AR NA SAOLTA SEO/Ó MHEIRICEÁ ANIAR
Sléachtanna eile i ndán do Mheiriceá
Brian Ó Broin Brian Ó Broin Brian Ó Broin

Measann Brian Ó Broin nach cúis iontais ar bith é go bhfuil oiread sléachtanna ag tarlú sna Stáit Aontaithe agus na comhlachtaí déanta arm chomh cumhachtach sin.

Íomhá
Cho Seung-Hui: mharaigh sé dhá dhuine is tríocha
Íomhá
Eric Harris agus Dylan Klebold: mharaigh siad trí dhuine dhéag i scoil i gColumbine, Colorado
Íomhá
Íomhá
An Colt 45
Íomhá

Mar is eol do chách anois, maraíodh 33 (an gunnadóir san áireamh) i sléacht ar champas ollscoile Virginia Tech an mhí seo a chuaigh thart. Ollscoil cháiliúil is ea Virginia Tech, in ainm is a bheith mar “MIT an Deiscirt”, agus bíonn foirne spóirt na hollscoile, na Hokies, le feiceáil ag imirt ar bhonn náisiúnta gach bliain. Baineadh creathadh as muintir Mheiriceá ar feadh lae. Níor scoil bheag ar chúl éaga í seo, ach áit cháiliúil a raibh an tír, agus an domhan thiar uilig, eolach uirthi.

Níor tharla ach eachtra amháin eile inchurtha leis seo i stair Mheiriceá – nuair a mharaigh mac léinn ollscoile in Austin, Texas, Charles Whitman, a raibh taithí naoscaireachta aige sa Chór Muirí, trí dhuine dhéag ó thúr cloig na hollscoile le raidhfil.

Ar an drochuair, ámh, is minic eachtraí mar seo ag tarlú sna Stáit Aontaithe – níl i sléacht Virginia ach curiarracht nua. I mí Dheireadh Fómhair 2006, mharaigh fear mire cúigear páistí óga i scoil Amanach i bPennsylvania. Is í an eachtra is cáiliúla go dtí seo, ámh, ná an ceann inár mharaigh beirt ógánach trí dhuine dhéag (ar dhéagóirí a bhformhór) i scoil i gColumbine, Colorado.

Gan na heachtraí seo, is beag aird a dhíreofaí in aon chor ar fhoréigean le gunnaí i Meiriceá, ach is uafásach iad na staitisticí, agus is iontach an méid daoine i Meiriceá a bhfuil gunnaí dulta i bhfeidhm orthu ar shlí amháin nó ar shlí eile.

Ní raibh mé féin ach cúpla bliain sna Stáit Aontaithe nuair a scaoileadh liom. Tharla an eachtra agus mé amuigh ag rith tráthnóna Aoine samhraidh. Agus mé ar sodar síos sráid mhór, stop gluaisteán in aice liom. Shíl mé go raibh an tiománaí ag lorg treoracha, agus shiúlas i dtreo an chairr. Seachas duine caillte, ámh, chonaic mé, ródhéanach, go raibh grúpa stócach sa charr, agus gunna i lámh duine den bheirt ar cúl. Dhírigh sé an gunna i mo threo agus chualas pléasc. D’imigh piléar thar mo chluas de sheabhrán tapa, agus le búir innill, sciorr an gluaisteán ar ais amach ar an tsráid.

Sheasas ansin i mo staic. Mar is iondúil ar shráideanna Mheiriceá, ní raibh éinne eile thart, agus bhí a fhios agam cén freagra a gheobhainn dá gcnagfainn ar dhoras tí ag míniú gur scaoileadh liom. Leanas ar aghaidh ag rith agus nuair a d’fhill mé abhaile ghlaos ar na póilíní.

Rinne an bheirt phóilíní a tháinig leathuair an chloig níos déanaí neamhshuim den eachtra. Ba é deireadh na scoilbhliana é, a dúirt duine acu. Is minic na hógánaigh ag cur teaspaigh díobh an tráth sin. Nó b’fhéidir gur shearmanas iontrála do bhall nua de dhrong sráide é. Agus ba léir nár gortaíodh mé, buíochas le Dia. Is minic a chuimhním, ámh, nach raibh mé ach cúpla orlach ó bheith i mo staitistic.

