
Bhí an bainisteoir cispheile Lenny Wilkins an-bhocht agus é ag éirí aníos agus tugadh drochíde dó de bharr go raibh athair dubh agus máthair bhán aige, ach d’éirigh leis go leor a bhaint amach ina shaol mar sin féin. Tuairisc ó Tom Deignan.
»»»Tá seirbhís traenach idir Adelaide agus Darwin den chéad uair riamh anois ach ní dea-scéala é seo do gach duine, mar a mhíníonn Dáithí Ó Colchúin.
»»»Tá Balor na bPócaí Folmha go mór in éad le roinnt ball de chuid Údar Ass na Gaeltachta de bharr costaisí chomh maith sin a bheith á bhfáil acu.
»»»Tá Dónall Ó Maolfabhail den tuairim go bhfuil dochar mór déanta ag roinnt de na ráitis a rinne an Taoiseach agus an tAire Dlí agus Cirt mar gheall ar mhaoiniú Shinn Féin agus gur chun vótaí a mhealladh ina dtreo féin atá sé seo á dhéanamh acu.
»»»Ta Liz Curtis an-tógtha leis na himeachtaí a eagraíonn Cumann Seandálaíochta Uladh, go háirithe na turais.
»»»Measann Robert McMillen gur ábhar dóchais a bhí sa chruinniú idir Ian Paisley agus an Taoiseach Bertie Ahern le gairid.
»»»Chuir fógra a chonaic Tony Birtill i nuachtán áitiúil i Learpholl le gairid ag smaoineamh é ar John Lennon agus chomh tábhachtach is a bhí sé do bhunadh na hÉireann sa chathair.
»»»Rinneadh Staidéar Tionchair Teanga le déanaí chun an éifeacht a bheadh ag tógáil eastáit nua tithíochta ar an gCeathrú Rua i gConamara ar an nGaeilge a mheas. Tá Uinsionn Mac Dubhghaill den tuairim, áfach, go bhfuil laigí móra ag baint leis an staidéar seo.
»»»Féachann Tom Deignan ar chuid de na mianta, idir chinn thromchúiseacha agus chinn bheagthábhachtacha, atá aige féin agus ag cuid de bhunadh Nua-Eabhrac ag tús na bliana nua seo.
»»»Tá go leor daoine den tuairim nach bhfuil plean Rialtas na hAstráile don Mhórsceir Bhacainneach cuimsitheach go leor, ach is céim chun cinn é mar sin féin, mar a mhíníonn Dáithí Ó Colchúin.
»»»Tá comhairle ag Balor dóibh siúd go léir ar mian leo dea-rúin a scríobh ach nach bhfuil fonn orthu cloí leo.
»»»Measann Dónall Ó Maolfabhail go bhfuil port an Taoisigh Bertie Ahern seinnte agus go gceapfar duine eile ina áit mar cheannaire ar Fhianna Fáil le linn 2004.
»»»Le linn di a bheith i nGaeltacht Chiarraí an samhradh seo caite, labhair Liz Curtis le Máire Uí Shíthigh ó Oidhreacht Chorca Dhuibhne faoin obair atá idir lámha ag an chomharchumann sin.
»»»Caitheann Robert McMillen súil siar ar phríomhimeachtaí na bliana 2003 i dTuaisceart Éireann.
»»»Dealraíonn sé go mbeidh cosc ar an tobac sna tithe tábhairne agus in áiteanna eile poiblí in Éirinn go luath. Níl sé i gceist ag Rialtas na Breataine cosc den chineál céanna a chur i bhfeidhm, áfach, mar a mhíníonn Tony Birtill.
»»»Tá Uinsionn Mac Dubhghaill den tuairim gur maith an rud é an dílárnú atá beartaithe ag an rialtas ach measann sé nach bhfuiltear ag dul ina bhun i gceart.
»»»Bhí Tom Deignan i láthair ag taispeáint speisialta den scannán In America a eagraíodh d’inimircigh óga i Manhattan an mhí seo caite, agus ba dhíol spéise dó an tslí a raibh siad chomh tógtha sin leis an saothar.
»»»Tá praghas na dtithe tar éis ardú seacht déag faoin déag le roinnt míonna anuas sa Spáinn agus níl aon dóchas ag Carmen Rodríguez go dtiocfaidh feabhas ar an scéal seo.
»»»Léirigh Rialtas na hAstráile an mhí seo caite go bhfuil síad tugtha do na bréaga, dar le Dáithí Ó Colchúin, agus lucht iarrtha tearmainn Curdacha á ruaigeadh acu as an tír.
»»»Fuair Balor, an tIriseoir calma clúiteach, deis roinnt cruacheisteanna a chur ar cheannaire an DUP, Ian Mór an Páiseadóir.
»»»Chaith Liz Curtis tréimhse phléisiúrtha i measc na Muimhneach an samhradh seo caite.
»»»Féachann Robert McMillen ar na himpleachtaí a bhaineann le torthaí thoghchán an Tionóil sna Sé Chontae.
»»»Tá logainmneacha leithinis Wirral, in aice le Learpholl, an-suimiúil, dar le Tony Birtill, de bhrí go bhfuil meascán den Ioruais, den Ghaeilge agus den Bhéarla le fáil iontu.
»»»Bhí Uinsionn Mac Dubhghaill i láthair sa Chúirt Chuarda i nGaillimh ag deireadh na míosa seo caite nuair a tugadh fianaise i gcoinne Maurice Tobin, Bráthair Críostaí a rinne ionsaithe gnéasacha ar bhuachaillí óga i scoil thionsclaíoch Leitir Fraic ar feadh cúig bliana is fiche.
»»»Is minic a deir daoine go bhfuil an seicteachas in Albain chomh holc céanna is atá sé i dTuaisceart Éireann, ach ní aontaíonn na saineolaithe leis an tuairim sin, mar a fuair Stiofán MacGréill amach.
»»»Beidh John F. Kennedy daichead bliain marbh an mhí seo agus tá roinnt mhaith leabhar nua foilsithe faoi féin agus faoi mhuintir Chinnéide le tamall anuas. Léigh Tom Deignan an ceann is fearr acu.
»»»Tá carranna gréine ag éirí níos éifeachtaí ach beidh sé tamall maith sula mbeidh siad á n-úsáid go forleathan, dar le Dáithí Ó Colchúin.
»»»Casadh go leor daoine spéisiúla ar Bhalor ag príomhfhéile na Gaeilge le gairid.
»»»Tá sé i gceist cuid dlíthe leabhail na hÉireann a leasú gan mhoill agus comhairle preas a bhunú chun monatóireacht a dhéanamh ar na meáin chlóite. Tá an baol ann, áfach, dar le Dónall Ó Maolfabhail, nach mbeidh an chomhairle seo neamhspleách.
»»»Níor chaith Liz Curtis agus a cara ach deireadh seachtaine ag dul timpeall Inis Eoghain, ach d’éirigh leo an t-uafás a dhéanamh agus a fheiceáil mar sin féin.
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil.
Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.