AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
I measc na mbligeard agus na mbithiúnach
Balor Balor Balor

Tá scannail eile i saol na polaitíochta ar eolas ag Balor nach bhfuil pléite ag binse fiosraithe ar bith.

Íomhá
Íomhá
Íomhá
Íomhá

an t-olltoghchán thart, a chairde, agus tá na créachtaí dá gcneasú, ach níl íocshláinte ar domhan a leigheasfaidh na goine a d’fhulaing cuid de na boic mhóra i saol na polaitíochta a throid gan taise gan trua sa chogadh fuilteach atá díreach thart. Tá gnó príobháideach pearsanta Bhertie Uí Hernia dá scrúdú ag binse fiosraithe Mahon i gCaisleán Bhaile Átha Cliath, chomh maith le cúistiúnacht Chathail Mhic Coille ar Morning Ireland, ach tá Balor i ndiaidh iniúchadh dian domhain dá chuid féin a dhéanamh ar ghnó roinnt de na daoine eile i saol na polaitíochta, agus níl binse fiosraithe ar bith ina shuí maidir leis na cásanna siúd... fós!

Beidh sibh i gcónaí in ann a mhaíomh gur anseo, ar Beo Ar Éigean, a léigh sibh ar dtús é: foilsiú fíor forúnach na síntiús rúnda uilig a fuair Enda Aoibhinn Aoibhiúil – cinn nach bhfuil ag Vincent Browner than Brown de Brún go fóill fiú – cinn nár lig Enda thar a anáil fós, fiú faoi rún na faoistine, le Scuabaire Ifrinn é féin, Flopsy Flannery. Chaith Balor an Bleachtaire trí mhí dá shaol ar a chamchuairt fud fad na tíre, ag bualadh le bligeaird agus le bithiúnaigh, ag casadh ar chladhairí agus ar chneámhairí, ag raimleáil agus ag bacaíl a bhealaigh ó thábhairne go hósta.

Sé seachtaine i ndiaidh do Bhalor tosú amach ar a chamchuairt casadh air Séimí an Siúinéir, agus i ndiaidh do Shéimí sé ghalún pórtair a chaitheamh siar scaoileadh an chéad rún: airgead na Chéad Chomaoineach.

“Cogar, a chara,” arsa Balor go comhcheilgeach, “cad é scéal airgead na Chéad Chomaoineach?”

“Arú, a Bhaloir,” arsa Séimí, agus na smugaí á thachtadh le teann meisce agus mioscaise, “sin é an t-am ar thosaigh an chraic seo uilig. Lá mo Chéad Chomaoineach d’iarr an húr sin leathchoróin orm – ar iasacht, mar dhea – agus an bhfuil a fhios agat seo, a Bhaloir, ní bhfuair mé tásc ná tuairisc ar an leathchoróin sin riamh arís. Dhá scór bliain ina dhiaidh sin, nuair a chuir mé an iasacht i gcuimhne dó oíche amháin i ndiaidh Bheannacht na Naomhshacraiminte sa Bhaisleac i gCnoc Mhuire, mhaígh sé gur síntiús polaitiúil a bhí ann, agus mheabhraigh sé dom nach mbíonn dul siar ar a leithéid nó teacht aniar as ach oiread. Ó, a Bhaloir, cad é a dhéanfaidh mé?”

D’fhág Balor Séimí an Siúinéir ina leathluí thar an chuntar, na deora móra goirte ag sileadh go fras isteach ina phionta leathólta, agus lean sé lorg doiléir an airgid fholachasaigh gur casadh dó, faoi dheireadh, Diarmuid an Dearthóir Gairdíní. Bhí Diarmuid bocht ag glacadh scíste ón dianobair a bhí ar siúl aige le deich mbomaite roimhe sin, é i ndiaidh a bheith ag treorú a chuid oibrithe sa dóigh ab fhearr leis na buidéil fholmha champagne a bhaint de ghrinneall a linn snámha caoga méadar i sciathán thiar a thí.

“Maith thú hé!” a bheannaigh Balor an Bhéil Bhinn dó.

