Thapaigh Balor an deis roinnt cruacheisteanna a chur ar cheannairí na bpríomhpháirtithe polaitíochta i mí seo an olltoghcháin.
Tá Balor ag súil agus ag dréim agus ag dúil leis an spórt fola is déistiní agus is samhnasaí agus is fuiltí dá bhfuil ann, a léitheoirí dílse. Tá an spórt seo níos fraochta i bhfad ná an happy slapping, níos forniata ná cluiche ceannais idir Glasgow Rangers agus Glasgow Celtic, agus níos fíochmhaire ná Mr White agus Mr Pink ó na Reservoir Dogs. Níl Cogadh na hIaráice ach in áit na leathphingine le hais an spóirt seo. Agus cén spórt atá i gceist ag Balor Bladhmannach? Cén spórt eile ach an tOlltoghchán?
Chuaigh Laoch na Litríochta chun cainte leis an bheirt is mó le rá de na ceannairí polaitíochta, féachaint cén dearcadh atá acu féin ar an spórt náisiúnta seo, agus cad é a bhí le rá acu faoi na feachtais toghchánaíochta a bheadh dá stiúradh acu féin. Chuir sé agallamh ar dtús ar an Taoiseach, Parthalán Ó Hernia, agus d’fhiafraigh sé de cad chuige nár chuir sé a sheanchara dílis Liamó Fitzo ar an ticéad i ndáilcheantar Bhaile Átha Cliath Thoir Thuaidh, mar a gheall sé dó go sollúnta agus go poiblí agus go dotharraingtsiarach aimsir an olltoghcháin dheiridh:
“Bhuel, a Bhaloir, loike, ya know, caithfidh mé mo chos is fearr a chur chun tosaigh chun an lámh in uachtar a fháil ar an dream eile, agus ní mór dúinn ar fad seasamh gualainn le gualainn, ár dtóin leis an ghaoth agus ár mbolg leis an fharraige chun ár gcloigeann a choinneáil os cionn uisce agus ár srón a fháil thar an líne ar dtús... ar mhaithe leis an pháirtí agus ar mhaithe le muintir na hÉireann agus go háirithe ar son na síochána sa Tuaisceart agus sa Mheánoirthir...”
“Ach, a Thaoisigh, tá muid ag caint faoi Bhaile Átha Cliath,” a mheabhraigh Balor dó.
“Ó nach maith atá a fhios agam sin, a Bhaloir; is faoi sin atá mé ag caint – faoin tsíocháin a choinneáil thart ar Thuaisceart agus ar Mheánoirthir Bhaile Átha Cliath. Sin a bhí i gceist agam, loike, ya know. Tá an fecker sin Roddy Doyle ag déanamh fortúin as trioblóidí an cheantair sin agus tá an chuid eile againn ag íoc go daor as, loike ya know.
“Agus chomh maith leis sin, a Bhaloir, níl an saol mar a bhíodh sa dáilcheantar sin cúpla bliain ó shin nuair a dúirt mé le Liamó go mb’fhéidir gurbh fhéidir go mbeadh féidearthacht ann go bhfaigheadh sé ainmniúchán dá mbeadh sé ina ghasúr maith – rud nach raibh. Tá an áit lán multinationals anois – ón Áis agus ón Rúis agus ón Afraic, agus fiú ó áiteanna níos faide i gcéin, ar nós na hEastóine agus na Polainne, so it is. Agus má tá muid ag súil le vótaí ó dhaoine aisteacha mar sin – gabh mo leithscéal, I mean ó dhaoine iasachta mar sin – bhuel is daoine aisteacha a chaithfear a thabhairt dóibh mar iarrthóirí. Tá Mickey Woods aisteach go leor... I mean aistreach go leor... I mean aosta go leor... I mean iasachtach go leor. Agus sa bhreis air sin tá sé iontach mór leis na mná mí-rialta. Agus tá sé mar rogha na coitiantachta chomh maith, so he is. So there.”
