AR NA SAOLTA SEO
Aitheantas idirnáisiúnta bainte amach ag Derek Culley
Tony Birtill Tony Birtill Tony Birtill

D’fhág Derek Culley Éirinn sna seachtóidí de bharr na dífhostaíochta ach anois tá deontas mór idirnáisiúnta agus aitheantas ceart bainte amach aige mar ealaíontóir. Thug Tony Birtill cuairt ar a stiúideo le gairid.

Íomhá
Derek Culley i mbun oibre
Íomhá
Saothar de chuid Culley, Angels and Trinity
Íomhá
An Centro Cultural del Conde i Maidrid
Íomhá
Ceann de chuid dealbha thaispeántas Anthony Gormley, Another Place

Ba thréimhse thorthúil é an t-earrach i mbliana don ealaín áitiúil anseo i Learpholl; bronnadh duais mhór ar an phéintéir Derek Culley, agus fuarthas an dea-scéala go mbeidh saothar an dealbhóra Anthony Gormley, Another Place, ag fanacht sa cheantar (féach alt Chiara Nic Gabhann san iris seo an mhí seo caite).

Is as Baile Átha Cliath ó dhúchas é Derek Culley, ach tá sé ina chónaí i mBirkdale, Merseyside anois, ceithre mhíle suas an cósta ón áit a bhfuil cuid fear iarnaí Gormley suite, ar thrá Crosby.

Thug mé cuairt ar a stiúideo ansin le labhairt leis faoina shaothar agus an Pollock-Krasner Foundation Grant a fuair sé le gairid.

Bhunaigh baintreach Jackson Pollock agus an t-ealaíontóir Lee Krasner (nach maireann) an fhondúireacht seo i 1985 le cuidiú a thabhairt d’ealaíontóirí cumasacha agus anuas trí na blianta tá 2,747 deontas airgid arbh fhiú $40 milliún iad bronnta acu ar ealaíontóirí i sé thír is seasca ar fud an domhain.

Geal, feiceálach agus tarraingteach – b’in iad na príomhthréithe a thug mé faoi deara nuair a chonaic mé pictiúir de chuid Derek i ndiaidh dom siúl isteach sa stiúideo, atá suite ar chúl ionad súgartha páistí in aice le stáisiún Birkdale.

Is as Baile Bhailcín i mBaile Átha Cliath dó agus tá sé dhá bhliain is caoga bliain d’aois anois. Tar éis na bunscoile i dTamhlacht, chuaigh sé go Ceardscoil Bhóthar na Cloiche, áit a raibh Seamus Colman ina mhúinteoir ealaíne aige.

“Seamus a spreag suim sa phéintéireacht ionam ar dtús. Mhúin sé dom an dóigh le féachaint ar an ealaín,” arsa Derek, “nuair a thug muid cuairt ar dhánlann Ritchie Hendricks, mar shampla. Bhí ardmheas agam ar a shaothar siúd.”

Fuair Derek inspioráid fosta in Ard-Mhúsaem na hÉireann ar Shráid Chill Dara nuair a chonaic sé ealaín charraigeach ón Chré-umhaois ansin; agus gan é ach sé bliana déag d’aois bhí a stiúideo féin aige, i ngaráiste a fuair sé ar cíos ó Agnes Kinsella, máthair Thomas Kinsella, an file agus aistritheoir.

“Ba mhinic a d’amharc sé ar mo phictiúir. Bhí neart ealaíontóirí, scríbhneoirí agus filí sa cheantar a thug inspioráid agus spreagadh dá chéile,” a dúirt Derek liom.

Chláraigh sé do chúrsa ealaíne i scoil oíche, ach níor thaitin sé leis agus d’éirigh sé as an chúrsa tar éis trí seachtaine.

“Bhí barraíocht béarlagair agus daoine móiréiseacha ann agus níor réitigh mé leis na múinteoirí,” a dúirt sé liom. “Ach lean mé ar aghaidh ag péintéireacht i m’aonar. Bhí cion agam ar shaothar Jack B. Yeats, Alan Davie, Robert Motherwell, Harry Clark agus Gerard Dillon.”

Ba ghnách le Derek dul go dtí na Rosa i nDún na nGall sna 1960í nuair a bhí sé ag déanamh na hArdteistiméireachta i mBóthar na Cloiche agus bhí deis aige a chuid Gaeilge a cleachtadh agus é ar ais i mBaile Bhailcín. “B’as Ciarraí na comharsana agus bhí siad líofa sa teanga,” a dúirt sé liom.

Postanna éagsúlaMar gheall ar an dífhostaíocht a bhí in Éirinn ag an am, bhog Derek go Sasana i 1973, áit ar oibrigh sé i bpostanna éagsúla – i dtrádstóras, le ríomhairí agus mar sin de – ach bhí sé ag péintéireacht an t-am uilig. Agus é ina oibrí deonach in Ionad Ealaíon i Windsor sna 1980í, d’eagraigh sé taispeántas d’ealaíontóirí óga, Damian Hurst ina measc.

