
Tá díomá ar go leor de phobal iarthar Bhéal Feirste le hairí Shinn Féin sa Tionól agus, mar a mhíníonn Robert McMillen, tá fiú na cairde is dílse a bhí acu go dtí seo sásta an páirtí a cháineadh.
»»»Léirigh taighde a rinne Breandán Delap le gairid go bhfuil méadú mór tagtha ar an líon daltaí nach bhfuil orthu an Ghaeilge a dhéanamh mar ábhar don Ardteist agus go bhfuil sé sin amhlaidh de bhrí go bhfuil mí-úsáid á baint as an díolúine atá ann do dhaoine a bhfuil míchumas foghlama orthu.
»»»Bhí aithne mhaith ag Tony Birtill ar Sheán Savage, an ball den IRA a mharaigh fórsaí na Breataine i nGiobráltar fiche bliain ó shin. San alt seo, déanann sé cur síos ar an am a chaith siad le chéile i dTír Chonaill agus i mBéal Feirste.
»»»Tá an-dochar déanta ag an Oirmhinneach Sun Myung Moon agus a lucht leanúna don daonlathas ar fud an domhain le caoga bliain anuas, dar le Maidhc Ó Cathail.
»»»Tá an doineann seo atá ann faoi láthair ag tabhairt go leor aicídí léi chun ár n-oileáin bhig álainn agus tá na zheimers uafásacha – galar arb é a shainchomhartha ná díchuimhne – ina measc. Míníonn Balor an scéal brónach seo.
»»»Féachann Robert McMillen ar scéal beirt fhear chonspóideacha a bhí sa nuacht an mhí seo caite.
»»»Gabhadh leithscéal oifigiúil le gairid le páistí Bundúchasacha a aistríodh go teaghlaigh gheala agus institiúidí in éadan thoil a muintire idir 1910 agus 1970. Cúlra an scéil ó Bhearnaí Ó Doibhlin.
»»»Léiríonn suirbhé atá déanta ag Breandán Delap do Beo! nach bhfuil an coinníoll teanga ar eastáit úra sa Ghaeltacht á chur i bhfeidhm i ngach contae.
»»»Is iomaí duine sa lá atá inniu ann atá cleachta le bheith ag fáil dramhphoist ina ndéantar cur síos ar dhuais iontach atá buaite aige i gcrannchur éigin. Insíonn Tony Birtill dúinn faoi fheachtas atá díreach curtha ar bun i Sasana le haird an phobail a tharraingt ar na camscéimeanna seo.
»»»Tamall gairid ó shin, bhí an chuma ar an scéal go raibh an nuachtán [i]Lá Nua[/i] ar an dé deiridh. San alt seo, agus sa cheann ina dhiaidh, pléitear an ghéarchéim a ndeachaigh an nuachtán tríthi agus caitear súil ar an mhargadh deacair ina bhfuil sé ag feidhmiú. Sa chéad alt seo, pléann Máirtín Ó Muilleoir, foilsitheoir an nuachtáin, an plean ar thángthas air leis an fhoilseachán a tharrtháil.
»»»San alt seo, díríonn John Walsh ar roinnt ceisteanna deacra a eascraíonn as an ngéarchéim atá díreach curtha di ag [i]Lá Nua[/i].
»»»Bronnadh Oscar ar Marketa Irglova agus ar Glen Hansard ag deireadh mhí Feabhra dá n-amhrán “Falling Slowly” ón scannán [i]Once[/i]. An scéal ó Chaoimhe Ní Laighin. Tá an t-alt seo dírithe ar dháltaí Ardteistiméireachta ó thaobh leibhéal deacrachta na teanga de.
»»»Dealraíonn sé go bhfuil seans ann go mbeidh uachtarán gorm sa Teach Bán den chéad uair riamh. Ach an bhfuil muintir na Stát Aontaithe – idir Ghormaigh agus dhaoine geala – réidh dá leithéid? Pléann Brian Ó Broin an scéal.
»»»Tá príomh-aire nua ag muintir na hAstráile. Tá laoch nua spóirt acu fosta, an galfaire Won Joon Lee. Ach cén fáth a bhfuil an dá fhíric seo bainteach lena chéile? Míníonn Bearnaí Ó Doibhlin an scéal.