An t-ochtú tír is dainséaraíMaraítear breis is 30,000 Meiriceánach le gunnaí gach bliain. Gortaítear 76,000 eile. Is é na Stáit Aontaithe an t-ochtú tír is dainséaraí ar domhan maidir le foréigean le gunnaí; tá tíortha mar an Afraic Theas, an Cholóim, an Téalainn agus Guatamala níos faide chun cinn sa liosta. Níl tír Iartharach ar bith eile chomh hard sa liosta sin, ámh, agus is aisteach do dhaoine san Iarthar a fheiceáil chomh hard is atá na Stáit Aontaithe sa liosta i gcomparáid le tíortha eile an Iarthair. Maraítear dhá dhuine dhéag i Meiriceá le gunna, mar shampla, do gach duine a mharaítear ar an dóigh chéanna san Astráil.

Dhá rud is cúis leis seo, is dócha – ar an gcéad dul síos, bunreacht Mheiriceá, agus sa dara háit, tionscal na ngunnaí i Meiriceá, a chaitheann airgead mór ar stocaireacht i Washington, ar fheachtais na n-iarrthóirí polaitiúla atá ar son gunnaí, agus in aghaidh na n-iarrthóirí gur beag orthu gunnaí.

Ní raibh bunreacht ag na Stáit Aontaithe go dtí 1787, agus thóg sé trí bliana eile sular ghlac na trí choilíneacht déag go léir leis. Sa chéad bhunreacht seo, ní dhearnadh tagairt ar bith do ghunnaí, ach i 1791 leasaíodh an bunreacht le doiciméad darbh ainm an Bille Ceart. Sa bhille seo, tugadh “cearta” breise do phoblacht na Stát Aontaithe, ina measc cearta labhartha, creidimh, agus cruinnithe. Glactar go forleathan leis na cearta seo anois, ach tá ceann acu i gcónaí ina chnámh spairne – ceart iompartha gunnaí. Deir an t-airteagal atá i gceist go bhfuil ceart iompartha gunnaí ag daoine mar gheall ar “mhílíste dea-rialaithe a bheith de dhíth do shlándáil an stáit.” Aisteach go leor, ritheadh an leasú seo, ní mar gheall ar fhaitíos roimh Shasana, ach mar gheall ar fhaitíos roimh rialtas cónaidhmeach na Stát féin. Síleadh ag an am dá ndéanfadh an rialtas cónaidhmeach iarracht seasamh in aghaidh chearta na stát go bhféadfadh pobail na stát a bheith réidh chun iad féin a chosaint orthu.

Ar ndóigh, is minic a pléadh an t-airteagal seo i gcúirteanna Mheiriceá ó shin i leith. Anois agus an rialtas feidearálach i bhfad níos láidre agus níos tábhachtaí ná rialtais na stát féin, deir daoine áirithe gur cheart scor leis an smaoineamh go bhféadfadh stát ar bith seasamh in aghaidh an rialtais fheidearálaigh. Agus ar ndóigh, tá daoine eile ann a deir go bhfuil cearta mar seo níos tábhachtaí anois ná riamh má tá cearta ar bith le bheith ag pobail na stát in aghaidh an rialtais fheidearálaigh. Agus idir eatarthu, ní athraíonn tada.

Go cinnte, is ag smaoineamh faoi thodhchaí na tíre úire seo a bhí bunaitheoirí na tíre nuair a ritheadh an dlí. Bhíothas ag iarraidh a chinntiú go mbeadh a áit féin ag gach stát sa Chónaidhm nua, agus nach n-imreofaí cos ar bolg orthu. Faraor, ní raibh cruinneog chriostail acu a thuarfadh dronga sráide nó daoine mire ag marú páistí, agus cá bhfios cad a dhéanfadh siad dá mbeadh a fhios acu cé mhéad duine a mharófaí go fealltach i Meiriceá gach bliain. Faraor, is deacair duine ar bith a shamhlú ag iomardú an dlí seo anois, ós rud go bhfuil sé sa mbunreacht.