Dhírigh Balor isteach ansin ar dhearcadh an Taoisigh i leith na Gaeilge agus b’aisteach leis an méid a fuair sé amach:
“Arú, a Bhaloir, is grá liom an Ghaeilge agus is maith liom bheith ag caint i nGaeilge agus ag smaoineamh i nGaeilge agus ag ordú piontaí i nGaeilge. Cuir ceist ar dhuine ar bith istigh i dTigh Fagans. Tá a fhios acu siúd ar fad cén shout a bhíonn agam gach oíche ann: ‘How’ya Mick? Dhá phionta Bás, le do thoil, garçon!’ – agus ós ag caint dúinn ar chúrsaí báis, is breá liom Cónra na Gaeilge chomh maith, ya know loike, agus ba mhaith liom bheith istigh sa Chónra lá éigin, nuair a bheidh am agam. Tá mé cinnte go ligfidís mé isteach mar thug mé breis agus fiche milliún do Chumann Lúthchleas Gael agus tá siad siúd ar fad sa Chónra freisin. Is maith leo an Ghaeilge chomh maith liomsa, ach ní maith leo an Ghaeilge chomh mór liomsa, má thuigeann tú mé, a Bhaloir, so they don’t. D’ya know loike?”
Bhí ceist nó dhó ag Balor Béalchliste Beageaglach ar Enda Aoibhiúil Aoibhinn fosta, so he had, agus thosaigh sé amach le ceist chrua mar gheall ar chúrsaí na Gaeilge agus mar gheall ar chúrsaí as Gaeilge. D’fhiafraigh sé de, suas lena bhéal, an raibh aon mheas aige ar an Ghaeilge, agus seo mar a d’fhreagair Enda:
“Ó a Bhaloir, a chara, is mór is fiú do chách meas a bheith acu ar an Ghaeilge, nó is í teanga ár sinsir í, gan dabht, gan amhras, gan bhréag, gan aon agó. Rugadh Íosa Críost i mBeithil fadó... I mean rugadh agus tógadh mé i gContae Mhaigh Eo. Is breá liom an Ghaeilge agus is breá liom muintir na Gaeilge agus is breá liom saol na Gaeilge agus litríocht na Gaeilge agus gramadach na Gaeilge agus litriú na Gaeilge...”
“Ach, a Éanna, a chara, cad é mar gheall ar an Ghaeilge a bheith éigeantach? Tá a fhios ag an saol mór go ndúirt tú nár chóir an Ghaeilge a bheith éigeantach don Ardteist,” a mhaígh Balor Ballchreathach.
“Ó a Bhaloir, a chara mo chroí,” a d’fhreagair Enda Aoibhiúil Aoibhinn, “ní hé sin a dúirt mé ar chor ar bith. Ní raibh sa tuairisc sin ach bréag bhréan ó bhréantachán éigin de chuid Fhianna friggin’ Fáil. Níorbh é an focal éigeantach a d’úsáid mé ar chor ar bith, i ndáiríre píre, ach éiginnteacht. Agus is féidir leatsa, a Bhaloir chóir, é sin a mhíniú do Dháithí Mac Cárthaigh agus do Ghearóid Ó Cairealláin agus fiú do Nollaig Ó Gadhra, mura miste leat. Is é a dúirt mé nár chóir go mbeadh aon éiginnteacht ag baint le todhchaí na Gaeilge ná le húsáid na Gaeilge ná le ról na Gaeilge ná le feidhm na Gaeilge... ach amháin dóibh siúd atá glan in éadan úsáid na Gaeilge, nó tá vótaí – I mean cearta – acu sin fosta – ach ní gá duit é sin a chur ar a súile don Chárthach ná don Chaireallánach ná don Ghadhar féin ach oiread. Tá mé cinnte go dtuigeann siad an méid sin gan mise ná tusa á chur i gcuimhne dóibh, so they do. Next!”