AR NA SAOLTA SEO/Ó MHEIRICEÁ ANIAR
Iomaíocht dhian agus airgead mór
Brian Ó Broin Brian Ó Broin Brian Ó Broin

Ní bheidh toghchán na huachtaránachta ar siúl sna Stáit Aontaithe go ceann bliain go leith eile ach, mar a mhíníonn Brian Ó Broin, tá an feachtas faoi lán seoil anois le tamall anuas.

Íomhá
An Poblachtánach John Cox: i mbun a fheachtais ó bhí Márta 2006 ann
Íomhá
Hillary Clinton agus Barack Obama
Íomhá
An tUachtarán Bush: níl na hiarrthóirí Poblachtánacha ag iarraidh é bheith ceangailte leis
Íomhá
Rudy Giuliani: an bhfuil sé róliobrálach?
Íomhá
John Edwards: tá a bhean an-tinn

Ó thaobh cúrsaí toghchánaíochta de, bíodh a fhios agaibh go bhfuil an t-ádh oraibh in Éirinn. Ghair an Taoiseach Bertie Ahern olltoghchán ar an 29 Aibreán, tharla an toghchán níos lú ná ceithre seachtaine ina dhiaidh sin, agus níl le déanamh anois ag na páirtithe éagsúla ach rialtas a bhunú.

Dá mba mar sin é anseo i Meiriceá! Cé nach mbeidh toghchán na huachtaránachta ar siúl anseo go dtí an 4 Samhain 2008, tá iarrthóirí i mbun feachtais dó cheana féin. Ba é an Poblachtánach John Cox is túisce a d’fhógair a fheachtas ar an 9 Márta 2006 agus an Daonlathach Mike Gravel sna sála air ar an 17 Aibreán 2006. Ciallaíonn sé seo go mbeidh siad ag stocaireacht ar feadh dhá bhliain go leith, má fhanann siad sa rás! Is deacair a shamhlú ach oiread cén fáth, ó is beag seans atá ag ceachtar acu an post a bhaint amach.

Níl an bheirt seo ina n-aonar. Cheana féin tá deichniúr Daonlathach agus 17 bPoblachtánach tar éis clárú leis an gCoimisiún Toghchánaíochta. Tá sé dhuine dhéag cláraithe ó pháirtithe beaga agus ní fios cé mhéad eile mar neamhspleáigh.

Ar ndóigh, le córas “an chéad duine sa bhaile”, mar atá anseo i Meiriceá, is beag seans atá ag aon duine ach triúr nó ceathrar den slua seo. Tá an Ghluaiseacht Shóisialach Náisiúnta, mar shampla, ag cur John Taylor Bowles chun tosaigh mar iarrthóir. Tá Steve Adams, ó Kentucky, ar fheachtas mar “ghnáthdhuine”, dar lena shuíomh gréasáin. Ag taisteal timpeall ar ghluaisrothar, admhaíonn sé nach bhfuil réiteach ar bith aige ar ghéarchéim an oideachais sa tír, ach amháin gur cheart deireadh a chur le scrúduithe.

I ndeireadh báire, ámh, is córas dhá pháirtí é an córas Meiriceánach: an Páirtí Daonlathach agus an Páirtí Poblachtánach. Tá páirtithe eile ann (is iad an Páirtí Glas agus an Páirtí Liobrálach na cinn is cumhachtaí, ach eatarthu ní fhaigheann siad ach 2% de vótaí na tíre), agus níl aon dabht, mar sin, ach go dtiocfaidh an chéad uachtarán eile ó cheann den dá pháirtí mhóra.

Rinneadh iarrachtaí le cúpla mí anuas pobal Mheiriceá a mhúscailt chun smaoineamh faoi thoghchán na bliana seo chugainn, ach an t-aon tionchar a bhí ag na hiarrachtaí seo ná gur cuireadh olc ar dhaoine.

Thosaigh céad troid na bhfeachtas i gceart i mí Eanáir agus Feabhra 2007 nuair a d’fhógair Hillary Clinton agus Barack Obama (príomhiarrthóirí na nDaonlathach) a bhfeachtais agus nuair a thosaíodar ag díospóireacht. Ó shin i leith is in olcas atá cúrsaí imithe, agus príomhiarrthóirí na bPoblachtánach (John McCain, Rudolph Giuliani, agus Mitt Romney) tosaithe i ndáiríre freisin. D’éirigh cúrsaí chomh teasaí sin idir na hiarrthóirí uilig gur eagraigh na stáisiúin teilifíse dhá dhíospóireacht bheo idir na hiarrthóirí Poblachtánacha agus Daonlathacha faoi seach. Más ea, ámh, is cosúil gur beag aird atá pobal Mheiriceá ag díriú ar an hurlamaboc tacair seo – bhreathnaigh dhá oiread níos mó daoine ar an gcartún “Spongebob Squarepants” ná ar dhíospóireacht na bPoblachtánach ar an 15 Bealtaine!