Sa bhliain 1981 d’eagraigh sé Seachtain Cheilteach san ionad agus bhí saothar le healaíontóirí mar Dennis Bowen (nach maireann) ón Bhreatain Bheag agus John Bellany as Albain ar taispeáint. D’éirigh go han-mhaith leis agus chinn siad ar thaispeántas eile, Gweledigaeth Geltaidd / Celtic Vision, a chur ar siúl sa chlub Éireannach in Eaton Square, Londain.

“Chuaigh muid i dteagmháil le healaíontóirí in Albain, in Éirinn, sa Bhreatain Bheag, i gCorn na Breataine, sa Bhriotáin, in Oileán Mhanann agus sa Ghailís agus d’eagraigh muid camchuairt ar fud na hEorpa.”

Chomh maith le saothar de chuid an triúir thuasluaite, bhí ealaíontóirí mar Francis Bacon, Cecil King, Mary Fitzgerald, Eamon Colman (mac le Seamus), Alan Davie, Guy Boulay, Rafael Baixeras, Trewin Copplestone agus Bryan Kneale páirteach sa taispeántas. D’oscail an chamchuairt sa Centro Cultural del Conde Duque i Maidrid i 1985 sular bhog sé go dtí an Palacio Municipal des Exposiciones in Corunna, an Ghailís agus ansin go dtí na réigiúin Cheilteacha eile, chomh maith le Sasana.

Cé gur léiríodh an-suim sa chamchuairt i ngach áit a raibh sí, ní dheachaigh sé go Meiriceá. “Easpa airgid agus cúrsaí iompair ba chúis leis an easnamh seo,” a dúirt Derek liom.

Lean Derek Culley air ag péintéireacht go páirtaimseartha agus bhí taispeántas mór dar teideal “Five Years of Culley” aige in Ospidéal Ríoga Chill Mhaighneann i mBaile Átha Cliath i 1989.

Tá cúigear clainne ag Derek agus a bhean Eilis agus bhog siad go Birkdale in 2004 le bheith níos cóngaraí dá gcuid mac, atá ag freastal ar Scoil Stoneyhurst i Lancashire. Thosaigh sé ag péintéireacht go lánaimseartha dhá bhliain ina dhiaidh sin agus cuideoidh an deontas $25,000 atá faighte aige ó Fhondúireacht Pollock-Krasner go mór leis ina shlí bheatha, chomh maith le haitheantas tábhachtach a thabhairt dó i Stáit Aontaithe Mheiriceá agus ar fud an domhain.

“Is breá liom saothar Jackson Pollock. Is laoch de mo chuid é agus is mór an onóir dom an duais seo a fháil.”

Taispeántas i MeiriceáAgus muid ag caint lena chéile, fuair sé scairt ghutháin ó William Chamberlain, déileálaí ealaíne i San Francisco, agus é ag iarraidh dátaí taispeántais a dhearbhú. “Tá 35 pictiúr de mo chuid amuigh ansin faoi láthair. Ar ndóigh, spreagfaidh an duais seo suim iontu i measc an phobail sa tír sin.”

Is maith le Derek saol na healaíne i Learpholl, “an chathair is cóngaraí d’Éirinn”, mar a thug sé air, agus tá sé ar an choiste atá ag ullmhú do thréimhse Learphoill mar Phríomhchathair Chultúrtha na hEorpa in 2008. Mar sin, tá sé an-sásta go mbeidh dealbha Anthony Gormley, Another Place, le feiceáil ar bhruach an Mersey i rith na bliana sin. “Tá meas agam ar Gormley mar ealaíontóir. Is fear cliste, cruthaitheach, ionraic é.”

Thug me cuairt ar na fir iarnaí ar mo bhealach abhaile ó stiúideo Derek. Cé go bhfuil siad feicthe agam go minic, bíonn suim agam iontu i gcónaí mar athraíonn siad an t-am uilig, leis an aimsir, an solas, an taoide ag dul amach agus ag teacht isteach. Bíonn siad difriúil i gcónaí.

Agus sin an fáth gur maith le grianghrafadóirí iad, is dócha. Mar shampla, tá daoine i ndiaidh 10,000 pictiúr díobh a chur ar Flickr, an suíomh gréasáin do ghrianghraif ar le Yahoo é.

Bíonn meascán daoine thíos ar an trá ag amharc orthu, paistí ina measc, agus ag déanamh spraoi leo. Is maith le páistí a bheith ag idirghníomhú leo agus iad ag súgradh. Bíonn fáilte roimh chách sa dánlann iontach seo amuigh faoin spéir a bhíonn ag síorathrú.

Tá tuilleadh eolais le fáil faoi Derek Culley ar www.derekculley.com

Is de bhunadh Éireannach é Tony Birtill agus rugadh i Learpholl é. Bíonn sé ag obair le hOideas Gael i nGleann Cholm Cille gach samhradh.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.