AR NA SAOLTA SEO
Coiriúlacht agus coimhlint
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen

Is cúis imní é, dar le Robert McMillen, go bhfuil na grúpaí paraimíleatacha Protastúnacha an-ghníomhach go fóill.

Íomhá
Tommy Kirkham: lucht éisteachta mór aige
Íomhá
Íomhá
Jackie McDonald: ag iarraidh smachta ar airgead rialtais

Plus ça change, plus ça reste la même chose.

Tá an UDA ag iarraidh athrú ach cosnóidh sé cuid mhór airgid le deireadh a chur leis na hionsaithe seicteacha agus ciníocha a bhfuil siad freagrach astu. Tá cineál ceant ar siúl faoi láthair ag dílseoirí éagsúla, gach drong acu ag iarraidh an duais airgid is mó a shú ó Rialtas na Breataine, i.e. na cáiníocóirí atá faoi chois ag tírghráthóirí na láimhe deirge cheana.

Bhailigh suas le 1,000 duine i nGleann Gormfhlaith Dé hAoine na seachtaine seo caite le héisteacht le fear a caitheadh amach as an UDA.

Dúirt Tommy Kirkham, ar comhairleoir i Newtownabbey é, nach gcuirfeadh rialtais na Breataine agus na hÉireann iachall air bheith ina Éireannach “thar oíche”.

(An gciallaíonn sé seo, má thugtar go leor airgid thar tréimhse dó, go mbeidh sé sásta bheith ina Éireannach?)

Is léir go bhfuil UDA Aontroma Theas ag iarraidh bheith neamhspleách ar an mháthaireagraíocht agus gur airgead atá taobh thiar de.

“Tá Aontroim Thoir-theas ar a chonlán féin, agus ar a chonlán féin oibreoidh sé amach cén chinniúint atá i ndán dó agus an bealach is fearr chun tosaigh,” arsa Kirkham. “Ní féidir muid a cheannach,” ar sé, gan aon íoróin ag baint leis.

Ach tá Kirkham agus dílseoirí eile i ndeisceart Aontroma ag tabhairt tacaíochta d’fheachtas darb ainm Beyond Conflict, plean a bhfuil sé mar aidhm aige an UDA a threorú ar shiúl on paraimíleatachas agus i dtreo obair phobail. Chosnódh an plean £8.5 milliún, airgead a bheadh á stiúradh ag an UDA.

Chuir Kirkham agus a chomhghleacaithe an plean faoi bhráid an Choimisiúin Neamhspleách Faireacháin (CNF) ach ní luaithe a bhí cruinniú eatarthu ná fuair Kirkham bagairt bháis ón UDA “maith”, an dream a bhfuil an rialtas ag déileáil leo. Níor iarr siadsan ach £1.2 mhilliún, ach níl aon duine sa phobal Protastúnach a chreideann gur lena leas siúd atá an UDA ag iarraidh airgid.

run ar bith é go bhfuil an grúpa paraimíleatach is mó ó thuaidh scoilte go dona. Tá troid inmheánach ar siúl agus cé a bheas ag dáileadh amach an airgid mar chnámh spairne.

Ar cheart dúinn bheith buartha? Cinnte. Meastar go bhfuil 200 raidhfil AK-47, meaisínghunnaí Uzi, agus suas le 200 meaisínghunna eile, cuid acu déanta sa bhaile; 200 gunna láimhe agus méid airithe Powergel (ábhar pléascáin) ag an UDA. Tá ráite acu nach bhfuil lá rúin acu díchoimisiúnú.

Gníomhach in eachtraí foréiginI dtuarascáil an CNF, maítear go bhfuil baill de chuid an UDA gníomhach in eachtraí foréigin, iad seicteach nó ciníoch.

Deirtear sa tuarascáil go bhfuil baill na heagraíochta go mór chun tosaigh i réimse leathan coiriúlachta – díol drugaí ina measc – agus go bhfuil cúrsaí ag dul in olcas le trí mhí anuas.

leisce ar na cúirteanna dílseoirí ar nós na Shoukris a choinneáil i bpríosún, agus mar a léirigh Rialtas na Breataine le linn an achrainn dheireanaigh taobh istigh den UDA, ní chuirfidh sé ó chodladh na hoíche iad má bhíonn dílseoirí ag marú a chéile ar bhonn “housekeeping.”

Agus d’fheadfadh rudaí imeacht ó smacht. Chuir an cruinniú idir UDA Aontroim Theas agus an CNF isteach go mór ar “Chomhairle Inmheánach” an UDA. Ba mhaith leis an Chomhairle Inmheánach, atá faoi stiúir Jackie McDonald ó dheisceart Bhéal Feirste, bheith mar lár-chomhairle déanta cinntí.

D’éirigh leis an Chomhairle Inmheánach an ruaig a chur ar cheannaireacht an UDA i dtuaisceart Bhéal Feirste agus bhí rún aige an rud céanna a dhéanamh in Oir-Dheisceart Aontroma. Sin an fáth gur ruaig siad Tommy Kirkham agus Gary Fisher amach as an eagraíocht.

Má tá Kirkham ábalta míle duine a mhealladh chuig óráid, ciallaíonn sé sin go bhfuil an baol ann go mbainfear úsáid as cuid den armlón thuasluaite sin.

Más ar a chéile atá an UDA ag díriú a nimhe, tá an UVF ag coinneáil súl ar náisiúnaithe. Cuireadh in iúl do níos mó ná céad duine go raibh siad i mbaol, go raibh a gcuid mionsonraí pearsanta i seilbh an UVF.

Thóg an PSNI fear darbh ainm Darren Richardson, 30, agus chuir ballraíocht sa UVF ina leith chomh maith le cúiseamh go raibh “doiciméid a d’fheadfadh bheith úsáideach do sceimhlitheoirí” ina sheilbh aige.

Lena chois sin, bhí 30 piléar ag Richardson ina oifig i WrightBus ar an Bhaile Meanach. Sea, an áit chéanna a dtug Ian Paisley agus an tAire Iompair, Martin Cullen, cuairt uirthi an mhí seo caite!

Dúirt Richardson go bhfuair sé na doiciméid ó fhear atá sa Royal Irish Regiment, agus ó Aaron Hill, fear a d’oibrigh don PSNI Crime Management Unit. Tógadh Hill fosta.

Voilà - an PSNI, an RIR agus an UVF.

Plus ça change ...

Is iriseoir leis an Irish News i mBéal Feirste é Robert McMillen. Is as an chathair sin ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.