Airgead is bun leis an gclampar seo go léir, ar ndóigh. Tá ceangal díreach idir an méid airgid a bhailíonn iarrthóir agus chomh maith is a éiríonn leis sa toghchán, agus tá iarrthóirí an chéad toghchán eile ag bailiú cheana féin. Idir George Bush agus John Kerry in 2004, caitheadh $1.2 billiún ar fheachtasaíocht amháin. Táthar ag tuar go méadóidh an méid sin faoi dhó d’fheachtas 2008.

Cheana féin tá na nuachtáin lán le haltanna adhmholta do na hiarrthóirí éagsúla agus cur síos ar a bhfeachtais timpeall na tíre. Agus an t-alt seo á scríobh, mar shampla, tá Rudolph Giuliani in Atlanta agus Barack Obama in Iowa. Táthar ag plé conas mar a fhreagróidh na hiarrthóirí na ceisteanna a ardaíodh sa scannán is deireanaí ó Michael Moore faoin ghéarchéim sláinte agus árachais i Meiriceá. Is deacair a chreidiúint go bhfuil bliain go leith fágtha sa bhfeachtas go fóill, ach tuigeann na hiarrthóirí chomh tábhachtach is atá sé an t-airgead a bhailiú go luath. Hillary Clinton atá chun tosaigh – tá $36 milliún bailithe aici cheana féin. Barack Obama agus Mitt Romney atá sa dara agus sa tríú háit, le $26 milliún agus $23 milliún faoi seach.

Trína chéile

Ceaptar go fairsing go mbeidh an bua ag na Daonlathaigh sa toghchán, agus an páirtí Poblachtánach trína chéile faoi láthair mar gheall ar cheist an chogaidh. D’éirigh leis na Daonlathaigh an ruaig iomlán a chur ar an Uachtarán Bush le déanaí nuair a sheoladar bille cogaidh chuige agus dátaí cúlaithe don arm luaite ann. Ar ndóigh ní raibh an dara rogha ag an Uachtarán ach an bille a chrosadh orthu. B’éigean do na hiarrthóirí Poblachtánacha tacú leis sa mhéid seo, ach dá bhrí sin “cheannaíodar” an cogadh. Tá na Daonlathaigh ionaclaithe anois in aghaidh an chogaidh, chúns atá ar na Poblachtánaigh an nimh a shlogadh.

Go deimhin, tuigeann scata iarrthóirí Poblachtánacha an fhadhb, agus tá sé ag éirí níos deacra in aghaidh na seachtaine do George Bush dul gar do dhuine ar bith acu. Is cosúil go bhfuiltear den tuairim go bhféadfar an cogadh a cheangal le Bush amháin, seachas leis an bpáirtí go léir. Agus sin á dhéanamh acu, ámh, tá na hiarrthóirí ag dul sa seans nach gcaillfidh siad sciar suntasach de vótóirí dílseacha an pháirtí atá ar son an chogaidh go fóill. Go dtí seo, níl ach iarrthóir amháin, an Seanadóir John McCain, sásta an tUachtarán a lochtú os ard.

Triúr atá chun tosaigh i measc na bPoblachtánach faoi láthair: an tUasal McCain, iarmhéara Nua-Eabhrac Rudolph Giuliani, agus iarghobharnóir Massachusetts Mitt Romney. Ba léir ón díospóireacht teilifíse eatarthu le déanaí cad a cheapann an chosmhuintir Phoblachtánach de McCain cheana féin. Ba é McCain an t-aon duine a labhair amach in aghaidh chéasadh príosúnach agus ba eisean an t-aon duine nach bhfuair bualadh bos ón lucht éisteachta. Is deacair a shamhlú go nglacfaidh vótóirí an pháirtí le McCain, go háirithe i ndiaidh dó an tUachtarán a lochtú chomh tréan sin le bliain anuas. Is é Mitt Romney an t-iarrthóir is saibhre sa rás uilig, agus maoin phearsanta idir $500 agus $600 milliún aige, ach arís ní oirfeadh sé do chosmhuintir a pháirtí mar gur Mormannach é. Breathnaítear go hamhrasach ar eaglais na Mormannach go fóill i Meiriceá, agus is cinnte nach dtaitneoidh sé le gnáth-Chríostaithe, atá mar chnámh droma an Pháirtí Phoblachtánaigh. Is é Rudy Giuliani an t-iarrthóir is lú conspóid den triúr, ach is beag aithne atá air taobh amuigh de Nua-Eabhrac. Níos measa fós, de bhrí gurb as cathair Nua-