Lena chois sin, is tionscal ollmhór é tionscal na ngunnaí sna Stáit Aontaithe, ar fiú na billiúin dollar é i Meiriceá agus thar lear. I measc na n-armadóirí móra tá Smith and Wesson i Massachusetts (an déantóir gunnaí láimhe is mó sa tír), Colt in Connecticut (a rinne an gunna cáiliúil an Colt 45, ar ndóigh) agus – comhlacht a bhfuil aithne air go fairsing in Éirinn – Armalite, in Illinois. Ach is margadh iontach é Meiriceá do chomhlachtaí idirnáisiúnta freisin mar Glock na hOstaire agus Walther na Gearmáine. Díol suime is ea é, b’fhéidir, gur gunnaí ó na comhlachtaí Eorpacha seo a d’úsáid Seung-Hui Cho agus é ag lámhachadh a chomh-mhac léinn in Virginia Tech. Go deimhin, agus dlíthe i Meiriceá chomh liobrálach sin i leith gunnaí, díolann na comhlachtaí seo an-chuid dá dtáirgí i Meiriceá. Agus mar sin, is fiú dóibh go maoineofaí go maith brúghrúpaí mar an NRA (National Rifle Association) agus Gun Owners of America.

BrúghrúpaIs é an NRA an brúghrúpa gunnaí is láidre sa tír gan aon agó. In 2001, tar éis dóibh baghcat a thionscnamh in aghaidh Smith and Wesson, ghéill an comhlacht sin don bhrú agus chuir sé ar ceal socrú a rinne sé le réimeas Clinton a chuirfeadh glais ar thruicir a ghunnaí. In 2004, tar éis brú fíochmhar ón NRA, thug rialtas Mheiriceá cead airm ionsaithe agus airm uathoibríocha a dhíol arís, agus ó shin i leith tá teacht ar ghunnaí mar an AK-47 agus an Uzi arís i siopaí gunnaí Mheiriceá.

Úsáideann na brúghrúpaí seo argóintí agus reitric a chuirfeadh an Wild West i gcuimhne don Eorpach. Mar shampla, dúirt Larry Pratt, cathaoirleach Gun Owners of America, nach dtarlódh an sléacht i Virginia Tech dá mbeadh cead ag mic léinn agus léachtóirí gunnaí rúnda a chaitheamh faoina n-éadaí. Is é sin, ba cheart don

domhan mór gunnaí a chaitheamh, dar leis, ar eagla go gcaithfeadh daoine eile leo. Ar ndóigh, is grúpa antoisceach an t-eagras seo, ach tá fiú iadsan in ann beagnach dhá mhilliún dollar a chaitheamh in aghaidh na bliana ar stocaireacht amháin. Agus is mar gheall ar stocaireacht mar sin atá cead ag daoine go fóill gunnaí a cheannach in Virginia (an stát inár tharla an sléacht) gan bac ar bith, díreach mar a cheannófaí im nó cabáiste sa margadh.

Agus airgead mar seo á chaitheamh ar pholaiteoirí, ní nach ionadh go gceaptar go fairsing nach mbeidh athrú ar dhlíthe airm Mheiriceá go ceann i bhfad. I bhfírinne, gan ach coicís thart, tá dearmad déanta ag an gcuid is mó de phobal Mheiriceá ar an sléacht is déanaí. Ní chuimhneoidh siad air arís air go dtí go dtarlóidh an chéad cheann eile.

Tá Brian Ó Broin ag obair i Roinn an Bhéarla in Ollscoil William Paterson i Nua-Gheirsí áit a bhfuil sé ag plé leis an teangeolaíocht, Léann na Meánaoiseanna agus an Léann Éireannach. Is as cathair na Gaillimhe ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.