
Tá Brian Ó Broin den tuairim gur áit ar leith í San Francisco agus is iomaí duine eile mar é a thug gean as cuimse do chósta thiar na Stát mar a luíonn an ghrian tráthnóna.
»»»Tá roinnt daoine san Astráil ag dearcadh siar le brón ar an drochdhóigh a caitheadh le muintir Thíomór Thoir le glúin anuas. Tá an scéal ag Bearnaí Ó Doibhlin.
»»»Tá trua ag Balor do na fonnadóirí a fhágfar ar leathrann in gach rann amhráin feasta. Saol seo na sceanairte, fágfar ga.. rud l..thscrí.f..
»»»Más slat tomhais dúinn abhus scéal geilleagair na Fionlainne, ní réiteach gasta atá i ndán dúinn in Éirinn, dar le Ciarán Mac Aonghusa.
»»»Tá Tony Birtill den bharúil gur mithid do mhuintir na hÉireann amharc ina dtimpeall, brath i gceart a bhfuil de shaibhreas ailtireachta na cosmhuintire acu agus go gcaithfear cúram mar is ceart a dhéanamh de.
»»»Is ar mhuintir na seilge agus cnuais sa Chéinia, na hOgiek, a dhírigh Alan Desmond aghaidh a thuairisce san alt seo. Is beag a líon agus ní cosúil go bhfuil oiread tábhachta leo i súile an rialtais is atá lena gcuid tailte foraoise.
»»»Má tá uisce go leor idir Mheiriceá agus an Eoraip, ní bac ar bith é ar uisce faoi thalamh lucht ceaptha na smaointeoireachta. Tá saothar oifig eachtrach an CGM sa Bhruiséil á iniúchadh ag Maidhc Ó Cathail san alt seo
»»»Creideann Donncha Ó hÉallaithe go mba é leas na Gaeltachta, dá gcuirfí deireadh leis an Aireacht Gnóthaí Pobail, Tuaithe is Gaeltachta, mar go bhfuil teipithe ar Éamonn Ó Cuív agus ar an Aireacht sin, dul i ngleic leis an gceist achrannach: cá bhfuil an Ghaeltacht?
»»»Tá Robert McMillen den tuairim gur mór idir mórshiúl spraoi agus siamsa i dtír ínteacht eile agus an mórshiúl abhus thrí cheantar nach bhfuil fáilte roimhe ann. Agus do bharúil, chomh maith le sin, cén aois an domhan?
»»»Tá Balor, agus an Bould O Donoghuer, i ndiaidh pilleadh slán ó mhná fiánta Mhilwaukee ar ais. Maidir le Molt Ó Gorm Liath agus Máire Ní Chlochráin: Baaaaah a deir Balor leo!
»»»Tá scéal ag Bearnaí Ó Doibhlin ar na mílte saighdiúirí as an Astráil a throid is a thit ar ghort an bhaile lena dtír a chosaint breis is trí scór bliain ó shin. Cosán dearg, a bhféadfaí an dá chiall a roinnt leis an aidiacht sin, a bhí i gCosán Kokoda.
»»»Beidh athrú ó bhonn ar riarachán na Gaeilge is na Gaeltachta nuair a chuirfear moltaí An Bord Snip i bhfeidhm agus nuair a fhoilseofar Straitéis Fiche Bliain an Rialtais i leith na Gaeilge, dar le Breandán Delap.
»»»Níorbh aon ribín réidh é aitheantas a fháil don Ghaeilg i gcóras oideachais Shasana. Tá a fhios ag Tony Birtill gur tháinig sé, ach níl ann ach tús oibre a deir sé.
»»»Bréagshanas a imríodh ar shloinne a mhuintire féin i measc rudaí eile a tharraing aird Chiaráin Mhic Aonghusa, nó Ciarán Mac Géibheannaigh ó cheart, agus é ag grinniú daonáireamh a rinneadh nach mór céad bliain ó shin.
»»»Chaith Maidhc Ó Cathail a shúil ghrinn ar scéal Abdel Baset al Megrahi. Tá an-chuma ar an scéal gur cheilg agus cheapadóireacht a chuir i ngéibheann é.