Eabhrac é, ceann de na toghcheantair is liobrálaí i Meiriceá, is minic é ceangailte le polasaithe liobrálacha, agus breathnófar air go fuar faoin tuath agus in iarthar na tíre.

Sin an chuma atá ar chúrsaí do na Poblachtánaigh, mar sin. Ní bheidh sé éasca dóibh iarrthóir a chur chun cinn nach scoiltfidh an páirtí.

Triúr iarrthóirí chun tosaighAr an taobh eile den teach, is ag gáire atá na Daonlathaigh. Agus Barack Obama, Hillary Clinton, agus John Edwards mar na hiarrthóirí atá chun tosaigh faoi láthair, níl aon ghanntanas óige, taithí, ilghnéitheachta ná feiceálachta i gceist, agus síltear go fairsing gur duine den triúr seo a bheas mar chéad uachtarán eile Mheiriceá.

Den triúr, is í Hillary Clinton an t-iarrthóir is laige, cé gur aici atá an méid is mó airgid. Bhí Clinton chomh mór sin ar son an chogaidh nuair a thosaigh sé in 2003 gur deacair di anois dul ar mhalairt treo, cé go n-éilíonn sí go tréan nach vótálfadh sí don chogadh dá mbeadh a fhios aici ansin a bhfuil ar eolas aici anois. Ach tá an dochar déanta. Ar an dara dul síos, tá a fear chéile, Bill clúiteach, fós ina bhró mhuilinn anuas uirthi, agus ní fios cén tionchar a bheas aige ar dhearcadh na vótóirí. Agus ar ndóigh, ní fios ach oiread cén dearcadh a bheadh ag gnáthvótóirí Mheiriceá ar iarrthóir mná. Is é John Edwards an tríú móriarrthóir. Breathnaítear go fairsing air mar pholaiteoir ionraic cumasach, agus ar ndóigh tá aithne air cheana féin óna fheachtas leasuachtaránachta in 2004. Táthar neamhchinnte faoi chomh dian agus a bheas sé in ann tabhairt faoin bhfeachtas, ámh, agus a bhean tinn le hailse.

Gan dabht, is é Barack Obama an t-iarrthóir is mó cáil i láthair na huaire. Is é an

chéad iarrthóir gorm don uachtaránacht riamh a bhfuil seans maith aige, agus lena thaithí mar sheanadóir agus polaiteoir áitiúil, a Chríostaíocht agus a óige, breathnaítear air mar iarrthóir “a bhrisfidh an múnla.”

deacrachtaí ollmhóra roimh Obama agus gach iarrthóir eile idir seo agus Samhain 2008, ámh. Maratón ocht mí dhéag atá rompu go léir, agus ní cinnte in aon chor go mbeidh siad in ann fanacht sa bhfáinne dornálaíochta an fhad sin. Agus, ar ndóigh, d’fhéadfadh iarrthóirí eile teacht chun tosaigh idir an dá linn a d’athródh an rás ar fad. Faoi láthair, mar shampla, tá go leor daoine den tuairim go bhfuil Al Gore, iarrthóir uachtaránachta na bliana 2000, ag meas a sheansanna.

Idir an dá linn, caithfidh siad uilig a chinntiú nach ndéanfaidh siad an iomarca stocaireachta.comharthaí ann cheana féin go bhfuil an pobal dubh dóite den fheachtas. Más ea, cén dearcadh a bheas acu i leith na n-iarrthóirí i gceann bliain go leith?

Tá Brian Ó Broin ag obair i Roinn an Bhéarla in Ollscoil William Paterson i Nua-Gheirsí áit a bhfuil sé ag plé leis an teangeolaíocht, Léann na Meánaoiseanna agus an Léann Éireannach. Is as cathair na Gaillimhe ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.