AR NA SAOLTA SEO/Ó MHEIRICEÁ ANIAR
Seó beo bríomhar an Superbowl
Brian Ó Broin Brian Ó Broin Brian Ó Broin

Tá na milliúin duine i Meiriceá ag tnúth go géar leis an Superbowl, a bheas ar siúl Dé Domhnaigh, 4 Feabhra. Tuairisc ó Bhrian Ó Broin.

Íomhá
Trofaí an Superbowl
Íomhá
Íomhá
Bono ag canadh ag leathama an Superbowl, 2002
Íomhá
Rex Grossman: gortaithe go minic

Le coicís anuas, tá na nuachtáin breac le fógraí do theilifíseáin ollmhóra leathscáileáin. Shílfeá nárbh í mí Eanáir an t-am ab fhearr chun a leithéid a dhíol, ach bheadh dul amú ort dá sílfeá nárbh ea. Is í seo aimsir an Superbowl, nuair a thagann grúpaí fear (den chuid is mó) le chéile fud fad Mheiriceá chun bia a ithe, beoir a ól, agus breathnú ar pheil Mheiriceánach ar feadh lae iomláin. I mbliana, imreofar an Superbowl ar an 4 Feabhra.

Tá daoine áirithe den tuairim nach bhfuil ach trí shéasúr i Meiriceá, agus ní ag smaoineamh faoin nádúr a bhíonn siad in aon chor: cispheil (earrach-samhradh), daorchluiche (samhradh-fómhar), agus peil (fómhar-geimhreadh). Tá ré mhór na cispheile thart le tamall anois, tar éis gur bhris na Chicago Bulls na curiarrachtaí go léir sna nóchaidí, agus ó shin i leith tá meath beag tagtha ar an spórt sin. Ciallaíonn sé sin nach bhfuil ach spórt amháin i mbéal na ndaoine faoi láthair, agus sin an pheil.

Tosaíonn séasúr na peile i mí Lúnasa agus leanann gnáthchluichí an tsraithchomórtais ar aghaidh go dtí mí na Nollag. Ó mhí Eanáir amach, imrítear cluichí "iarshéasúra" idir na foirne is fearr sa sraithchomórtas, agus é mar sprioc acu, ar bhonn craobhchomórtais, an dá fhoireann is fearr a aimsiú do mhórchluiche deireanach an tséasúir: an Superbowl. Mar a thuigfeá, mar sin, is ionann Superbowl Mheiriceá agus craobh uile-Éireann na Peile Gaelaí ó thaobh tábhachta de.

Táthar ag tabhairt "an I-65 Superbowl" ar an gceann seo, ó ainm an bhóthair idir Siceágó agus Indianapolis, na cathracha arb as an dá fhoireann atá roghnaithe i mbliana – na Chicago Bears agus na Indianapolis Colts. Is annamh seo; de ghnáth, tagann na foirne ó mhórchathracha na gcóstaí, agus is minic iad i bhfad óna cheile. Anuraidh, mar shampla, d’imir na Seattle Seahawks (ó stát Washington, san iarthuaisceart) in aghaidh na Detroit Steelers (ó Mhichigan, san oirthuaisceart). I mbliana tá dhá fhoireann ó lártíre ag imirt in aghaidh a chéile nach bhfuil ach 190 míle eatarthu ar bhóthar idirstáit I-65.

Blianta tosaigh

Tá dhá shaghas peile i Meiriceá – peil na gcoláistí, a imrítear de ghnáth idir ollscoileanna móra stáit, agus peil ghairmiúil, a imrítear ar bhonn gnó timpeall na tíre. Is as peil na gcoláistí a thagann peil ghairmiúil, ar ndóigh, agus is ón rugbaí a thagann peil na gcoláistí, a thosaigh i gcoláistí agus ollscoileanna an Ivy League sa naoú haois déag. Leath an cluiche amach i measc choláistí na hAontachta uilig go dtí go raibh an méid sin suime sa spórt gur bunaíodh go gairmiúil é in Ohio i 1920. Más ea, is beag suim a bhí ag pobal Mheiriceá ann ach mar chluiche pobail, agus má fuair imreoirí airgead as a n-imirt, níor mhórán é. Ba é teacht na teilifíse sna caogaidí a d’athraigh gach rud. Go tobann, bhí lucht féachana ag an gcluiche seo taobh amuigh de na bailte beaga tionsclaíocha inar imríodh é. Diaidh ar ndiaidh, chuaigh na foirne beaga baile i bpáirt le chéile chun foirne móra réigiúnda a bhunú. Taobh istigh de thréimhse ghearr, d’athraigh an cluiche beag páirtaimseartha seo go mórchluiche gairmiúil, a bhí á imirt ar bhonn Pan-Mheiriceánach. Faoi na seascaidí bhí dhá shraithchomórtas ag imirt ar bhonn náisiúnta – an National Football League (NFL) agus an American Football League (AFL).

Ar ndóigh, níorbh fhiú na foirne, na stáideanna, ná na cluichí móra gan sprioc ná duais mhór, agus i 1967 rinneadh cinneadh go n-imreodh buaiteoirí an AFL in aghaidh bhuaiteoirí an NFL chun go mbeadh seaimpín náisiúnta amháin ann. I 1970, chuaigh foirne uilig an AFL isteach sa NFL agus chuireadar deireadh lena n-eagraíocht neamhspleách, ach bhí éirithe chomh maith sin leis an Superbowl gur leanadh ar aghaidh leis. Anois roghnaítear na hocht bhfoireann is fearr sa sraithchomórtas agus trí imirt dhíbeartha, roghnaítear dhá fhoireann don chraobh.

