Tá sé róluath le rá, dar le Robert McMillen, cén treo ina rachaidh an pholaitíocht sna Sé Chontae.
Ba bhreá liom a léamh, dá mbeadh Karl Marx beo inniu, cad é an chiall a bhainfeadh sé as imeachtaí na míosa seo caite nuair a tháinig an poblachtánachas agus aontachas an DUP le chéile den chéad uair riamh.Rith sé liom go raibh muid ag amharc ar dheireadh na staire mar is eol linn í anseo sna Sé Chontae.An fíor é go bhfuil poblachtánachas “an fhórsa fhisiciúil” ar shlí na fírinne? Nuair a labhair mé le poblachtánach sinsearach dúirt sé gur chaith sé cuid mhór ama le deich mbliana anuas ag éirí cur ina luí ar bhaill an IRA nach raibh gá leis an streachailt armtha agus gurbh fhéidir spriocanna poblachtánacha a bhaint amach fríd an pholaitíocht. Ach seo daoine a chonaic toradh a saothair – saothar fuilteach, uafásach in amanna – ar bhonn láithreach, a deir sé. Má leag siad buama, bhí sé ar an nuacht ar an teilifís go gearr ina dhiaidh. Bhí luach leis an ghníomh agus leo féin mar dhaoine sa streachailt i dtreo Éireann aontaithe, dar leo. Tá an pholaitíocht i bhfad níos leadránaí, i bhfad níos malltriallaí ach is mó an luach atá leis, a deir an poblachtánach seo. Mar sin, tá an ghné sin de stair na hÉireann, an poblachtánachas armtha a théann siar go dtí 1798, gan úsáid san aonú haois is fiche.
Ar an taobh eile den scéal, an bhfuil an t-aontachas marbh? Níl, dar lena lucht leanúna. Tá sé níos láidre ná mar a bhí sé riamh a déarfaidh siad leat. D’éirigh leo an IRA a cheansú, glacann na poblachtánaigh le prionsabal na tola; tá deireadh le hAltanna 2 agus 3 (an cuimhin libh iad sin?) – tá dúshraith faoin Aontas a mhairfidh go deo, a déarfaidh siad leat. Ach ní thiocfadh liom gan smaoineamh agus mé ag amharc ar an phictiúr sin de Paisley ina shuí in aice le Gerry Adams go raibh an focal “Gotcha” ag dul fríd intinn Adams, go raibh Ian Paisley agus an t-aontachas gaibhte san áit gur mian le Sinn Féin iad a bheith.“Sin an aidhm a bhí againn le trí bliana anuas. Chaith muid an-dúthracht ag iarraidh Ian Paisley a thabhairt isteach i rialtas inár gcuideachta,” a dúirt Richard McAuley, ceannaire poiblíochta Shinn Féin, liom.
Go comhthreomhar, bhí an tOirmhinneach ag dul sa treo céanna. Agus é ag caitheamh bricfeasta le Paisley, dúirt an t-iriseoir Éamon Mallie gur dhúirt an Fear Mór i gcogar leis: “I want to fix Northern Ireland,” frása a bhain geit as Mallie mar go léiríonn sé go bhfuil Dr No dáiríre faoin socrú úr.)Deireadh leis an aicmíochtAch, ar ais chuig Karl Marx. Ba é an tuigbheáil a bhí ag Marx de “dheireadh na staire” ná tréimhse nuair nach ann don aicmíocht. Cumannachas a thug Marx ar an tréimhse seo.Tá sé róluath le hainm a thabhairt ar an tréimhse ina bhfuil muid faoi láthair, tréimhse ina bhfuil – tá súil againn – tús á chur le polaitíocht úr bunaithe ar riachtanais an tsaoránaigh ó thuaidh.Ach tá sé luath-luath fós a rá cé acu an éireoidh leis nó nach n-éireoidh. Caithfidh muid fanacht go dtí an tréimhse, chan amháin iar-Paisley ach iar-Robinson, le go bhfeicfidh muid an treo ina bhfuil an pholaitíocht ag dul, dar le McAuley, ag léiriú an fhadradhairc nár léirigh páirtí ar bith eile go dtí seo.“What we have, we hold” mana na n-aontachtach, rud a chiallaíonn go bhfuil siad ródhírithe ar an aimsir láithreach, beag beann ar an todhchaí.
Ach tá fadhbanna móra le sárú sa todhchaí sin iarstaire.Tá 63% de gheilleagar an tuaiscirt bunaithe ar an earnáil phoiblí i gcomparáid le 43% sa “chuid eile den Ríocht Aontaithe”; de réir Bare Necessities, tuairisc a d’fhoilsigh an Economic and Social Research Centre i Sasana, tá corradh le 500,000 duine ó thuaidh ag maireachtáil faoi “líne na bochtaineachta” agus tá lear mór fadhbanna eile ag crá mhuintir na Sé Chontae.San am atá le theacht, b’fhéidir go bhfeicfeadh muid an DUP agus Sinn Féin ag dul go Londain le chéile ag iarraidh deirce, oops, ag iarraidh laghdú i ráta na cánach corparáidí ar Gordon Brown. Diúltóidh Brown don achainí agus rachaidh an streachailt ar aghaidh ag Caitliceach, Protastúnach agus Easaontóir (sa chiall reiligiúnach) in éadan Perfidious Albion.
B’fhéidir nach é deireadh na staire é i ndeireadh na dála!Is iriseoir leis an Irish News i mBéal Feirste é Robert McMillen. Is as an chathair sin ó dhúchas é.