»»»Chuaigh Ian Mór chuig na Stáit Aontaithe le gairid le rudaí tábhachtacha a mhúineadh dóibh siúd atá sa rás don uachtaránacht. Insíonn Balor dúinn faoin dóigh ar éirigh leis agus é thall.
»»»Tá an-chonspóid cothaithe ag ceapadh na gCoimisinéirí d’Íospartaigh agus do Mharthanóirí sna Sé Chontae, mar a mhíníonn Robert McMillen.
»»»Níl aon dabht ach gur eachtra uafáis í an aerthionóisc a tharla in Aerfort Heathrow i mí Eanáir. Ach deis luachmhar a bhí inti fosta, ar féidir leis an tionscal eitlíochta ceachtanna a fhoghlaim uaithi, dar le Pádraig Mac Éamoinn.
»»»Tá bealaí eile le ceist theanga teagaisc mheánscoil an Daingin a fhuascailt seachas pobalbhreith gan chiall a reáchtáil, dar le Breandán Delap.
»»»Reáchtálfar clár leathan imeachtaí i mbliana le ceiliúradh a dhéanamh ar stádas Learphoill mar Phríomhchathair Chultúrtha na hEorpa. Agus, ar ndóigh, bainfidh cuid de na himeachtaí sin leis an Ghaeilge, mar a mhíníonn Tony Birtill.
»»»In eagrán mhí na Samhna de [i]Beo![/i], scríobh Bearnaí Ó Doibhlin faoin dóigh a raibh muintir na hAstráile ag súil le hathrú rialtais. Tá an t-olltoghchán anois thart agus tá rialtas nua i réim sa tír. Ach céard a chiallaíonn an t-athrú seo?
»»»Is cosúil go bhfuil todhchaí an Aontais Eorpaigh i lámha na nÉireannach faoi láthair. Ach níl muintir na tíre seo ag tabhairt an oiread sin airde ar an reifreann cinniúnach atá ag teacht chun cinn, mar a mhíníonn Breandán Delap.
»»»Is millteanach an scéal é scéal an chóicín. Ní thuigeann Balor, mar sin, cén fáth nach dtiontaíonn úsáideoirí ar snaoisín ina áit.
»»»Cuirfear dlús faoin bhfeachtas uachtaránachta sna Stáit Aontaithe sna míonna amach romhainn. San alt seo, míníonn Brian Ó Broin céard a bheas ag titim amach agus na hiarrthóirí oifigiúla á roghnú ag na páirtithe sna stáit uilig.
»»»Bliain chinniúnach ab ea 2007 i gcúrsaí polaitíochta an tuaiscirt. Ach más fíor sin, cén fáth nach bhfuil an oiread sin rudaí maithe ag tarlú? Pléann Robert McMillen an scéal.
»»»Bíonn an-chuid deacrachtaí ag tiománaithe leoraí in amanna mar gheall ar chaochspota a bheith ag cúl a gcabhán. Ba é caochspota mar seo ba chúis le timpiste bóthair a chonaic Tony Birtill le gairid.
»»»Caitheann Balor a shúil nimhe ar an bhliain atá ag druidim chun deiridh. Agus bliain ar leith i saol na tíre a bhí inti, dar leis féin.
»»»Tá muintir na hAstráile an-tógtha le cruicéad. Ach tá difríocht ollmhór idir na cineálacha éagsúla cruicéid – ní hamháin ó thaobh na rialacha de, ach ó thaobh lucht leanúna fosta, a deir Bearnaí Ó Doibhlin.
»»»Tá sé ag dul dian ar Shinn Féin a bheith ina sóisialaithe agus iad i gcumhacht, mar a mhíníonn Robert McMillen.
»»»Cé go bhfuil dhá ioncam ag teacht isteach go teach Bhriain Uí Bhroin, níl go leor airgead aige le filleadh ar Éirinn an Nollaig seo. Míníonn sé anseo cén fáth a bhfuil sé sin amhlaidh.
»»»Féachann Breandán Delap ar na constaicí atá sa bhealach ar neamhspleáchas na hAlban, sprioc atá ag Alex Salamond agus a pháirtí, an SNP.
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil.
Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.