
Tá léargas spéisiúil le fáil faoi shaol phríosúnaigh Éireannacha i Sasana sna seachtóidí ó litreacha a sheol beirt bhan Ghaeltachta chuig Rialtas na hÉireann ag an am.
»»»Cíorann Tony Birtill cúlra gaelach fear de na Ciaróga, Paul Mc Cartney, san alt seo.
»»»Cíorann Breandán Delap a bhfuil le fáil i gcomhaid rialtais maidir le feidhmiú Údarás na Gaeltachta i mblianta tosaigh na heagraíochta.
»»»Thosaigh Lisa Nic an Bhreithimh ar thaithí oibre le Raidió na Life an samhradh seo caite agus tá sí fós chomh tógtha céanna leis an mbealach raidió príomhchathrach atá ag craoladh ar fud an domhain ar an idirlíon chomh maith.
»»»Chuaigh Balor ar a chliathaibh fis nó is fearr aon amharc amháin romhat ná dhá amharc in do dhiaidh. Amhail sin a taibhríodh dó Ivana Apparachik agus foireann eile de réalta na hÉireann ag Gaeilgeoireacht leo.
»»»Feictear do Bhearnaí Ó Doibhlin go bhfuil taighde as úire agus foilsiú i réimsí den léann acadúil ag oscailt súile daoine san Astráil i leith sochaí an mhuintir dhúchais thar mar a tuigeadh a scéal le cúpla glúin anuas.
»»»Molann Donncha Ó hÉallaithe go mba cheart do Chonradh na Gaeilge, tús áite a thógáil san allagar poiblí faoi thodhchaí na tíre trí chomóradh a eagrú ar an léacht cáiliúl a thug De hÍde 120 bliain ó shin, léacht a chuir tús leis an athnuachan as ar eascair, tríocha bliain níos deireanaí, stát neamhspéach don 26 Contae .
»»»Ní maith le Ciarán Mac Aonghusa an druidim siar ón ilteangachas a bheas ar bun feasta, is cosúil, más leid ar bith an cúbadh atá ar na bacáin don Tionscnamh um Theangacha Nua-aoiseacha sa Bhunscoil.
»»»Na fíréin abhus, samhlaítear iad mar shíol an diabhail ag an duine thall. Bhí Robert McMillen ag caitheamh súile ar sheanchas dhá fhéiniúlachta.
»»»Le linn dó a bheith sa Rómáin, thug na daoine bronntanas do Dhiarmuid Johnson a chuir iontas agus áthas air.
»»»Tá Maidhc Ó Cathail sásta gabháil ag tuar ar chuid de shaol na polaitíochta idirnáisiúnta agus ní haon dea-scéala atá le roinnt aige.
»»»Cé go bhfuil a míshástacht léirithe ag eagrais Ghaeilge agus Ghaeltachta faoin chinneadh Oifig an Choimisinéara Teanga a chomhcheangal le hOifig an Ombudsman, ní gach duine a bheas míshásta faoi, dar le Breandán Delap.
»»»Bíonn fuadar faoi na margaí agus támhnéal ar na forais Eorpacha in éineacht a deir Ciarán Mac Aonghusa, forais a bhfuil géarghá le hathleasuithe ó de dhíth go géar orthu.
»»»Cuirfear tús an bhliain seo chugainn le sraith comórthaí éagsúla ar a tharla sa tír seo céad bliain ó shin, thuaidh is theas. Tá bunú an Lucht Oibre mar pháirtí nua polaitíochta, ar ceann de na ócáidí stairiúla a bheas le comóradh. Tá Donncha Ó hÉallaithe den tuairim go mb’fhearr le cuid de Airí Rialtais an Lucht Oibre nach mbeadh aon chomóradh ann!
»»»Ní mó ná sásta a bhí Tony Birtill le dearcadh ar logainmneacha Gaeilge a nochtadh le linn cúrsa i nGarbhchríocha na hAlban.
»»»Bhí deis ag Amanda Reid labhairt le duine de mhná óga na tíre le linn a cuid taistil sa tSiria. Seo mar a tharla.
»»»Mheabhraigh turas go Seattle do Cholm Ó Snodaigh a shaibhre is a bhíonn fuaim fhíor callairí cearta, hifi agus ceol fuamlainne le hais blaisíní den cheol mar a roinneann an MP3 linn.
»»»Braitheann Bearnaí Ó Doibhlin go bhfuil cuid mhaith de mhuintir na hAstráile á saobhadh féin le híomhá de fhéiniúlacht na heasurraime, íomhá nach dtagann le fírinne an scéil.
»»»“Tá lucht na Gaeilge lán go draid le cleasaibh deontasaíochta” a dúirt an Coimisinéir Fiacla le Balor Béimeann, “ach tá port deiridh a gCoimisinéara Teanga seinnte ag Erectus 2011!”
»»»Bhí Maidhc Ó Cathail ag breathnú isteach in obair Oifig um Sceimhlitheoireacht agus Aisnéis Airgeadais na Stát Aontaithe.
»»»Tchítear do Robert McMillen gur ag comhaireamh cúinne beag toghthóirí atá ceannaire an DUP in ionad ceannaireacht stuama fhadbhreathnaitheach a thabhairt.
»»»Léaró lucht na Fraincise i ndomhan an Bhéarla? Thug comhdháil in Ottawa an mhí seo caite an-ábhar misnigh do Bhrian Ó Broin i dtaca le gluaiseacht phobal na Gaeilge i Meiriceá Thuaidh.
»»»Tráchtann Donncha Ó hÉallaithe san alt seo ar Michael D. Higgins, an tUachtarán nuathofa, ón aithne a bhí aige ar an bhfear. Deir sé gur bua mór don tír, é a bheith roghnaithe as an seachtar a bhí ag seasamh.
»»»Dream na calaoise ar Shráid Wall a bheith faoi léigear ag Anonymous agus a chairde a tharraing aird Bhriain Uí Bhroin.
»»»Baineann a dheacrachtaí féin le haon tionscal a thabhairt chun cinn go rábhach nó buailfear na tionscail eile in aice láimhe trí allmhairiú saor ina n-aghaidh, agus ar bhealaí eile, mar is eol do Bhearnaí Ó Doibhlin san Astráil.
»»»Tugann Ríona Nic Congáil léargas ar an taighde atá ar bun ag Val Noone agus Mary Doyle, agus iad ag iarraidh tuiscint níos fearr a fháil ar thionchar agus ar ról na Gaeilge i Victoria na hAstráile.
»»»Fuair Amanda Reid síob le dul ag spáisteoireacht is ag dreapadh i sléibhte na hÚisbéacastáine. - Síob in otharcharr!
»»»Míníonn Maidhc Ó Cathail an obair eagrúcháin a thionscain 70 eagraíocht a ghabháil i muinín na bréige faoi Libia, nó a mharaigh c. 50,000 in achar gairid.
»»»Bhí Tony Birtill ag caitheamh súil siar na blianta ar Learpholl an Drochshaoil nuair a chas an t-iriseoir teilifíse, Donal Mac Intyre, air ar na mallaibh.
»»»Tchítear do Robert McMillen go léiríonn cúlú an Chamshrónaigh ó nochtadh na fírinne go rialaíonn bunaíocht Shasana an tír thall.
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil.
Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.