Bíonn an trealamh ceart i gcónaí le Tony Birtill nuair a théann sé amach ar na sléibhte ach tá go leor daoine ann nach mbíonn chomh cúramach céanna.
Tá an margadh déanta agus tá Liverpool FC i seilbh beirt Mheiriceánach anois: George Gillett agus Tom Hicks. Chuir siad imní ar chuid den lucht tacaíochta anseo nuair a labhair siad faoi “The Liverpool Reds” agus “the Liverpool franchise” ag an chomhdháil nuachta in Anfield ar an 6 Feabhra. Tuigeann muid go maith gur fir ghnó iad atá anseo le níos mó airgid a dhéanamh as Liverpool FC; mar a dúirt Gillett: “This is the most important club in the most important sport in the world.”
Ach ní raibh sé mar sin i gcónaí. Tá sé deacair ag an chosmhuintir a thug tacaíocht don fhoireann sular bhain siad Corn an FA den chéad uair i 1965, agus a lean Liverpool FC nuair a bhain siad Corn na hEorpa ceithre huaire idir 1976 agus 1984 nuair a bhí siad in ard a réime, tá sé deacair acu sin a thuiscint gur “saincheadúnas idirnáisiúnta” is ea a bhfoireann áitiúil anois agus nach bhfuil aon spás ann dóibh in Anfield níos mó.
Bhí dea-mhéin ann don Dubai Investment Corporation nuair a bhí siad ag iarraidh an club a cheannach mar go mbíonn muid ag amharc ar Liverpool FC ar stáisiún teilifíse Arabach gach seachtain sna tithe tábhairne anseo agus thuig muid go raibh suim acu sa chlub le fada. Lena chois sin, ba dhaoine céillí, stuama iad a raibh rudaí tathagacha le rá acu; ní raibh an amaidí agus razzmatazz atá ag baint leis an spórt sna Stáit Aontaithe i gceist leo.
Chonaic mé The New York Yankees in aghaidh The Boston Red Sox sa Yankee Stadium sna 1980í. Sórt theme park a bhí ann ina raibh cluiche corr ar siúl sa chúlra, agus tá súil agam nach mbeidh an staid nua atá Gillett agus Hicks ag brath a thógáil anseo mar a gcéanna.
I Manchain
Tá níos mó béime ar an tráchtáil agus ar an ghairéad i ngach spórt agus caitheamh aimsire i saol ár linne. Chaith mé seal ar an Aghaidh Thuaidh le gairid, ach ní sna hAlpa a bhí mé ach i lár Mhanchain. Balla dreapadóireachta reoite atá ann, atá tógtha i seafta ardaitheora sa North Face Store i Deansgate (www.vertical-chill.com)
Cé go dtéim go dtí an gnáthbhalla dreapadóireachta, Awesome Walls (www.awesomewalls.co.uk), anseo i Learpholl gach seachtain, ní raibh fonn orm dul go dtí “An Aghaidh Thuaidh” riamh i rith an gheimhridh. Ní hamháin go bhfuil sé suite i Manchain, ach an rud is fearr faoi dhreapadóireacht gheimhridh ná a bheith amuigh faoin spéir, i measc na sléibhte bána, agus radharcanna áille thart timpeall ort, ní i reoiteoir ábhalmhór i lár na cathrach.
Ach d’iarr buachaill atá ag dul go dtí an Iorua linn an mhí seo orm dul in éineacht leis. Níl aon taithí ag Jamie ar bheith ag dreapadóireacht ar oighear agus bhí sé ag iarraidh bheith ag cleachtadh roimh ré.
Tráthnóna Dé Domhnaigh a bhí ann. Ba é Jamie a bhí ag tiomáint, mar sin thug mé liom mo chuid trealaimh chuig a theach: dhá phiocóid oighir, crampáin, clogad, buataisí agus éadaí teirmeacha.
Nuair a bhíonn tú ag dreapadóireacht, go minic bíonn tú ag strácáil leat in áiteanna salacha, garbha, contúirteacha agus scriosann tú agus stróiceann tú do chuid éadaí. Mar sin, is fearr seanéadaí a chaitheamh.
Caithfidh mé a admháil go raibh m’intinn dírithe ar an dreapadóireacht a bhí romhainn, ní ar an áit a raibh muid ag dul, agus bhí dearmad déanta agam ar chomh faiseanta agus galánta atá na siopaí i lár Mhanchain, agus mé gléasta mar Tom Crean, mála droma orm agus dhá phiocóid oighir ar an taobh amuigh.
Is lá mór siopadóireachta é an Domhnach i Manchain agus bhí an áit plódaithe le mná dathúla, faiseanta. “Ar a laghad beidh muid i measc na sléibhteoirí sa siopa The North Face,” arsa mise liom féin agus muid ag siúl síos Deansgate. Ach ní raibh an ceart agam, mar éadaí faiseanta atá ar díol sa North Face anois agus bhí an siopa sin lán daoine galánta fosta.