Spéis sa chluiche

Is rud é an Superbowl a bhfuil tóir air go hidirnáisiúnta. Cé nach n-imrítear an spórt i mórán tíortha eile ar domhan, craoltar an cluiche in áiteanna chomh héagsúil leis an gCóiré, an Astráil, an Danmhairg, agus an Rúis. Tá cáil dhomhanda ar na fógraí teilifíse a chraoltar i rith leathama, agus faightear na ceoltóirí agus na hoirfidigh is clúití chun an t-amhrán náisiúnta a rá roimh an gcluiche. Le blianta beaga anuas, chas ceoltóirí mar na Dixie Chicks, Sting, Shania Twain, Celine Dion, Paul McCartney, agus U2 le linn an tseó. I mbliana beidh an sorcas Cirque du Soleil i mbun siamsaíochta réamhchluiche, Billy Joel ag canadh an amhráin náisiúnta, agus Prince, mar aon le Béyoncé Knowles, ag canadh i rith leathama.

Deirim "seó" d’aon ghnó, mar gur cluiche teilifíse an cluiche seo – stopfar gach cúpla nóiméad é chun fógraí a chraoladh. Beidh cláracha "réamhchluiche" ar siúl ar feadh ceithre huaire an chloig sula dtosóidh an cluiche féin. Creid nó ná creid, beidh cigirí faoi leith fostaithe ag an NFL, ag siúl na páirce ag cinntiú nach bhfuil na himreoirí, na réiteoirí, na bainisteoirí, ná na craoltóirí ag caitheamh rud ar bith nár cheadaigh an NFL cheana féin. Mar sin, ádh mór ort má tá tú ag caitheamh bróga reatha Adidas más ag Nike atá an conradh leis an NFL! Athraíodh fiú ainm an chluiche i mbliana go dtí an "Chevy Super Bowl".

Ní féidir a shéanadh, ámh, gur eachtra mhórthaibhseach atá sa Superbowl. Má dhéantar bainistiú ar chuile mhionshonra sa staid, is amhlaidh is iontaí an seó teilifíse. Leis na scórtha ceamaraí, agus fearais nua cheamara agus micreafóin a chrochtar ar shreangáin speisialta cúpla méadar os cionn na páirce féin, is féidir leis an mbreathnóir a shamhlú go bhfuil sé féin i lár na páirce leis na himreoirí.

Ach is leor sin de chaint faoin seó - cad faoin chluiche féin? Agus cad faoi na foirne?

Thosaigh na Colts in Baltimore sular aistrigh siad go Indianapolis i 1984. Níor ghnóthaigh siad Superbowl ó 1970 i leith. Munar ghnóthaigh féin, tá ainm faoi leith bainteach leo i mbliana: Peyton Manning, duine de na Quarterbacks is clúití atá ag imirt faoi láthair. Tá a dheartháir Eli ag imirt mar Quarterback do na New York Giants, agus bhí deartháir eile, Cooper, ag pleanáil slí bheatha den chineál céanna go dtí gur leagadh é le tinneas. Mic is ea an triúr le hArchie Manning, an Quarterback a d’imir do na New Orleans Saints sna seachtóidí. Má tá cáil ar Peyton, ámh, deirtear go mbíonn an droch-ádh leis i gcluichí móra mar seo. Ach má tá féin, déarfainn gur cuma leis. In 2004, shínigh sé conradh seacht mbliana ar fiú $100 milliún é leis na Colts.

Bunaíodh na Colts i 1953, ach tá stair níos faide ag na Bears, a bunaíodh i 1920. Tá siad in Illinois ó shin i leith, cé gur chaith siad bliain in Decatur (baile tuaithe) sular bhogadar go Siceágó. Dála na Colts, níl ach Superbowl amháin gnóthaithe acu (1985). Níl an clú céanna ar an Quarterback atá acu, Rex Grossman, is atá ar Peyton Manning, ach tá Grossman tar éis bheith gortaithe go minic sna trí bliana atá caite aige ag imirt leis na Bears. Tá cáil an tsiollaire air freisin. Nuair a chaitheann sé an liathróid, is le stíl a dhéanann sé é, ach is rómhinic ceaptha ag imreoir den fhoireann eile an liathróid nuair nach n-éiríonn leis an teilgean.

Cheana féin, táim ag fáil teachtaireachtaí ríomhphoist ag fiafraí díom cá mbeidh an chóisir Superbowl is fearr, nó ag tabhairt cuiridh dom go dtí ceann. Ar ndóigh, tá cuid mhaith buaileam sciath ar siúl freisin ag cairde a bhfuil na teilifíseáin agus na fearais fuaime is mó acu, bíodh siad ceannaithe nó ar cíos! Beidh seans ag an lucht féachanna in Éirinnn an cluiche a fheiceáil freisin - beidh sé ar fáil ar ITV agus Sky Sports. Faraor dó, ámh, beidh sé ag tosú ar 11 a.m., agus ag críochnú ar 3 p.m. B’fhéidir go mbreathnóidh mé féin ar an gcluiche – chaith mé sé bliana i mo chónaí i measc lucht tacaíochta na Bears in Illinois. Mar sin, "Go Bears!"

Tá Brian Ó Broin ag obair i Roinn an Bhéarla in Ollscoil William Paterson i Nua-Gheirsí áit a bhfuil sé ag plé leis an teangeolaíocht, Léann na Meánaoiseanna agus an Léann Éireannach. Is as cathair na Gaillimhe ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.