Tá cuid mhór le gnóthú ag Aer Lingus as an chomhaontú a síníodh le déanaí idir an Eoraip agus na Stáit Aontaithe maidir le heitiltí trasatlantacha, mar a mhíníonn Pádraig Mac Éamoinn.
Cé go raibh an aimsir scamallach i mBaile Átha Cliath Déardaoin, 22 Márta, bhí an ghrian ag taitneamh ar phríomhoifig Aer Lingus. Tar éis blianta den díomá agus de ghealltanais neamhiontaofa na bpolaiteoirí, tugadh cead d’Aer Lingus seirbhísí nua a chur ar bun idir Éirinn agus na Stáit Aontaithe, margadh mór le héileamh turasóireachta nach bhféadfadh an comhlacht a shásamh go hiomlán go dtí anois.
Ach cad is brí leis an “Open Skies” seo atá go mór sa nuacht le déanaí?
Ós rud é gur fhás sé sa ré roimh an “saormhargadh”, is tionscal an-srianta é an t-aeriompar idirnáisiúnta. Tá mórán comhaontas agus gnóthaíochtaí a chuireann bac ar aerbhealaí nua agus ar iomaíocht idir aerlínte. Tá na srianta imithe ó mhargadh aeriompair an Aontais Eorpaigh le deich mbliana anuas: tá cead ag comhlacht as tír Eorpach amháin paisinéirí a eitilt idir dhá tír Eorpacha eile, cúis amháin go bhfuil fás chomh mór sin tagtha ar Ryanair sa tréimhse chéanna.
Ach is cás speisialta iad na spéartha Eorpacha. Áiteanna eile, tá go leor teorainneacha agus srianta i gceist. De ghnáth, déanann dhá tír conradh déthaobhach, a léiríonn cén saghas aeriompair atá ceadaithe eatarthu. Tá mórán conarthaí den saghas seo 20 nó 30 bliain d’aois nó fiú níos sine fós, ó ré ina raibh na rialtais ag iarraidh a n-aerlínte náisiúnta féin a chosaint ón iomaíocht
eachtrannach. Mar shampla, is é an tAtlantach Thuaidh an t-aerbhealach fadraoin is gnóthaí ar domhan: téann timpeall 50 milliún duine siar nó aniar gach bliain idir an Eoraip agus Meiriceá Thuaidh (na Stáit Aontaithe go háirithe, ar ndóigh). Is slí tráchta an-rialaithe é: tá conradh déthaobhach idir na Stáit Aontaithe agus gach tír Eorpach ina léirítear an t-uasmhéid aerlínte nó an t-uasmhéid eitleán nó an t-uasmhéid suíochán a bheidh eatarthu gach bliain. Bhíodh na praghsanna rialaithe mar an gcéanna, rud nach dtarlaíonn fós, ar a laghad.
Mar sin, de réir an chonartha dhéthaobhaigh idir an tír seo agus na Stáit Aontaithe, ní fhéadfadh eitilt sceidealta de chuid Aer Lingus tuirlingt ach amháin i Nua-Eabhrac, Bostún, Chicago nó Los Angeles. Ní fhéadfadh eitilt sceidealta Mheiriceánach tuirlingt ach i mBaile Átha Cliath nó in Aerfort na Sionainne, agus is gá do gach aerlíne an méid céanna tuirlingtí a dhéanamh sa tSionainn agus i mBaile Átha Cliath. (Agus sin dul chun cinn – go dtí 1993, ba ghá do gach aon eitilt idir Baile Átha Cliath agus Meiriceá stopadh sa tSionainn.)