“Maith thú féin hé!” a d’fhreagair Diarmuid díomhaoin drogallach, agus é ag diúgadh an dríodair as buidéal eile champagne agus á chaitheamh isteach sa linn snámha.

“Tú féin atá ann, nach tú?” a d’fhiafraigh Balor. “Tusa a chuir an Sáirsint Glas ar bhealach a aimhleasa scór go leith bliain ó shin?”

“Admhaím é agus ní shéanaim é,” arsa Diarmuid. “Is maith a bhí a fhios agam go raibh lá seo na cinniúna le teacht luath nó mall. Is maith a bhí a fhios agam go dtiocfadh fiosróir fadradharcach inteacht an bealach seo agus go mbéarfaí orm faoi dheireadh. Seo an dóigh ar tharla sé: Samhradh amháin d’iarr sé orm aire a thabhairt dá chuid cabáistí orgánacha a bhí ag fás aníos as carn aoiligh taobh thiar dá theach, ’fhad agus a bheadh sé féin ar shiúl ar saoire ag déanamh staidéir ar éifeacht na muilte gaoithe i nGaineamhlach an Ghobi.

"Nuair a phill sé bhí an-chuma ar fad ar na cabáistí orgánacha, agus boladh breá orgánach ag teacht uathu chomh maith. Bhí mé féin chomh sásta le cúrsaí nár theastaigh uaim aon airgead a ghearradh air as an chúram a bhí orm. Chuir sé brú beag lag orm, ach nuair a dhiúltaigh mé glacadh le pingin rua uaidh bhí seisean sásta fosta. Chuir sin tús leis an sciorradh. Chuala mé ina dhiaidh sin gur ghlac sé le cuid mhór seirbhísí eile saor in aiscelomadh féir agus bearradh gruaige ina measc; agus chuala mé ráfla, cé nach raibh ann ach ráfla, nár íoc sé pingin as tonna aoiligh a fuair sé cúig bliana déag ó shin. Ó a Bhaloir, ní thig liom mo chion a mhaitheamh dom féin nuair a smaoiním ar an tsáinn ina bhfuil an Sáirsint Glas ó shin. Mé féin is ciontaí leis go hiomlán.” Agus thosaigh Diarmuid an Dearthóir Gairdíní ag diúgadh as buidéal eile, féachaint an gcuideodh an Dom Perignon leis an fhéinlochtú a bhá.

As go brách arís le Balor gur tháinig sé faoi dheireadh agus faoi dheoidh ’fhad le Micí an Múinteoir, agus nach doilíosach dólásach an scéal a bhí ag Micí dó. “Baineann an scéal seo le Gerry Tarmacadam agus leis an teach atá aige i dTír Chonaill – an ceann a ndearna Micí Mac Mar is Dual Dó tagairt dó ar an tele. Dar le Gerry gur leis an bhanc é, ach níl sé sin fíor. Is liomsa é. Teach scoile atá ann i ndáiríre, agus is mise an máistir scoile. Bhí Gerry ag iarraidh ceachtanna Gaeilge

ann. Bhí áthas an domhain orm na ceachtanna a thabhairt dó nó shamhlaigh mé clúdach donn lán nótaí Bhanc an Tuaiscirt i mo ghlac ag deireadh gach seachtaine; ach mheabhraigh Gerry dom go raibh dualgas orm na ceachtanna a thabhairt saor in aisce ar son na cúise agus go raibh sé de cheart aige a theanga náisiúnta a fhoghlaim i scoil náisiúnta gan íoc. Bhí sé ag teacht idir mé agus codladh na hoíche go dtí gur bheartaigh mé ar phlean. Is é a rinne mé ná droch-Ghaeilge a mhúineadh dó, leithéidí “Tá mé MP agus beidh mé TD or níl m’ainm Tarmacadam.” Shíl mé go ndéanfainn é a náiriú, ach ní raibh a fhios ag a chairde an difear – nó... b’fhéidir go raibh a fhios acu an difear, agus nach raibh sé de mhisneach acu é a chur ar a shúile dó. Óóóóó! Tá súil le Dia agam nach léann sé an t-alt seo!”

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.