Chuir sé neart iontais ar Bhalor nuair a thosaigh ceannaire an DUP ag labhairt Gaeilge leis le gairid.
Fágfar sibh le bhur mbéal ar leathadh an mhí seo a lucht léite Beo Ar Éigean, nó is sibhse – sea sibhse! – chan léitheoirí an Ulster Protestant *nó an *Bullyboy Bulletin nó fiú an Garvaghy Gazette – a léifidh an chéad agallamh riamh i nGaeilge le hIan Kyle Cuireata Curata Paisley an Ghlóir Mhóir agus na Tóna Leithne. Agus cé atá roghnaithe ag an Urramach Paisley le hagallamh a chur air i dteanga na nGael? Cé eile ach Balor na Súile Nimhe agus na Saoithiúlachta Stuama.“Fear siosmaideach thú, a Bhaloir; fear seoigh fosta; fear saoithiúil, seanchríonna, suadhach; agus sin an tuige gur roghnaigh mé tusa as measc iriseoirí uile na Gaeilge chun an t-agallamh seo a chur orm. Fear cunaí, cliste, clifeartha thú chomh maith, a shaoi na scríbhneoireachta,” arsa Ian Mór le Laoch na Litríochta. “Cár fhoghlaim tú an Ghaeilge álainn aoibhinn uamach sin, a Dhochtúir?” a d’fhiafraigh an Fiosraitheoir Fáidhiúil. “Do bharúil anois cén áit, a Bhaloir? Nach n-aithníonn tú do liosta aidiachtaí féin? Ghoid mé iad amach as alt de do chuid ar Beo Ar Éigean! Cá háit eile a bhfaighfeá Gaeilge chomh galánta nó chomh snasta? Dála an scéil, tá súil agam go bhfuil tú ag fáil luach do shaothair ón sprionlaitheoir suarach sramach sin Ó Doornail.” “Ach a Dhochtúir,” arsa Balor an Bhéil Bhinn le hIan an Bhéil Mhóir, “cá bhfuair tú bunús do chuid Gaeilge? Bheadh bunús maith ag teastáil chun mo chuidse altanna a léamh.”
“Tá an ceart ar fad agat, a Bhaloir, a chara. B’éigean dom múinteoir a fháil ar dtús leis an dúshraith a chur síos. Ach theastaigh uaim an múinteoir ceart a fháil – múinteoir a thabharfadh an ghramadach cheart chruinn chruthanta dom; tuiseal ginideach iolra na n-aidiachtaí, an modh coinníollach agus an modh foshuiteach caite san áireamh. Ní raibh mé ag iarraidh múinteora mar a bhí ag Gerry Adams. Duine inteacht anaithnid istigh sa Jailtacht a bhí ann is dócha, agus ní dhearna sé jab rómhaith de. Ar chuala tú Gerry nuair a bhí sé ina shuí in aice liom lá an fhógra mhóir i Stormont? Ar chuala tú an dúramán: ‘Tús maith leath an obair’ a dúirt an t-amadán. A leithéid de rud le rá os comhair an tsaoil! Tá a fhios agam go ndeir sibhse gur fearr Gaeilge bhriste ná Béarla cliste, ach bhí an Ghaeilge sin ina smidiríní ar fad. Cé nach mbeadh a fhios acu ‘Tús maith leath na hoibre’. Fiú múinteoirí óga bunscoile ag teacht amach as an choláiste, bheadh an méid sin ar eolas acu, beagnach.”“Ach cén múinteoir a roghnaigh tú duit féin, a Dhochtúir Paisley? Níor inis tú é sin dúinn go fóill,” arsa Balor. “Ar lorg tú comhairle ó dhuine ar bith eile agus tú i mbun do roghnaithe?”“Sea, lorg mé comhairle ó Thuaisceartach aitheanta – Tuaisceart Bhéal Feirste atá i gceist agam, dar ndóigh, agus is í Íosa Mhic Giolla Mháire an Tuaisceartach sin. Tuaisceartach eile – an leibide sin May Mac Ránais – a bhí mar mhúinteoir aicise, agus a rian sin ar a heaspaí gramadaí. Níl aithneodh sí a hainm briathartha óna th’anam ’un deabhail. Síleann sise go bhfuil May iontach maith cionn is go mbíonn seisean i dtólamh ag maíomh go bhfuil sise iontach maith, agus tá a fhios agamsa go maith nach bhfuil ceachtar acu iontach maith. Síleann Mac Ránais go bhfuil sé cliste fosta. An chéad uair a casadh dom an húirín sin d’amharc sé orm idir an dá shúil le haoibh bheag ainglí ar a ghnúis. Bhí mé cinnte gur ball de mo pháirtí a bhí ann. ‘DUP?’ a d’fhiafraigh mé de. ‘Of course I bloody pee,’ arsa May Mac Ránais, ‘Doesn’t everybody?’ Ó a Bhaloir, bhí mé ar mire leis.”“Tá sin thar a bheith suimiúil, a Ian, a chara,” arsa Balor go foighdeach, “ach fós níor inis tú do mo chuid léitheoirí cén múinteoir a chuir tú ar bhóthar do Ghaelaithe. Bhí muintir na Jailtachta ró-éigrinn duit agus bhí May Mac Ránais róghéar agus ródhúramánta, dar leat. Ar bhain tú triail as Odious Gael?”
