Thug Liz Curtis cuairt ar cheantar in Albain inar díshealbhaíodh go leor tionóntaí sa seachtú agus san ochtú haois déag.
Ba thréimhse uafásach i stair Gharbhchríocha na hAlban é bánú na ngleannta. Idir 1770 agus 1860, chuir na tiarnaí talún na mílte míle tuathánach amach as a lonnaíochtaí beaga, mar bhí níos mó airgid le fáil as an talamh a ligean ar cíos don fheirmeoireacht caorach ar mhórscála.
I lár an 19ú haois, bhí aird an phobail dírithe ar ghleann darbh ainm Strathcarron. Bhí mná an cheantair sin chun tosaigh in agóidí i gcoinne díshealbhaithe, agus bhí roinnt mhaith poiblíochta ann, cuid di ag tacú leis na daoine agus cuid di ina gcoinne.
Tá roinnt aibhneacha in Albain a bhfuil Carron orthu. Tá an ceann seo sa cheantar a dtugtar Oirthear Rois air, agus téann sí soir trí na cnoic go Caolas Dhornàich.Thug mé cuairt ar Strathcarron le déanaí. Agus mé ag tarraingt ar an áit, tháinig mé ar sheaneaglais pharóiste darb ainm Eaglais Chinn-chardain, ar ionad oidhreachta anois í. Bhí taispeántas ealaíne ar siúl ansin agus mná cairdiúla i mbun na háite. Tá cloch shnoite Phiochtach taobh istigh, ach tá sí síondaite agus deacair a dhéanamh amach dá bharr.
Is gleann álainn leathan é Strathcarron, agus tá páirceanna ag dul síos go dtí an abhainn. Ciallaíonn “strath” gleann mar seo. Ar feadh cúpla míle, tá croiteanna le feiceáil, ar feirmeacha beaga bídeacha iad agus páirceanna i stráicí acu. Ach taobh amuigh de sin, níl mórán foirgneamh eile ann.
Ní mar sin a bhí an gleann suas go dtí lár an 19ú haois. Léiríonn an tseandálaíocht agus na logainmneacha go raibh daoine ina gcónaí go domhain sna gleannta ar a laghad dhá mhíle bliain ó shin. Bhí Piochtaí ann agus Lochlannaigh níos moille, agus neart cainteoirí Gaeilge freisin. Tá léarscáil de Strathcarron ann atá bunaithe ar obair a rinne Timothy Pont thart fán bhliain 1600, agus neart lonnaíochtaí le feiceáil feadh an Carron agus a fo-aibhneacha. Tá léarscáil eile ann, a rinneadh faoi stiúir William Roy i ndiaidh éirí amach 1745, a thaispeánann ní hamháin lonnaíochtaí sna gleannta, ach goirt freisin.
Ó na meánaoiseanna ar aghaidh, bhí an talamh uilig faoi sheilbh tiarnaí talún móra. Bhí crainn agus géim sna foraoisí agus iascaireacht bhradáin. Lig na tiarnaí an talamh ar cíos dá ngaolta, ansin lig siadsan amach ar cíos do thionóntaí é, agus seans maith go raibh fóthionóntaí ann freisin. Íocadh an cíos le hábhar: eorna, min choirce, seagal, cearca, caoirigh, uibheacha agus fóid mhóna.
Chomh maith leis an chíos a íoc, bhí ar na tionóntaí obair a dhéanamh do na tiarnaí, mar a shampla crainn a leagan. Thagadh na tiarnaí go dtí an gleann le hearcaigh a fháil don arm.
Bhain na tiarnaí agus a dtionóntaí leis an chlann chéanna – Clann Rois – ach ní raibh comhionannas eatarthu ar chor ar bith. Ba é an Tiarna Balnagown an tiarna ba mhó i Strathcarron. Bhí an-saibhreas aige, agus bhí caisleán aige in aice le Bá Nigg. Is leis an bhilliúnaí Éigipteach Mohamed El Fayed Caisleán Balnagown anois agus is féidir leat sótheach saoire costasach a fháil ar cíos ar a eastát.
SpailpíníBhí saol deacair, bocht ag na tionóntaí. San 18ú haois, d’imíodh na daoine óga i rith an tsamhraidh le hobair a dhéanamh mar spailpíní sa “tír íseal”. Nuair a bhí an-easpa bia ann, mar a bhí i 1782, d’imigh teaghlaigh go buan.