»»»Níl fanta beo den phobal Afra-Pharaguach i gCambacuá ach cúpla míle duine a thuairiscíonn Alan Desmond agus níl an saol le maíomh orthu. Is dream daoine iad a chuaigh faoi chuing an anró go minic le bunáite 200 bliain anuas.
»»»Bhí Breandán de Gallaí ag baint taitnimh as bia follán na háite agus as an chnuasach a dhéanamh roimhré. Diúilicíní, nó na sliogáin dhubha, a bhí ag cur uisce lena cháir.
»»»Caitheann Donncha Ó hÉallaithe a shúil ar an ngéarchéim gheilleagair ina bhfuil an tír, a tharla le barr sainte daoine, dar leis. Is é a mheas go dtiocfaidh athrú chun feabhais ar an leagan amach polaitíochta in Éirinn dá bharr.
»»»Bhí Balor siúlach fá Loch Michigan le linn Féile na nGael i Milwaukee. Ní beag an líon leipreacán a bhí ann roimhe. Deir sé gur fiú go mór gabháil ar ais ann siocair an comhluadar spraoiúil i nGaeltacht na féile sin.
»»»Tá trácht ag Bearnaí Ó Doibhlin anseo ar an ‘sit down money’, nó an dól, a thugtar do Mhuintir Dhúchais na hAstráile. Ní fearrde iad an t-airgead éasca céanna, dar leis.
»»»Rinne Alan Desmond iniúchadh ar an muintir ar díobh Ken Saro Wiwa, Ogonaigh na Nigéire. Tá siad in áit a bhfuil saibhreas aiceanta. Ní orthusan atá an saibhreas á roinnt is cosúil.
»»»Má tá doghrainn go leor agus éirí amach ag eascairt as drochlámh agus saint na mbancanna abhus in Éirinn, níl na Stáit Aontaithe róshocair do lucht polaitíochta ach oiread. Bí ag faire amach a deir Brian Ó Broin, don reicstí agus do ruaille buaille mar gheall ar ghnóthaí sláinte sna Stáit an fómhar seo.
»»»Tchí Tony Birtill agus a chomhghleacaithe siúl sléibhe an dochar a níthear in amanna amuigh in iargúil na gcnoc. Fágfaidh an duine a lorg ar an sliabh ard dá áille chomh maith le taobh locha, nó fan choill. Ghlac siad cúpla grianghraf den neamart a ní an duine in áille an tsléibhe.
»»»Tá Ciarán Mac Aonghusa den tuairim go bhfuil an saol ag athrú agus tá polaitíocht an stáit tar éis athrú sa dóigh nach saor, glan beann, aon stát feasta, SAM san áireamh, ar an suaitheadh ilnáisiúnta a bhain siar as gach cúinne den domhan le bliain anuas.
»»»Bás nó biseach a thabharfas an vacsaín ar ulpóg na muc duit? Tá do phosóid gléasta romhat má théann tú i muinín an vacsaín nár tástáladh i gceart, dar le Maidhc Ó Cathail. Molann sé a bheith ar d’fhaichill nó is posóid é nár féachadh i gceart go fóill an dáileog a dhíolfar leat. Is féidir gur biseach ar chuntas infheistíochta duine cliste éigin is mó a thiocfas as.
»»»Ceapann Donncha Ó hÉallaithe go mbeadh saol sóisialta na hÉireann níos boichte, ná mar atá, murach gur bunaíodh an Cumann Lúthchleas Gael i nDúrlas Éile 125 bliain ó shin agus nach mbeadh san iomáint ach cuimhní na seanbháireoirí.
»»»‘Ní fhéadfadh an rí, ná an méid capall is fear atá faoi, an pobal a chur ar ais arís mar a bhí’. Ní Humptaí Dumptaí , ach ballaí Bhéal Feirste is ábhar machnaimh do Robert McMillen anseo.
»»»Caitheann Breandán Delap a shúil ar na ciallachais atá i dTuarascáil An Bord Snip Nua don Ghaeltacht agus do lucht labhartha na Gaeilge.
»»»Ní hionann is talamh na hÉireann, is doiligh turlaigh an Gheimhridh a líonadh le báisteach i lár na hAstráile. Ríomhfaidh Bearnaí Ó Doibhlin an scéal dúinne nár leag súil ar ‘cheann de na heachtraí is iontaí ar dhromchla an domhain’.
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil.
Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.