173
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Tá gach cosúlacht ar an scéal go ngearrfar an sean-nasc bunreachtúil idir an Bhreatain agus an Astráil san am atá romhainn. Seans, áfach, gur mall seachas luath a tharlóidh sé, dar le Bearnaí Ó Doibhlin.
»»»Féachann Diarmaid Mac Mathúna siar ar chuid de na rudaí is tábhachtaí a thit amach sa ríomhaireacht le linn na bliana 2001 agus molann sé dhá shuíomh gréasáin a chabhróidh leat do shaol a athrú sa bhliain atá amach romhainn.
»»»Tráchtann Balor ar chuid de na ceisteanna atá i mbéal an phobail faoi láthair sa Stát Seicteach, Aon-Diach, Aon-Chultúrach, Truamhéalach seo ar a dtugtar Éire.
»»»Tá Poblachtaigh na Stát Aontaithe ag cuimilt boise dá n-éadan, ag sá caonaigh ina gcneácha agus ag fiafraí cad é le déanamh? Tá Brian Ó Broin den bharúil gur shúram tae na cóisre a rinne an dochar.
»»»Cíorann Colm Mac Séalaigh gné thiochar an spóirt ar an saol mhór lasmuigh de chúrsaí spóirt. Léirigh mhórlaochra gorma an chéad seo caite, ó Jack Johnson go Muhammad Ali agus eile an tionchar sin.
»»»Tá Balor ar an eolas ar fad te bruite as Cathair na bhFáithe. Bhí sé ag cúléisteacht le hÍosa Mhic Giolla Mháire nuair a bhris sí scéalta faoin Abu Proinsias.
»»»Bhuail splanc fiannaíochta Eoin Mac Aodha Bhuí ach cén t-ionadh nó is i mbun taighde a bhí sé ar an áis ríomhaireachta, nó an áis tochmhairc, Tinder.
»»»Tá cuntas ag Caitríona Ní Chonchúir ar an ngaol ar leith atá ag Halifax le hÉirinn, tharla gur cuireadh líon mór Éireannach faoin bhfód ann céad bliain is an t-am seo agus gur cuireadh líon nach beag díobh amuigh ar an bhfarraige freisin.
»»»Bhain Colm Mac Séalaigh tátal i dtaca le forbairt spórt as leabhair spéisiúil a léigh sé le déanaí, Guns, Gems and Steel, a short history of everybody for the last 13,000 years.
»»»Ag amharc chun cinn atá Ciarán Mac Aonghusa ar chuairt an Uachtaráin ar Shasain an bhliain seo chugainn agus ar a leochailí is atá ceannasacht tíortha beaga ár linne.
»»»Taispeánann spárálaí scáileáin na míosa seo grianghraif de na Blascaodaí, grúpa oileán atá suite in iardheisceart na hÉireann, amach ó chósta Chorca Dhuibhne i gContae Chiarraí. Bhain na hoileáin cáil amach de bharr scríbhneoirí mar Thomás Ó Criomhthain (An tOileánach), Mhuiris Ó Súilleabháin (Fiche Blian ag Fás) agus Pheig Sayers (Peig).
»»»D’fhreastail Robert McMillen ar léacht a thug an staraí John Gray ar na mallaibh agus is léir dó, go fiú má d’athraigh an saol féin ón bhun aníos idir an dá linn, nár athraigh scéal géarchéimeanna geilleagair ina mbunghnéithe ó Bhoilgeog na Mara Theas sa bhliain 1720 go dtí an lá inniu.
»»»Tugann Alan Desmond cur síos san alt seo ar na deacrachtaí agus na contúirtí atá roimh an inimirceach a thagann go hÉirinn lasmuigh den dlí.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.