Tá go leor airgid á chaitheamh ar iarnróid na hÉireann faoi láthair. Féachann Pádraig Mac Éamoinn ar an dul chun cinn atá déanta.
Cúpla bliain ó shin scríobh mé píosa faoi cad atá i ndán d’iarnróid na hÉireann, agus b’fhéidir gur cheart teacht ar ais chuig an ábhar seo agus féachaint conas atá ag éirí le cúrsaí. An bhfuil seirbhís traenach fhíormhaith ag druidim beagáinín níos giorra dúinn?
Is fíor go bhfuil roinnt dul chun cinn déanta.
Faoi dheireadh, tá na traenacha nua idirchathrach i mbun seirbhíse idir Baile Átha Cliath agus cathair Chorcaí, agus tá roinnt eile ag teacht. Níl siad gan fadhbanna tosaigh, agus is minic nach mbíonn caighdeán na seirbhíse custaiméara atá ag Iarnród Éireann thar mholadh beirte, ach caithfidh muid a bheith ag súil go dtiocfaidh feabhas air seo amach anseo.
Ó dheas i gcontae na reibiliúnaithe, táthar ag tógáil na líne idir Cathair Chorcaí agus Mainistir na Corann, agus is é mí Iúil 2008 an dáta oscailte atá tuartha di anois (moill eile: dhá bhliain ó shin, ghealladh 2007). Go dtí seo, tá na polaiteoirí tar an scéim a fhógairt ceithre huaire (an uair is déanaí ná sa Phlean Forbartha Náisiúnta i mí Eanáir), ach, ag cur san áireamh mhodhúlacht ár bpolaiteoirí agus an t-olltoghchán i mbliana, is dócha go bhfógrófar an líne cúpla uair eile sula n-osclófar í.
Tá stáisiún nua Cheantar Dugaí Bhaile Átha Cliath beagnach réidh. Beidh sé mar cheann scríbe nua ag roinnt traenacha ó Mhaigh Nuad, chun scrogall Stáisiún Uí Chonghaile a sheachaint. Mar sin, beidh turas níos simplí ag comaitéirí agus iad ag dul go dtí a n-oifigí sa cheantar seo. Ar an drochuair, agus cé go bhfuil costas
de €30 milliún ar an stáisiún sin, ní bheidh sé ann ach go ceann deich mbliana: deirtear sa chead pleanála go gcuirfear deireadh leis tar éis na tréimhse sin, go dtógfar árasáin agus oifigí ina áit, mar aon le stáisiún nua. Gealltar i bplean an rialtais, “Transport21”, go mbeidh tollán iarnróid nua idir Stáisiún Uí Chonghaile agus Stáisiún Heuston faoi 2015, agus go mbeidh stáisiún nua Cheantar na nDugaí ar an líne nua seo. Guímis go mbeidh an tollán seo críochnaithe in am.
Beidh mórán cainte faoin iompar poiblí sna míonna atá romhainn agus an t-olltoghchán ag druidim linn. Agus tuigeann na polaiteoirí an buntáiste a bhaineann le dea-scéalta a scaipeadh oiread agus is féidir. Mar sin, moladh le déanaí go rachadh líne iarnróid nua idir Baile Átha Cliath agus an Uaimh thar Chill Dhéagláin, rud a bhainfidh cúpla vóta eile sa bhaile sin, gan dabht. Is cúis aiféala é, áfach, nach bhfuil plean ná sceideal daingean don líne seo, pé bealach a rachaidh sí.
Gealladh ar dtús go mbeadh líne ar a laghad leathbhealach go dtí an Uaimh faoi 2006. Ansin cuireadh dáta 2010 air. D’fhógair an tAire Stáit i mí na Samhna 2005 go dtosófaí ar mhionphleanáil an bhealaigh idir Baile Átha Cliath-Cluain Saileach-An Uaimh an bhliain ina dhiaidh sin. Ar an drochuair, d’fhógair sé an rud céanna i mí na Samhna 2006. Dar le hIarnród Éireann, thógfadh sé cúig bliana orthu an líne nua a thógáil agus a chur ag feidhmiú. Ach anois níl aon líne sceidealta ag an rialtas roimh 2015 (agus is dócha go mbeidh dáta eile geallta roimh an toghchán agus go gcuirfear an plean ar an mhéar fhada ina dhiaidh).
