oighear i Rjukan.
Seal in Vestfjorddalen Chuaigh dáréag againn anonn trasna ó Learpholl agus bhuail muid le cairde Albanacha agus Éireannacha ansin.
Is gleann fada, cúng, domhain é Vestfjorddalen, thart 20 ciliméadar ar fhad, agus tá bailte mar Rjukan suite in aice leis an phríomhbhóthar. Go deimhin, tá sé cosúil le dorchla dorcha, ábhalmhór agus bíonn ceiliúradh speisialta ar siúl i mí an Aibreáin nuair a thaitníonn an ghrian ar lár Rjukan den chéad uair sa bhliain. Nuair a bhíonn ceo ann, mothaíonn tú go bhfuil tú gafa sa ghleann, agus sin mar a bhí sé an chéad cheithre lá agus sinne ansin. Ach ba chuma liom ar dtús – bhí muid dírithe ar an dreapadóireacht oighir.
Tá cúpla oigheareas ann, mar shampla Ett konstverk ar ett korn av naturen sedd genom ett temperament (WI 5), atá suite in aice leis an bhóthar agus is féidir leat páirceáil in aice leo. Ach an chuid is mó den am, caithfidh tú dreapadh síos bruach abhann agus go minic dul trasna abhann reoite le bun an oigheareasa a bhaint amach.
Sin mar a bhí sé nuair a chuaigh muid go Vermork. Cé go raibh crampáin agus clogaid orainn agus piocóid oighir inár lámha, bhí sé deacair go leor dul síos. Nuair a chonaic muid deora fola thart timpeall bhí a fhios againn go raibh sé contúirteach.
Lean muid na deora trasna na habhann go Vermorkbrufoss Vest (WI 5), áit ar bhuail muid le hAlbanach a bhí gortaithe san éadan, in ainneoin clogad a bheith air. Cé gur iarshaighdiúir a bhí ann, ní raibh aon fhearas garchabhrach aige agus thug mé féin garchabhair dó.
Chuaigh Jamie chun tosaigh ar an oigheareas seo. Cuireann an ceannaire oighearscriúnna ann nuair a dhreapann sé suas agus ceanglaíonn sé an rópa orthu mar chosaint. Déanann an dara duine (nó cuiditheoir) ancaire don cheannaire ag an bhun agus nuair a bhíonn an ceannaire slán ar an bharr, téann sé suas ar an rópa, ag baint na n-oighearscriúnna amach de réir mar a théann sé suas.
Bhí Lyndsay Mackintosh as Glaschú ar mo thaobh clé, ag déanamh ancaire do Keith. Bhain Jamie agus Keith an barr amach ag an am chéanna agus mar sin thosaigh mé féin agus Lyndsay ag dreapadh suas le chéile, agus b’fhéidir cúig mhéadar eadrainn. Ceathrú bealaigh suas, lig Lyndsay scread aisti, agus ba léir go raibh sí i bponc. "Are you OK?" a scairt mé léi. "Yes," arsa sise, agus í ag caoineadh.
Bíonn cumarsáid deacair i gcónaí idir dreapadóirí, ach sa deireadh d’éirigh linn cur in iúl do Keith gur ghá dó Lyndsay a ligean anuas. Bhí mé ag iarraidh dul síos chuici le cuidiú a thabhairt di, ach dúirt sí liom go mbeadh sí ceart go leor. D’amharc mé uirthi ag dul síos, agus nuair a bhí sí ar an talamh, scairt mé léi go raibh fearas garchabhrach i mo mhála ansin.
Má stadann tú ar an oighear, éiríonn tú reoite go tapaidh, agus sin mar a bhí mé féin. Níos measa fós, i rith na gearchéime rinne mé dearmad scriú amháin a bhaint amach agus b’éigean dom dreapadh síos le hé a fháil. Bhí mé traochta nuair a bhain mé an barr amach.
