Tá éacht oibre déanta ag eagraíochtaí comhshaoil na hAstráile le fiche bliain anuas, dar le Dáithí Ó Colchúin .
Tá bealaí éagsúla ag eagraíochtaí comhshaoil san Astráil lena gcuid oibre a chur chun cinn. Ach tá dhá eagraíocht ann a dhéanann é sin ar bhealach an-simplí – ceannaíonn siad talamh a bhfuil tábhacht ag baint leis. In Iarthar na hAstráile atá ceann acu sin, an Australian Wildlife Conservancy. Bunaíodh é beagnach 20 bliain ó shin nuair a chuir fear as an mBreatain, Martin Copley, a chuid airgid féin isteach ann le hionaid chaomhnaithe a cheannach. Anois tá 15 d’ionad acu ar fud na hAstráile, tuairim is 1.1 milliún heicteár ar fad.
Is é Bush Heritage an ceann eile. Bunaíodh é sin i 1990 nuair a ghnóthaigh an Seanadóir Glas Bob Brown duais gurbh fhiú $50,000 é. Baineadh úsáid as an airgead le foraois sa Tasmáin a cheannach agus a chosaint. Anois tá 25 ionad acu, tuairim is 700,000 heicteár ar fad. Tá sé d’aidhm acu ar a laghad 1% den Astráil a bheith acu faoi cheann 20 bliain le gnáthóg agus ainmhithe dúchasacha a chosaint. Is ionann é sin agus 7 milliún heicteár nó an oiread talún is atá in Éirinn.
Is é Doug Humann príomhfheidhmeannach Bush Heritage. Tá sé leo ó 1997 nuair nach raibh acu ach oifig bheag i Hobart agus ba é féin an t-aon oibrí lánaimseartha a bhí acu. Anois tá oifigí acu i Melbourne, 40 oibrí lánaimseartha, buiséad gur fiú na milliúin é, agus gabháltais mhóra talún ar fud na hAstráile. Ar ndóigh ní fhéadfaí é sin a dhéanamh gan airgead agus tá béim ar leith ar bhailiú airgid. Bhailigh siad níos mó ná $13 milliún anuraidh agus tá a liosta deontóirí ag dul i méid an t-am ar fad.
Tá lucht tacaíochta de chuile chineál acu ach le blianta beaga anuas tá tacaíocht á fáil acu ó chuid de na daoine is saibhre san Astráil, duine de mhuintir Besen as Melbourne, cuir i gcás, a bhfuil sé de cháil orthu gur fiú $1.4 billiún iad. Tá na daoine sin cúramach lena gcuid airgid, ach sa gcás seo is féidir leo toradh a fheiceáil ar obair na heagraíochta agus ar a gcuid caiteachais féin.
Is é an straitéis atá ag an dá eagraíocht seo talamh a bhfuil réimse leathan de ghnáthóga agus d’ainmhithe dúchasacha orthu, ach atá á úsáid anois le haghaidh beithíoch nó caorach, a cheannach ar an ngnáthmhargadh i gcoimhlint le feilméaraí, an stoc a dhíol agus ionad caomhnaithe a thabhairt do na hainmhithe dúchasacha a chosnódh iad in aon triomach, dá olcas é.
Téann Doug Humann thar lear gach bliain ag bailiú airgid. Dúirt sé go raibh sé i Maine sna Stáit Aontaithe in 2003 nuair a bhí siad ag bailiú airgid chun stáisiún beithíoch i Queensland a cheannach. Thaispeáin sé sleamhnáin don lucht féachana a léirigh na hainmhithe agus na héanacha a bhí le fáil ann agus mhínigh sé dóibh go bhféadfaí an talamh a cheannach agus a chaomhnú ar $3 an t-acra. Ag deireadh an chruinnithe tháinig fear amháin chuige agus d’fhiafraigh: “An ag magadh atá tú? Is féidir é sin ar fad a shábháil ar $3 an t-acra?” Dúirt Humann go raibh sé sin fíor. Fuair sé seic sa bposta ar $400,000 cúpla mí ina dhiaidh sin.
Ní bheidh ainmhithe agus éanacha dúchasacha na hAstráile i gcruachás a fhad is atá eagraíochtaí mar seo ar an saol. Tá Dáithí Ó Colchúin ina chónaí i Sydney. Is as an gCeathrú Rua i gConamara ó dhúchas é.