
Ba bheag a bhí idir na páirtithe polaitiúla san olltoghchán deireanach i 2007. Samhlaíonn Breandán Delap cad a tharlódh dá mba ea gur Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre a bhí i gcomhrialtas.
»»»Tá pobal SAM oibrithe go fraochta faoin gcaoi ar crochadh uathu go dleathach agus go coiriúil araon, an saibhreas a shaothraigh siad le blianta roimhe seo. Smachtú agus rialú géar a bheas i bhfeidhm feasta dar le Brian Ó Broin.
»»»Is iomaí cineál mionlaigh ar an saol, ach is tearc mionlach chomh líonmhar leis na Dalit in oirthear domhain. Ní go maith a caitheadh leo leis na cianta cairbreacha. Tá a scéal ag Alan Desmond.
»»»Tá Ciarán Mac Aonghusa den bharúil go mbéarfaidh imeacht John Paul Stevens ar scor as Cúirt Uachtarach SAM deis do Barack Obama an chúirt a dhéanamh níos cothroime.
»»»Ní aontaíonn Donncha Ó hÉallaithe leo siúd a chreideann gur tubaiste a bhéas ann má chuirtear deireadh le Gaeilge éigeantach sa gcóras oideachais.
»»»Síleann Maidhc Ó Cathail gur fada atá an t-úll ón úllord ag Meiriceá agus iad ag síneadh na méire le gach éinne eile ach leo féin nó lena gcomhghuaillithe.
»»»Thig níos mó dochar ná sochar a dhéanamh le iarracht ar leathmhaing, de cheal ionchur eolais ó mhuintir na háite agus ó mhuintir na hearnála. Ní mó ná sásta atá Tony Birtill le tuairisc a foilsíodh ar Shliabh a Liag.
»»»Ní hé an geilleagar a Amadáin, ach is é an Aontacht é! Tá Robert McMillen den bharúil gur chuir toghchán na Mainistreach Iartharaí an biorán suain ann féin agus i mórán daoine eile.
»»»Tá an Astráil ag athrú ina leagan amach cumachta agus freagrachta ón rialtas láir/náisiúnta anuas go dtí na rialtais stáit. B’fhearr le Bearnaí Ó Doibhlin go mbeadh a gcuid airgid féin ag rialtais na stát.
»»»Tá Ciarán Mac Aonghusa den tuairim gur mithid athruithe a dhéanamh i gcóras polaitíochta na tíre, ach caithfear athruithe níos bunúsaí a dhéanamh go forleathan chomh maith le sinn a chur ar bhealach ár leasa.
»»»Tá Balor gafa le tae agus gafa gan é ag trácht ar an Aire Éadóchais, ar Bhanríon na hÉireann agus ar an Norriseach, Davidus, Seanóir Choláiste na Trioblóide.
»»»Tá gnóthaí ag téamh i SAM an mhí seo ach dar le Brian Ó Broin, ní gnóthaí aimsire is bun leis an ardú teasa an iarraidh seo, ach corraíl pholaitíochta a d’fhéadfadh cor a chur i leagan amach polaitíocht SAM ar an mórgóir.
»»»Bhí Tony Birtill i láthair nuair a tháthaigh dreamanna éagsúla na Gaeilge sa Bhreatain lena chéile sa dóigh gur fearr agus gur forleithne a chuirfidh siad an teanga chun cinn sa Bhreatain feasta.
»»»Tá moltaí suimiúla i leith na Gaeilge sa chóras dlí déanta in iris úr agus tá léargas spéisiúil tugtha ar úsáid na teanga ag an leibhéal is sinsirí den státchóras ar fáil in iris eile. Déanann Breandán Delap cur síos orthu san alt seo.
»»»Tá roinnt ceisteanna tábhachta ag dó na geirbe ag Seán Tadhg Ó Gairbhí. Ceann acu is ea gur Éire ‘an t-aon Stát san Eoraip nach bhfuil an phríomhtheanga oifigiúil riachtanach don Státseirbhís.’
»»»Áiríonn Maidhc Ó Cathail ceithre dhuine dhéag atá freagrach as ár na hIaráice dar leis. Cé hiad?
»»»Míníonn Alan Desmond go leor de scéal an mhionlaigh seo, muintir Emberá sa Cholóim. Ar nós mionlach eile go leor ar fud an domhain, níl a saol le maíomh orthu.
»»»Ag caitheamh súil siar ar thréimhse Uí Chuív i gceannas ar chúrsaí Gaeltachta agus Gaeilge, tá Donncha Ó hÉallaithe den bharúil gur lig sé an deis amú, mar nach raibh sé de mhisneach aige dul i ngleic le fadhb bhunúsach na Gaeltachta, ceist na teorann.
»»»Dearcann Áine Ní Chiaráin siar san alt seo ar thréimhse fhada Éamoin Uí Chuív i mbun gnóthaí Gaeilge agus Gaeltachta.
»»»Tá Robert McMillen ag leagan amach gur gairid eile go dtolgfaidh achan duine sa taobh ó thuaidh taom olltoghchánaíochta.
»»»Is é biaiste mhór na peile san Astráil é anois teacht an Fhómhair acu ó dheas. Chaith Bearnaí Ó Doibhlin súil ar mhodhanna éagsúla caide an Astrálaigh.
»»»Is beag moladh de chuid an Bhord Snip Nua i leith na Gaeilge is na Gaeltachta a cuireadh i bhfeidhm go dtí seo. Ach tá an bhagairt ag treisiú de bharr beirt airí a bheith éirithe as oifig dar le Breandán Delap
»»»Spreag TD agus Aire Luimnigh Balor ar a ‘chliathaibh fís’ agus ghair sé na deamhain chumadóireachta chuige féin. Tá toradh amhráin na Súile Nimhe san alt seo.
»»»D’fhoghlaim Tony Birtill an ceacht is tábhachtaí le linn cúrsa athfhoghlama. Is ceart a bheith ullamh, ach is fearr a bheith ullamh agus amhrasach más amuigh ar an sliabh atá tú.
»»»Aithníonn Ciarán Mac Aonghusa a bhfuil ag titim amach os comhair a dhá shúil, agus cuireann sé cumha mhór air, ach tá spreacadh fanta in go leor daoine in Éirinn lena gcinniúint féin a cheapadh.
»»»Geofair scéal Mhuintir Endorois na Céinia san alt seo le Alan Desmond, scéal na héagóra. D’fhéadfadh Aontas na hAfraice cor chun feabhais a chur ina scéal go fóill.
»»»Rinne Gaelchultúr tionscadal nua, ClubLeabhar.com, a sheoladh an mhí seo caite. Míníonn Stiúrthóir Oideachais an chomhlachta, Éamonn Ó Dónaill, cad é a spreag iad le thabhairt faoin obair seo.
»»»Tá Robert McMillen den tuairim go mbaineann cur as feidhm na n-easaontóirí le cothrom na Féinne a roinnt ar chách tríd an pholaitíocht. Tá an chumhacht sin ag lucht na polaitíochta, ach an bhfuil an cumas iontu?
»»»Deirfiúr don mhéarnáil bhán is ea an béal bán. Tá Maidhc Ó Cathail ag léamh ar an dream is mó a bhíos ag síneadh na méire ar cheap milleáin eile roimh cogaidh.
»»»Caitheann Donncha Ó hÉallaithe súil ar scéal Phádraig agus ar an bhFaoistin a scríobh sé agus é i mbun a mhisean in Éirinn.
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil.
Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.