Tuairisceoirí teilifíse
Bíonn éadaí de chuid The North Face le feiceáil i ngach áit anois. Thug mé faoi deara ar thuairisceoirí teilifíse iad i dtús báire, iad ag labhairt taobh amuigh d’áit éigin, micreafón ina lámh acu agus lipéad The North Face ar a gcóta, os comhair
an tsaoil. Níl a fhios agam an bhfuair siad uilig casóg saor in aisce ón chomhlacht Meiriceánach seo, nó breab chun a gcuid éadaí a chaitheamh, ach cibé ar bith, poiblíocht d’aon ghnó a bhí ann. Ní raibh sé i bhfad go raibh beagnach gach déagóir i Learpholl ag caitheamh anarac dubh The North Face agus cochall air, agus iad ina seasamh thart fán ionad siopadóireachta.
Nuair a fheicim an t-ainm The North Face cuireann sé Beinn Nimheis, an sliabh is airde in Albain (1,344 méadar) i gcuimhne dom. Tá clú agus cáil ar a aghaidh thuaidh (600 méadar), áit ar thit mé féin i ngeimhreadh na bliana 2000, ach sin scéal eile.
Ach ar ais chuig Manchain agus an balla dreapadóireachta reoite i gcoirnéal an tsiopa. Shíl mé go mbeadh sé deas príobháideach ansin, i bhfad ó na siopadóirí galánta. Ach bhí mé mícheart arís, mar bhí fuinneog mhór ann, rud a chuir ar chumas na siopadóirí na dreapadóirí a fheiceáil ar an oighear. Mhothaigh mé mar a bheadh ainmhí sa zú ann, ach bhain mé sult as an bhalla oighir, cé nach raibh sé ró-ard. Agus thuig mé an fáth go raibh an balla ann: chun inchreidteacht sráide a thabhairt don áit agus do chuid éadaí The North Face. Cruthaíonn daoine mar muidne an íomhá cheart dóibh. Cé nach mbeidh an chuid is mó de chuid cótaí The North Face ar an Aghaidh Thuaidh riamh, mothaíonn na custaiméirí go bhfuil siad ag caitheamh “an fhíor-ruda”. “Íomhá roimh an fhírinne”, is dócha.
Ag labhairt le cliant eile tar éis dúinn an balla a úsáid, fuair mé amach faoi fhaisean eile: bronntanais ghuaisbheartaíochta. Ceannaíonn daoine ticéid d’eachtraí contúirteacha, spéirthumadh mar shampla, ó shuíomh gréasáin mar www.intotheblue.co.uk. Baineann na handúiligh aidréanailín seo triail as eachtraí éagsúla, dála Jack Osbourne ar an teilifís.
Bhí drochthoradh ar an fhaisean seo le déanaí: fuair cúigear bás ar Choire an t-Sneachda i bPàirc Nàiseanta a’ Mhonaidh Ruaidh in Albain an geimhreadh seo, i mí na Nollag agus mí Eanáir, triúr ina n-aonar agus beirt le chéile.
An trealamh ceart
Níl Coire an t-Sneachda agus fánaí sciála Chairn Gorm ach uair go leith siúil ón charrchlós agus téann na céadta dreapadóir ansin, mé féin ina measc. Ach ní théim ann gan an trealamh ceart – éadaí teirmeacha, anarac, bivvy bag (mála éigeandála) –agus éistim le réamhaisnéis na haimsire roimh ré. Má bhíonn athrú chun donais ar an aimsir sna sléibhte sin, bíonn sé fíochmhar. Ar an drochuair, ní raibh bivvy bags ag an bheirt mhac léinn ó Ollscoil Obar Dheathain a fuair bás le chéile roimh an Nollaig agus mar sin ní raibh aon dídean acu nuair a thosaigh stoirm sneachta.
Tá an scéal chomh holc sin i mbliana gur chuir Comhairle Sléibhteoireachta na Breataine rabhadh ar an suíomh atá acu (www.thebmc.co.uk). “One common factor is the proximity and ease of access to the coire" a deirtear ar an suíomh agus siúlann daoine ón charrchlós gan an taithí nó trealamh ceart acu. Agus comhairle a cur ar fáil acu, cuireann siad béim ar scileanna sléibhteoireachta: "Adopt a progressive approach to adventure. Develop skills incrementally by choosing objectives that build on previous experience. Don’t be influenced by the hype that surrounds adventure activities in the 21st century. It is not always best to ‘go for it’.”
Tá difear mór idir Coire an t-Sneachda agus Deansgate!
Is de bhunadh Éireannach é Tony Birtill agus rugadh i Learpholl é. Bíonn sé ag obair le hOideas Gael i nGleann Cholm Cille gach samhradh.