“A den of iniquity! I mean... pluais urchóide! Brocais bhrocach cháidheach! Caithfidh reachtaire na háite sin an tsíoraíocht ag stócáil thinte Ifrinn as scaoilteacht mhorálta an choláiste sin. Go maithe Dia dó é nó ní mhaithfidh mise, nó mo dheisceabal Willie McCrea ach oiread, agus níl ansin ach sampla beag amháin den iliomad rudaí nach ndéanann Willie! Ach le pilleadh ar do cheist, a Bhaloir... Cad é an cheist a bhí agat?”“Múinteoir, a Dhochtúir Paisley! Cén múinteoir a fuair tú le thú a threorú fríd na tuisil agus na rangabhálacha, na dhíochlaontaí agus na c’ainm atá orthu?"“Mo náire thú a Bhaloir! Ba chóir go mbeadh aiféala ort! Níl a fhios agat na c’ainm atá orthu? Tá tú chomh holc le Gearóid Denvir agus Alan Titley. Níl a fhios acu sin iad ach oiread. Na Bráithre Críostaí! B’in iad na buachaillí a thuig na c’ainm atá orthu. Nach iad sin a scríobh na leabhair mar gheall orthu. Na múinteoirí is fearr ar domhan iad. Féach an oiread sin cloigne crua ar bhuail siad an cúpla focal isteach iontu.”“An raibh duine de na Bráithre mar mhúinteoir agat, a Dhochtúir Paisley? An mar sin a fuair tú an Ghaeilge bhlasta snasta? Ó na Bráithre Críostaí?” a d’fhiafraigh Balor.“Ó chuaigh mé á gcuartú, a Bhaloir,” a d’fhreagair Ian Mór, “agus thóg sé fada go leor orm teacht orthu. Ach i ndiaidh roinnt seachtainí tháinig mé ar an áit a raibh siad. Bhí duine amháin acu i gcathaoir rothaí agus an duine eile róshean le bogadh as an leaba; ach bhí siad fós ag sárú a chéile le véarsa i ndiaidh véarsa as an Táin, mar a bheadh beirt Oisín i ndiaidh na Féinne.”“Tá mé cinnte gur fíor duit, a Dhochtúir, ach cérbh é do mhúinteoir? Ar mhiste leat a insint do mo chuid léitheoirí cén múinteoir Gaeilge a bhí agat, le do thoil?” a d’fhiafraigh Balor.“Bhuel nach tú atá mífhoighdeach, gorálach, corrthónach, a Bhaloir. Bhí mé ag teacht chuige sin, agus bheinn i ndiaidh a insint duit ach go b’é go bhfuil tú i ndiaidh a bheith ag cur isteach orm gan stad. I ndáiríre ní raibh ar intinn agam ón tús ach an t-aon duine amháin. Ní fhacthas dom go dtiocfadh liom dul thar an duine seo mar mhúinteoir: duine a thuigfeadh mo chás ó thaobh na staire de agus ó thaobh na polaitíochta de; duine leathanaigeanta a bheadh báúil le cás na n-aontachtóirí agus na bProtastúnach; duine a bheadh páirteach le plandálaithe agus géarleantóirí bochta. Cé eile ach Nollaig Ó Gadhra a mhúin mo chuid Gaeilge dom.”“Agus, a Ian, an dtig liom ceist a chur ort cad tuige gur thiontaigh tú ar an Ghaeilge agus tú ag dul anonn chomh mór sin in aois?” a d’fhiafraigh Balor. D’fhreagair Paisley: “Arú a Bhaloir, nach dtuigeann tú go bhfuil mé anois thar an cheithre scór agus nach bhfuil mórán ama fágtha agam ar an saol seo. Agus, mar a déarfadh m’athair linn i gcónaí sa bhaile: ‘Nach fearr i bhfad duine acu sin bás a fháil seachas duine againn féin!’”