
Chaith Donncha Ó hÉallaithe súil ar na figiúirí a foilsíodh le gairid ón Daonáireamh a tógadh Aibreán seo caite. Deir sé gur ábhar dóchais atá iontu ar an láimh amháin ach ag an am céanna, fiafraíonn sé an bhfuil níos mó den Pholainnis á labhairt in Éirinn faoin am seo ná Gaeilge?
»»»Tá Robert McMillen den bharúil go bhfuil an-lear daoine ar chaon taobh den phobal á saobhadh féin le híomhánna míréadúla faoin ‘treibh’ eile.
»»»Mothaíonn Tony Birtill go bhfuil an nimh san fheoil don Éireannach i dtólamh i gCathair Learphoill, ní a bhí le brath ann ar mhórshiúl Lá Fhéile Phádraig.
»»»Tá cuntas ag Caitríona Ní Chonchúir ar an ngaol ar leith atá ag Halifax le hÉirinn, tharla gur cuireadh líon mór Éireannach faoin bhfód ann céad bliain is an t-am seo agus gur cuireadh líon nach beag díobh amuigh ar an bhfarraige freisin.
»»»Tá PJ Mac Gabhann den tuairim nach dtabharfaidh slad millteanach Mohamed Merah i gceantar Toulouse aon bhlas faoisimh nó taca do fheachtas Sarkozy ina iarracht chun na huachtaránachta ar an 22 Aibreán.
»»»Tuigeann Balor cé uaidh a d’fhoghlaim Aingeal Aingiallta Gearmánach cleas na n-iliomad cánacha. “Uaitse a d’fhoghlaim mise” a dúirt sí.
»»»Cheistigh Diarmuid Johnson é féin, cén fáth a raibh triúr Éireannach i dtacsaí a chosain na céadta euro idir Beirlin agus an Baile gan Baiste?
»»»Molann John-Paul McCarthy saothar drámaíocht scáileáin David Milch, fear a d’fhág lorg a láimhe ar Hill Street Blues agus ar chláir eile nach é in imeacht na mblianta.
»»»Míníonn Seosamh Ó Riain an tslí gur fhág dearcadh amscaí údaráis na Gearmáine drong bheag dúnmharfóirí i mbun doirteadh na fola agus marú daoine ar feadh na mblianta.
»»»Ní lia tír ná córas míchothromaíochta agus ní taise do chóras oideachais na hAstráile é dar le Bearnaí Ó Doibhlin.
»»»Tá sé ráite ag an Rialtas go mbeidh Reifreann á ghairm taobh istigh de bhliain chun deireadh a chur leis an Seanad. Údar aiféala a bheadh ina leithéid amach anseo, dar le Breandán Delap.
»»»Tá iarsmaí an choilíneachais le cartadh amach as Bunreacht na hAstráile go fóill agus tá Bearnaí Ó Doibhlin ag faire ar an réiteach go léir atá ar bun chuige sin.
»»»Tharraing sár-urghairí cúirte agus seanbhlas na liarlóg nuachtáin ar imreoirí sacair aird Mhíchéail Uí Aodha.
»»»Fuair Ken Ó Donnchú ábhar domhain machnaimh ar shuíomh idirlín a tiomnaíodh do Jan Palach, an féiníobartach a losc é féin i gCathair Phrág sa bhliain 1969.
»»»Tá Brian Ó Broin misnithe go mór lena bhfuil ag titim amach i saol na Gaeilge i Nua-Eabhrac, go háirithe i bhfianaise a bhfaca sé ag comhdháil litríochta a eagraíodh ann ar na mallaibh.
»»»Is ar scáth a chéile a mhaireann na tíortha agus athróidh an tSín, bealach amháin nó eile, le himeacht ama dar le Ciarán Mac Aonghusa.
»»»Tá a fhios ag Balor anois nach 19 n-eagraíocht Ghaeilge atá ar aghaidh urchair Fhoraois na Gaeilge. Is léir gur fiche eagraíocht atá i mbaol a scriosta ag Foraois an fhill.
»»»Tá an Ghaeilge ag saothrú an bháis i nGaeltacht Chois Fharraige agus i gceantair láidre Ghaeltachta eile dar le Donncha Ó hÉallaithe. Ach níl sé róthógtha leis na daoine atá ag iarraidh aitheantas Gaeltachta a thabhairt do cheantair ar nós Chluain Dolcáin i mB’leá’ Cliath agus ar Bhóthar na bhFál i mBéal Feirste.
»»»Bhí Lisa Nic an Bhreithimh ag fiosrú scéal na n-eagraíochtaí deonacha Aware agus na Samaritans, dhá dhream a bhfuil a leordhóthain oibre ag teacht ina dtreo le deireanas.
»»»Stocaireacht PNAC agus FPI is ábhar cíortha do Mhaidhc Ó Cathail ina alt an iarraidh seo. Is dhá dhream iad ar féidir leo slad idirnáisiúnta a dhéanamh le scríob den pheann.
»»»Is údar aiféala le Tony Birtill é gur thit saothar L. S. Lowry ó mheas ach is maith leis go bhfuil Gaeil Shasana eile ag teacht faoi mheas ina áit.
»»»Seachaint na fírinne i measc lucht polaitíochta ó thuaidh a tharraing aird Robert McMillen, cionn is gur fhógair Peter Robinson i rith na seachtaine nach mbeadh aon iniúchadh ar stair na coimhlinte is déanaí.
»»»Is é cothrom na Féinne croílár cheist na dtáillí tí agus ceadúnas teilifíse/cumarsáide dar le Ciarán Mac Aonghusa.
»»»Tá sé ríthábhachtach go dtabharfaí aird ar an mhéid a eascróidh as dhá phróiseas comhairliúcháin a bhaineann le todhchaí na Gaeilge, dar le Breandán Delap.
»»»Measann Mícheál Ó hAodha gurbh fhearr a mhairfeadh na daoine ar scath a chéile nár faoi scáth an ainm chleite i ré seo na hoscailteachta.
»»»Míníonn Bearnaí Ó Doibhlin an dóigh a bhfuil Príomh-Aire na hAstráile ag snámh in aghaidh easa ó chuaigh sí siar ar ráiteas réamhthoghcháin a bhí tugtha aici.
»»»‘Bail in’ ina ‘bail out’, tarrtháil nuair nach gá tarrtháil, airgead scoir a thabhairt do dhuine le go dtabharfadh sé ar ais don rialtas é – tá sé go léir ag dul ó réiteach ar Bhalor Béimeannach.
»»»D’fhreastail Diarmuid Johnson ar ócáid cheoil sa mBreatain faoi Nollaig. Láimh le baile Oswestry ar thaobh Shasana den teorainn, is seanamhráin Bhreatnaise a bhí á rá, agus is cainteoirí dúchais Bhreatnaise ón áit a bhí sna hamhránaithe.
»»»Tá Brian Ó Broin den tuairim nach gcaillfidh Barack Obama an chumhacht i dtoghchán na hUachtaránachta i mí an Mheithimh.
»»»Beidh deis ag lucht iomraimh gabháil ar bord longbhád Lochlannach ar an Life agus in ionaid go leor eile an bhliain seo chugainn. Tá roinnt sonraí ag Tony Birtill.
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil.
Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.