Tháinig iriseoir de chuid *Times *Londan go Strathcarron i mí na Bealtaine 1845. Thug sé cuairt ar mhuintir Ghleann Cailbhidh, atá ceangailte le Strathcarron, a bhíothas ar tí a dhíshealbhú. Scríobh an t-iriseoir go raibh siad ag íoc “an almost incredible rent” ar son talaimh a bhí iontach bocht. Bhí prátaí agus eorna á bhfás acu, agus bhí cúpla caora agus bó dhubh acu. Chuir sé síos ar a gcuid tithe freisin agus dúirt go raibh cuma “low heaps of turf” orthu. Bhí trí sheomra sna tithe seo: ceann amháin do na hainmhithe, ceann eile ar sheomra suí é agus tine ina lár, agus ceann eile ar sheomra codlata é agus seomra speisialta do chuairteoirí.
Chuaigh na tiarnaí talún i mbun fheirmeoireacht caorach sna 1770í. Ansin thosaigh siad a dhíshealbhú daoine, mar go raibh an talamh féaraigh uilig de dhíth do na caoirigh nua bána tréana, a tháinig ó na Críocha. Agus níor mhaith leis na feirmeoirí go mbeadh crosphórú ann idir iad seo agus na caoirigh beaga donna dúchasacha.
Bhí raiceanna móra ann cóngarach do Strathcarron i 1792 agus 1820 in éadan díshealbhaithe. Ach ní raibh daingneacht tionachta ag na tionóntaí, mar sin ní raibh siad ábalta rud ar bith a dhéanamh.
Sa bhliain 1840, ba é Ross de Balnagown an tiarna ba mhó i Strathcarron go fóill, ach bhí roinnt tiarnaí níos lú ann freisin, an Maor Charles Robertson de Kindeace ina measc, fear a raibh Gleann Cailbhidh agus Gruinards (nó Greenyards) faoina sheilbh. Sa bhliain 1843, rinne sé iarracht tionóntaí Ghleann Cailbhidh a chaitheamh amach, ach dhóigh na mná na fógraí fágála. Ní raibh i gceist ach moill mar go raibh orthu imeacht i mí na Bealtaine 1845. Scríobh iriseoir an Times an scéal an-bhrónach. Bhí ochtó acu ann nach raibh ábalta dídean eile a fháil, mar sin chuaigh siad ar tearmann i reilig Croick, áit ar thóg siad puball seifte. Scríob cuid acu a n-ainm ar fhuinneog na heaglaise agus tá na hainmneacha sin le feiceáil go fóill.
Ansin sa bhliain 1854, thosaigh Robertson a dhíshealbhú tionóntaí Gruinards. Bhí agóidí móra ann, agus sa deireadh tháinig thart fá dhaichead garda go dtí an áit, agus deoch orthu, agus rinne siad ionsaí brúidiúil ar scata mór daoine, cuid mhaith ban ina measc. Gortaíodh a lán acu go dona, agus cuireadh roinnt acu i bpríosún. Deich lá ina dhiaidh sin, tháinig dlíodóir darbh ainm Donald Ross ó Ghlaschú go Strathcarron – an nós a bhí aige siúd ná cuidiú a thabhairt do dhaoine díshealbhaithe. Fuair sé ráitis ó na daoine agus chuir sé síos go beoga ar a gcuid gortuithe i bpaimfléad dar teideal The Massacre of the Rosses.
Glanadh na tionóntaí as Gruinards, ansin tháinig na caoirigh. Ach i ndiaidh tamaill laghdaigh luach na gcaorach, agus athraíodh an talamh féaraigh ar na cnoic go foraoisí fianna. Sna 1890í tógadh tithe móra, den chineál a dtugtar lóistí orthu, d’fhir spóirt i nGleann Cailbhidh agus Gruinards, áit a bhfuil siad ina seasamh i dtírdhreach uaigneach sa lá atá inniu ann.
Tá eolas den scoth faoi Gharbhcríocha na hAlban, téacs The Massacre of the Rosses san áireamh, le fáil ar www.ambaile.org.uk
Is scríbhneoir agus grianghrafadóir í Liz Curtis, a bhfuil cónaí uirthi i nDún Éideann.