AR NA SAOLTA SEO
Tacaíocht don tSeirbhís Phóilíneachta mar chuid de straitéis fhadtéarmach
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen

Deir Robert McMillen go raibh sé i gcónaí i gceist ag Sinn Féin tacaíocht a thabhairt do Sheirbhís Phóilíneachta Thuaisceart Éireann, ó aimsir Chomhaontú Aoine an Chéasta ar aghaidh.

Íomhá
Ní gach duine atá sásta le treo nua Shinn Féin
Íomhá
Martin McGuinness agus Gerry Adams ag Ardfheis speisialta Shinn Féin an mhí seo caite

Tá aithne agam ar fhear a bhíodh gníomhach i ngluaiseacht na poblachta. Chaith an fear céanna seal fada i bpríosún, ach i ndiaidh dó a theacht amach bhí crut eile ar chúrsaí polaitíochta ó thuaidh. Bhí Sinn Féin ag bogadh i dtreo na polaitíochta agus mhothaigh sé go raibh sé ina éan corr. Chaill sé teagmháil lena sheanchomrádaithe, thiontaigh sé i dtreo drugaí agus alcóil agus tá fadhbanna sláinte anois aige. Tá sé binbeach fán dóigh ar caitheadh leis mar dhuine agus fán treo ina bhfuil Sinn Féin ag dul. Scéal pearsanta agus scéal náisiúnta fite fuaite ina chéile.

“Amharc cad é a rinne mé ar a son ach ní ann dom níos mó,” a deir sé. Chaith sé leathchuid dá shaol i bpríosún agus anois tá sé ar buile go bhfuil Sinn Féin i ndiaidh aitheantas a thabhairt don namhaid ar throid sé ina éadan.

Is trua gur fágadh an duine seo ina éan scoite, ach is maith an rud é go bhfuil bunús mór an phobail náisiúnaigh ag tabhairt bata is bóthar don dearcadh diúltach atá aige. Tá siad ann sna paraimíleataigh a chreideann gurb í an choimhlint an rud is tábhachtaí, níos tábhachtaí ná an ceann scríbe féin, de réir dealraimh.

Mura bhfuil an choimhlint ann, níl raison d’être ag na fir chrua seo agus ainneoin ar thit amach ag deireadh mhí Eanáir, beidh siad i gcónaí ann.

Ach tá buntáiste ag Sinn Féin. Mar a dúirt Tony Blair: “Sinn Fein has demonstrated one of the most remarkable examples of leadership I have come across in modern politics.”

Thug an páirtí ról do na fir chrua ina measc, chuir ar a súile dóibh go raibh lá na láimhe láidre thart agus go mbainfeadh siad a gcuspóir amach trí mheán na polaitíochta.

Ainneoin go bhfuil an DUP á moladh féin as an bhrú a chuir siad ar na poblachtánaigh Seirbhís Phóilíneachta Thuaisceart Éireann a aithint, ba léir go raibh sé de rún ag Sinn Féin aitheantas a thabhairt don PSNI ar mhaithe leo féin agus ní leis an DUP a shásamh.

Ba chuid den straitéis fhadtéarmach riamh é agus murar thuig na daoine atá ag tréigbheáil an pháirtí faoi láthair gur cuid den loighic a bhí taobh thiar de Chomhaontú Aoine an Chéasta é go nglacfadh Sinn Féin leis an chóras cirt ó thuaidh, thuig an cheannaireacht é.

Bhí sé de bhua acu gur thug siad a lucht tacaíochta leo, ag baint níos mó ná 90 faoin chéad de na vótaí ag an Ardfheis. Déarfadh saoistí an pháirtí gur tharla sé seo mar gheall ar an tsíordhíospóireacht a théann ar aghaidh idir an cheannaireacht agus gach ball den pháirtí.

Ar ndóigh, chuirfeadh easaontóirí síos ar seo mar dheachtóireacht, go bhfuil Sealadaigh shinsearacha ceannaithe le “impireachtaí” dá gcuid féin.

Na heasaontóirí

Ag scríobh in The Blanket, maíonn an t-easaontóir Anthony McIntyre gurb é scor an Assets Recovery Agency an rud a mheall iarbhaill an IRA i dtreo aitheantais don PSNI. Tá Sinn Féin ag fógairt go dtabharfaidh siad muid a fhad le hÉirinn Aontaithe Sóisialach, póilín i lámh amháin acu agus cuntas bainc sa lámh eile, dar leis.

Ach ní fada go dtosóidh an aistroid.toghchán fógartha don 7 Márta agus beidh seans ag easaontóirí aiféaltas a chur ar Shinn Féin. An sceithfidh Sinn Féin ar phoblachtánaigh atá ag leanstan ar aghaidh leis an streachailt armtha in éadan fhórsaí diamhra na Breataine, i.e. an PSNI? Cad é fá “the dead generations from which she receives her old tradition of nationhood” – náisiún, ní Stat Sé Chontae?

Ach sin an rud a dhéanfaidh siad. Is léir don dall go bhfuil bunús mór na bpoblachtánach taobh thiar de Shinn Féin. Maíonn na heasaontóirí go bhfuil an poblachtánachas marbh, ar ndóigh, ach is cosúil go bhfuil an fhís agus an straitéis a chruthaigh Adams agus a gcomhghleacaithe agus iad i gCampa na Ceise Fada sna 1970í ag teacht i mbláth.

I suirbhé a bhí ar an Sunday Business Post, dúirt 56 faoin chéad de na daoine a ceistíodh gur mó an seans go dtabharfadh siad vóta do Shinn Féin i ndiaidh don pháirtí tacaíocht a thabhairt don PSNI.

Tá gluaiseacht faoi na Shinners faoi láthair agus tá siad ag bualadh in éadan dhíog chosanta an DUP. Tá an Coimisiún Neamhspleách Faireacháin féin ag rá go bhfuil go bhfuil deireadh leis an IRA, ach mar sin féin, tá Ian Paisley sásta fanacht i ról King Canute.

Cuirfidh an DUP ceisteanna crua ar “Sinn Féin /PSNI” maidir le marú uafásach Robert McCartney agus airgead Bhanc an Tuaiscirt ach cá fhad a ghlacfaidh sé sula n-aithneoidh Paisley – agus Peter Robinson, atá i bhfad níos deimhníníos pragmataíbunús a chomhghleacaithe – a sean-namhaid, Gerry Adams, mar chéile rialtais?

Is iriseoir leis an Irish News i mBéal Feirste é Robert McMillen. Is as an chathair sin ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.