AR NA SAOLTA SEO/MÓR-CHEIST NA MÍOSA
Jeannie Robertson: bean den lucht siúil a bhain cáil mhór amach
Liz Curtis Liz Curtis Liz Curtis

Tá Liz Curtis an-tógtha le cuid amhránaíochta Jeannie Robertson, an t-amhránaí Albanach a fuair bás breis is tríocha bliain ó shin.

Íomhá
Jeannie Robertson agus í ceithre bliana is ficheLe caoinchead School of Scottish Studies Archive
Íomhá
Lucht siúil i ngort sméar ag Blàr Gobharaidh i 1956Le caoinchead School of Scottish Studies Archive

Tháinig mé ar amhránaí traidisiúnta Albanach den chéad scoth le déanaí. Jeannie Robertson an t-ainm a bhí uirthi agus rugadh í chóir a bheith céad bliain ó shin, ar 21 Deireadh Fómhair 1908. Agus í sna daichidí, bhain sí clú agus cáil amach mar amhránaí agus chuaigh sí go mór i gcion ar amhránaithe óga. Deir an t-amhránaí mór le rá Dick Gaughan go raibh Robertson ar an amhránaí is fearr dá chuala sé riamh ag canadh bhailéid chlasaiceacha na hAlban.

Ba dhuine den lucht siúil í Jeannie. Thaistealaíodh teaghlach s’aici suas síos na gleannta i gcarbhán le linn an tsamhraidh, ag díol earraí le muintir na háite. Ansin chaithidís an geimhreadh i dteach in Obar Dheathain.

Maria Stewart an t-ainm a bhí ar mháthair Jeannie. Bean láidir a bhí inti, a bhí breá ábalta troid a dhéanamh le mná eile. Amhránaí den scoth a bhí inti. Donald Robertson an t-ainm a bhí ar a céad fhear, a raibh cúigear páistí aici leis, Jeannie ina measc. Thóg Maria cúram iomlán na bpáistí uirthi féin. Ba shaighdiúir agus píobaire an-mhaith é Donald agus duine rábach dathúil a bhí tógtha leis an ól. Fuair sé bás i dtimpiste nuair nach raibh ach 38 mbliana slánaithe aige. Ansin phós Maria arís, agus tháinig beirt pháistí eile ar an saol.

Thosaigh Jeannie a fhoghlaim na hamhránaíochta agus í an-óg. D’éist sí lena máthair, a seanathair agus a haintíní agus le daoine muinteartha eile. Go minic agus cuideachta ann, d’iarrtaí uirthi amhrán a rá.

Bhí scéalaíocht, amhránaíocht agus gach saghas ceoil – an phíb mhór, cairdíní agus orgáin bhéil – mar chuid den saol laethúil agus daoine ina suí thart ar an tine champa nó sa teach. Gach samhradh, thagadh scata mór daoine le chéile ag Blàr Gobharaidh le sméara a bhaintsaothraítear sútha craobh agus sútha talún agus torthaí eile sa cheantar sin – agus an-deis a bhíodh ann le céilithe a chur ar siúl agus ceol a sheinm.

Agus Jeannie naoi mbliana déag d’aois, d’éalaigh sí le Donald Higgins, ar phíobaire den scoth é, ach nach raibh sláinte mhaith aige. Bhí mac acu, Jeemsie, a fuair bás den mheiningíteas agus é ocht mbliana d’aois. Bhí iníon acu, Lizzie, a raibh amhránaíocht an-mhaith aici agus bhain sise clú agus cáil amach freisin.

Is cosúil gur bhain Jeannie úsáid as sloinne a máthar, Stewart, go dtí gur phós sí agus ansin d’úsáid as sloinne a fir, Higgins. Ba é Hamish Henderson, an bailitheoir amhráin traidisiúnta, a mhol gur cheart di Robertson, sloinne a hathar, a úsáid. Shíl Henderson go raibh an t-ainm sin níos fóirsteanaí d’amhránaí traidisiúnta Albanach.

Cumasach agus féinmhuiníneachBa dhuine cumasach féinmhuiníneach í Jeannie. Ó bhí sí óg, bhí sí ag díol earraí sna gleannta, ag obair sna goirt sméar, agus ag baint lín. Bhí sí ábalta an fód a sheasamh nuair a bhíodh na póilíní ag ciapadh a teaghlaigh.

Bhí Jeannie thart fá chúig bliana is daichead d’aois nuair a tháinig an bailitheoir Hamish Henderson go dtí doras s’aici in Obar Dheathain. Bhí tuirse ar Jeannie, ach sa deireadh lig sí isteach é, agus i ndiaidh tamaill thosaigh sí ag rá amhrán. Chuir a cuid amhránaíochta Hamish faoi dhraíocht agus lean sí ar aghaidh go dtí dó a chlog ar maidin.

Rinne Hamish Jeannie a thaifeadadh agus craoladh na taifeadtaí ar an raidió. Bhí athbheochan mhór ar siúl sa cheol tíre sna Stáit Aontaithe agus san Eoraip ag an am, agus tháinig neart bailitheoirí agus amhránaithe óga go teach Jeannie. Dúirt sí amhráin de shaghsanna éagsúla, bailéid mhóra, amhráin ghrinn agus amhráin ghrá ina measc.

Fuair Jeannie roinnt mhaith iarratas le hamhráin a chanadh i gclubanna ceoil tíre agus i gceolchoirmeacha agus rinne sí roinnt ceirníní, ach níor shaothraigh sí mórán airgid.

Bhí clú agus cáil ar Jeannie anois agus sa bhliain 1968 bronnadh an onóir MBE uirthi. Thaifead an BBC clár speisialta leis an ócáid a cheiliúradh. Ba í an chéad duine den lucht siúil ar bronnadh an bonn sin air. Ach ní raibh an tsláinte go maith aici; bhí diaibéiteas agus morgadh uirthi, agus fuair sí bás sa bhliain 1975 agus gan í ach sé bliana is seasca.

Anois, tá dlúthdhiosca ar fáil de chuid amhrán Jeannie. The Queen Among the Heather an teideal atá air agus is iad Rounder Records a d’eisigh é. Amhráin a bhailigh an bailitheoir clúiteach Meiriceánach Alan Lomax atá i gceist. Idir na hamhráin tá píosaí beaga comhrá idir Lomax agus Jeannie. Má tá suim agat inti, is fiú amharc ar shuíomh gréasásin Dick Gaughan (www.dickgaughan.co.uk), áit a bhfuil píosa álainn eolasach in ómós di ar fáil.

Is scríbhneoir agus grianghrafadóir í Liz Curtis, a bhfuil cónaí uirthi i nDún Éideann.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.