Thíos ar an talamh, fuair mé amach ó Lyndsay gur bhris bior seaca nuair a chuir sí a piocóid oighir taobh thiar de agus gur bhuail sé sa tsrón í. Chuir sé néal uirthi agus bhí sí ag cur fola. Ní raibh fhios aici cé chomh holc is a bhí sí gortaithe go dtí gur thóg sí grianghraf di féin lena fón póca nuair a bhí sí ar an talamh.
Ní raibh cuma ródhona uirthi sa ghrianghraf, ach an lá dár gcionn bhí dhá shúil dhubha aici. Ach, mar a bheifeá ag súil ó fhíor-Albanach, bhí sí amuigh ar an oighear linn arís!
An sliabh is airdeLá deas geal a bhí ann an cúigiú lá agus bhí mé ag iarraidh dul suas Guastatoppen (1883m), an sliabh is airde in Telemark, leis an cheantar álainn seo a fheiceáil. Ach ní raibh fonn ar dhreapadóir ar bith eile dul suas. Níor chuir sin iontas orm mar ní maith le cuid mhaith de na dreapadóirí a bheith ag siúl suas na cnoic gan chúis.
Bhí réamhaisnéis na haimsire go maith don lá dár gcionn (Déardaoin) agus chinn mé ar dhul suas Guastatoppen i m’aonar. Moltar do shléibhteoirí gan dul ar thuras aonair; má bhíonn timpiste agat, beidh tú leat féin. Ach an lá deireanach san Iorua a bhí ann agus an seans deireanach an radharc – an séú cuid den Iorua, de réir an treoirleabhair – a fheiceáil.
“You’ll never make it without snowshoes. Only cross country skiers can get up there in winter” – b’in na tuairimí a chuala mé ó chairde an mhaidin sin. Caithfidh mé a admháil go raibh sé an-deacair dul suas, agus ní fhaca mé duine ar bith eile ach b’fhéidir seisear sciálaithe i rith an lae. Bhain mé an barr amach ag 4 p.m. agus bhí mé i m’aonar thuas. Bhí an radharc go hálainn i ngach treo, ach go mór mhór an Hardangervidda. Bhí cuma chaomh ar an ardchlár sléibhe sin, gan leid ar bith go mbeadh tubaiste air an lá dár gcionn.
Triúr Albanach a bhí ann ó Inbhirnís: iarshaighdiúir, Jim Ross (50), Rupert Wilson (47), agus mac Rupert, Peter (18). Bhí siad ar thuras sciála 26 ciliméadar ar an Hardangervidda nuair a d’athraigh an aimsir. Ní raibh siad ábalta dídean a fháil agus chonaic Rupert Wilson a mhac agus a chara ag fáil bháis sa ghaoth agus sneachta roimhe. Bhí an t-ádh air nár maraíodh é féin ach de sheans bhí patról de chuid Chrois Dhearg na hIorua ag dul thar bráid agus shábháil siad é.
Níor tháinig scéal na tubaiste amach go dtí Dé Domhnaigh, nuair a bhí muid ar ais i Learpholl slán sábháilte agus ní raibh rud ar bith mar sin ar m’intinn nuair a thosaigh mé ag teacht anuas ó Gaustatoppen. Chuir mé scairt ar mo chairde ar mo ghuthán póca le cur in iúl dóibh go raibh gach rud ceart go leor, focail dheireanacha cháiliúla, mar a deir an Béarla, mar cúpla bomaite ina dhiaidh sin thit mé i muc shneachta. Tháinig mé slán aisti i ndiaidh streachailte agus lean mé ar aghaidh go dtí an bun.
Sin mar a bhíonn sé sna sléibhte áille sa gheimhreadh - bomaite amháin bíonn tú ar bharr na gaoithe agus an chéad bhomaite eile bíonn tú ag streachailt leis an saol. Is de bhunadh Éireannach é Tony Birtill agus rugadh i Learpholl é. Bíonn sé ag obair le hOideas Gael i nGleann Cholm Cille gach samhradh.