Tá réiteach eile ag teastáil ón bhrúghrúpa áitiúil “Meath On Track”: tá siadsan ag lorg cur chuige eile, seachas bheith i gcónaí ag tógáil breis bóithre. Molann siad
d’Iarnród Éireann traenacha paisinéirí a chur ar an líne atá ann anois, ón Uaimh go Droichead Átha, nach n-úsáidtear ach amháin le haghaidh traenacha lasta ó Mhianach na Teamhrach. Ba chóir an líne seo a fheabhsú, dar leo, rud a chosnódh timpeall €54 milliún, ach chuirfeadh sé ar chumas comaitéirí ón Uaimh dul go Baile Átha Cliath i 65 nóiméad, agus seo faoin bhliain 2010. Ach go dtí gur féidir leo é seo a chur ina luí ar Iarnród Éireann agus ar an rialtas, ní bheidh an dara rogha ag muintir na hUaimhe atá ag obair i mBaile Átha Cliath ach dul isteach ina ngluaisteáin agus cúpla uair a chaitheamh i bplódú tráchta.
Brabús príobháideach
I ndáiríre, ní ar riachtanas poiblí a bhunaítear pleanáil iompair ach ar an pholaitíocht agus ar bhrabús príobháideach. De ghnáth, ní phleanáiltear meáin iompair agus úsáid na talún le chéile; tógtar eastát tithíochta nó páirc ghnó nua ar dtús agus tagann iompar poiblí ceart níos moille – nó ní thagann sé ar chor ar bith. Is é an plódú tráchta gar do Bhaile Átha Cliath (agus do chathracha eile sa tír seo) toradh an smaoinimh laissez-faire seo, agus éireoidh sé níos measa fós. Agus ná habair faic faoin dualgas atá ar an tír astuithe carbóin a laghdú!
Mar sin, cá háit ar féidir linn smaointeoireacht chomhtháite a fháil?
Tá sé beartaithe ag an Aire Iompair, Martin Cullen, Údarás Iompair Átha Cliath a chur ar bun, chun comhordú a dhéanamh ar chúrsaí iompair sa chathair. Smaoineamh maith, nach ea? Ar an drochuair, níl mórán dul chun cinn déanta. Tá na húdaráis atá ann anois (Oifig Iompair Átha Cliath, agus an Ghníomhaireacht um Fháil Iarnród atá freagrach as an Luas) i gcoinne an phlean: níl siad chun a mbarántas báis féin a shíniú! Tá CIE agus Iarnród Éireann (agus na ceardchumainn atá iontu) i gcoinne an phlean: ba mhaith leo a gcumhacht a choimeád. Tá an freasúra ina choinne freisin, ach tá gearán éagsúil acusan: nach mbeidh go leor cumhachta ag an Údarás nua. De réir smaoineamh an tAire, ní bheadh baint ar bith ag an Údarás le cúrsaí forbartha talún, ach amháin i gcás cúrsaí iompair. Ní féidir leis iallach ar bith a chur ar chomhairle chontae nó ar fhoirgneoirí riachtanais an phobail a chur roimh bhrabús. Nuair a nochtadh freagracht theoranta an Údaráis, d’éirigh an cathaoirleach a bhí roghnaithe, an tOllamh Margaret O’Mahony ó Choláiste na Tríonóide, as a post.
I gcúrsaí iompair bus, tá comhlachtaí príobháideacha ag cur méid áirithe iomaíochta ar fáil do Bhus Éireann. Níl aon iomaíocht ar an iarnród anseo, áfach, agus is dócha nach mbeidh go deo. Deir Parlaimint na hEorpa go mbeidh cead ag comhlachtaí iarnróid eile seirbhísí idirnáisiúnta a chur ar fáil ó 2010 (mearsheirbhís ó Dhoire Cholm Cille go Baile Átha Cliath, b’fhéidir?). Bhí scéim eile ag an Pharlaimint a raibh sé mar aidhm aici iomaíocht a cheadú ar iarnróid intíre na hEorpa ó 2017, ach chuir brúghrúpaí a bhí ag feidhmiú ar son comhlachtaí móra iarnróid (SNCF na Fraince, mar shampla) deireadh leis sin. Ní bheidh aon iomaíocht ar na ráillí intíre.
Mar sin, is dóigh go mbeadh orainn muinín a bheith againn as Iarnród Éireann agus as an Rialtas nua chun na feabhsúcháin a dhéanamh atá ag teastáil i ngréasán iarnróid na tíre. Is dócha gur chóir dúinn bheith ag guí ar son míorúilte.Tá Pádraig Mac Éamoinn ag obair in earnáil na heitlíochta. Tá sé ar ais ina chónaí i mBaile Átha Cliath anois tar éis tréimhsí fada a chaitheamh ag obair sa Fhrainc agus i Sasana.