AR NA SAOLTA SEO
Toghchán tubaisteach Shinn Féin
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen

Féachann Robert McMillen siar ar thoghchán tubaisteach Shinn Féin an mhí seo caite.

Íomhá
Uachtarán Shinn Féin, Gerry Adams
Íomhá
An Taoiseach Bertie Ahern
Íomhá

“... is a slightly constitutional party...We have adopted the method of political agitation to achieve our end, because we believe, in the present circumstances, that method is best in the interests of the nation and of the Republican movement, and for no other reason.”

Níl an duine seo ag tagairt do Shinn Féin an lae inniu. Sean Lemass a dúirt na focail thuas agus é ag caint ar a pháirtí féin, Fianna Fáil, i mí an Mhárta, 1928. Ó 1932 i leith, bhí Fianna Fáil i rialtas seacht n-uaire: idir 1932–48, 1951–54, 1957–73, 1977–81, 82, 1987–94, agus ó 1997 i leith.

Níor fioradh foláireamh an Independent go mbeadh gach vóta d’Fhianna Fáil ina vóta do “the shipwreck of the state”.

Bainfidh páirtí Gerry Adams sólás as macallaí sin na staire agus iad ag breathnú ar an tubaiste a bhain dóibh ar an 24 Bealtaine. Leoga, b’fhéidir gur mó an deighilt a bhí idir Éireannaigh sna deich mbliana i ndiaidh Chogadh na gCarad ná mar atá inniu.

Bhí mé ag breathnú ar chlár teilifíse roimh an olltoghchán ó dheas – sular fógraíodh dáta an toghcháin féin – agus iarradh ar an lucht féachana sa stiúideo focal amháin nó abairt a roghnú a chuirfeadh síos ar an dearcadh a bhí acu ar phearsantachtaí nó ar pháirtithe.

Iarradh orthu seo a dhéanamh maidir le Sinn Féin. “Eagla” a dúirt bean amháin agus ba léir gur ghoill sé go mór uirthi go mbeadh áit thábhachtach i bpolaitíocht a tíre ag an drong tuaisceartach seo.

Agus tá an dearcadh sin an-choitianta i sciar mór den tír. Ar dhóigh, ba chuma fá phróiseas na síochána ó thuaidh. Tugadh a luach saothair d’Adams as an obair a bhí déanta aige féin agus ag gluaiseacht na poblachta le deireadh a chur leis an choimhlint ó thuaidh ach is coimhthigh iad na tuaisceartaigh diamhra, scanraitheacha seo agus beidh Michael McDowell bródúil as an bhuille a thug sé do Gerry Adams le linn na díospóireachta ar RTÉ seachtain an toghcháin.

Bhí mé féin ag tuairisciú ar an toghchán do TG4 ó Chill Dara Thuaidh, áit a raibh Crístín McAuley ina hiarrthóir ag Sinn Féin.

Ní fhaca mé í ach uair amháin, a droim liom agus í ag imeacht lena lucht tacaíochta i ndiaidh di feiceáil nach raibh ach 2% den vóta céad rogha aici.

Athaontú faoi rúnBeidh tionchar ag bua Bertie Ahern – mura dtig le hEnda Kenny an chumhacht a bhaint de agus má thig leis fanacht i bpost an Taoisigh – ar an pholaitíocht ó thuaidh, ach ní tionchar mór a bheas ann.

Dá mbeadh Sinn Féin sa rialtas le Fianna Fáil ó dheas – an Páirtí Poblachtánach agus an Páirtí Níos Poblachtánaí? – is cinnte go mbeadh siad ag brú athaontú na tíre chun tosaigh, ní fríd an lámh láidir ach fríd mhéadú líon na bhforas trasteorann. Bheadh siad ag iarraidh beartais eacnamaíocha, sláinte, oideachais, etc. a chomhtháthú sa dá stat. Athaontú faoi rún.

Ach thit an tóin as an straitéis sin nuair a thosaigh na torthaí ag teacht isteach. Beidh ar Shinn Féin fanacht cúig bliana eile sula mbeidh tionchar ar bith acu ar pholasaithe rialtais ó dheas.

Ach foghlaimeoidh siad ceacht ón ghríosáil a tugadh dóibh agus ní gá dóibh dul chuig ranganna oíche i riar Stát Neamhspleách nó Economics for Dummies a léamh. Tá siad in áit iontach sa mhéid is go dtig leo bheith ag foghlaim “ar an láthair” sa rialtas ó thuaidh, áit a bhfuil “fíorpholaitíocht” agus na fadhbanna a bhaineann léi i gceist.

Níl am á chur amú níos mó ar shíorchainteanna ar dhíchoimisiúnú, ar spíodóireacht, ar choiriúlacht, agus tá Tionól Thuaisceart Éireann anois ag dul i ngleic – a oiread agus is féidir le rialtas ar cosúla le comhairle contae éle fadhbanna a mhuintire. Ach más mian le Sinn Féin dul chun cinn a dhéanamh ó dheas, tá constaicí móra roimh an pháirtí.

Mar a scríobh Mick Fealty ar Comment is Free is coimhthígh iad muintir Shinn Féin ó dheas, is cuma cá mhéad deisceartach atá ag seasamh sna toghcháin dóibh. Measann bunús na vótóirí ó dheas gur páirtí ón taobh amuigh é Sinn Féin agus chuidigh béim Adams ar phróiseas na síochána leis an dearcadh sin. In áit polasaithe soiléire, réalaíocha a bhain le saol laethúil na vótóirí ach a bhí difriúil go maith ó cibé polasaithe bhí na páirtithe eile a thairiscint, bhí Adams éiginnte agus seachantach.

Is tír eile ar fad í Éire 2007 agus is aisling (bhréige?) poblacht shóisialach na 32 chontae. Beidh ar phoblachtánaigh an bhearna sin idir fís na hÉireann Aontaithe a d’fhoghlaim siad ó ghlúin na 1940í agus na 1950í agus Tíogar Ceilteach an tríú mílaois a líonadh.

Is iriseoir leis an Irish News i mBéal Feirste é Robert McMillen. Is as an chathair sin ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.