Aon mhilliún déag paisinéirMá bhí srianta móra sa chonradh déthaobhach Éireannach, tá srianta eile sa chonradh idir an Ríocht Aontaithe agus na Stáit Aontaithe. Is é Aerfort Heathrow i Londain an bealach isteach trasatlantach is mó san Eoraip (bhí breis is aon mhilliún déag paisinéir ann anuraidh, ag dul go dtí nó ag teacht ó Mheiriceá), agus is pointe nasctha é do mhórán paisinéirí a bhíonn ag fáil eitilte eile. D’ainneoin an mhéid seo éilimh, áfach, de réir an chonartha dhéthaobhaigh níl cead iontrála go
Heathrow ach ag dhá aerlíne thrasatlantacha de chuid na Breataine (British Airways agus Virgin Atlantic) agus ag dhá cheann Mheiriceánacha (American Airlines agus United Airlines). Bhí na haerlínte eile mar BMI British Midland (ceann Briotanach) nó Continental agus Delta (cinn Mheiriceánacha) ag iarraidh cead isteach a fháil ó na rialtais ar feadh blianta fada – ach in aisce. Tá Heathrow mar dhaingean ag British Airways – is leo gach dara heitleán a thuirlingíonn nó a éiríonn den talamh ann – agus go dtí seo d’éirigh leo cur ina luí ar Rialtas na Bhreataine an status quo a choimeád. Ach an uair seo, bhí an iomarca brú ar an rialtas sin: bhí gach tír Eorpach sásta leis an dréacht-chomhaontú Open Skies ach amháin an Bhreatain Mhór, agus fiú amháin bhí BMI British Midland i bhfabhar an athraithe. Mar shólás do British Airways ní thiocfaidh an comhaontú nua i bhfeidhm go deireadh mhí an Mhárta 2008 (in áit mhí Dheireadh Fómhair 2007, mar a moladh ar dtús), ach is sólás beag dóibh é, agus cúis áthais dá gcuid iomaitheoirí mar Lufthansa agus Air France.
Cad atá i gceist leis an chomhaontú seo? Bhuel, ar dtús, Open Skies an t-ainm atá air mar go gcuireann sé deireadh leis na conarthaí déthaobhacha atá ag na tíortha Eorpacha a chuir srianta éagsúla ar an iomaíocht thrasatlantach. As seo amach ní bheidh ann ach conradh amháin don Eoraip ar fad. Beidh cead ag aerlíne ó thír Eorpach amháin eitilt sceidealta a chur ar bun ó thír Eorpach eile go Meiriceá. Mar shampla, is féidir le hAer Lingus seirbhís nua a thosú idir Vársá agus Nua-Eabhrac, nó idir Manchain agus Bostún, ach is féidir le Lufthansa nó British Airways freisin eitilt idir Baile Átha Cliath agus Meiriceá (ní dócha go dtarlóidh sé seo, áfach).
Ní bhfuair muintir na hEorpa dhá rud a bhí á lorg acu sa chaibidlíocht: deis infheistíocht a dhéanamh sna haerlínte Meiriceánacha (ábhar an-ghoilliúnach faoi láthair), agus deis eitiltí intíre a dhéanamh sa tír sin. Tá sé socraithe idir an dá thaobh go ndéanfaidh siad iarracht teacht ar chomhaontú faoi sin roimh 2010.
An comhshaolAch ní féidir trácht ar an eitlíocht gan trácht ar a héifeacht ar an chomhshaol. Más féidir dul díreach ó Bhaile Átha Cliath go San Francisco, is fearr é sin ná eitilt amháin go Heathrow nó go Nua-Eabhrac agus eitilt eile ina dhiaidh sin go San
Francisco, agus tá an comhaontú nua ag cur deireadh le srianta saorga mar sin. Ach is cinnte go mbeidh (agus gur cheart go mbeadh) srianta eile ag teacht: cánacha nua ar astúcháin na n-eitleán, mar shampla, agus chuige sin tá Coimisiún na hEorpa ag iarraidh scéim chánach a chur ar bun a chuimseoidh ní hamháin an Eoraip ach na Stáit Aontaithe freisin. Ní cúis iontais é go bhfuil na Meiriceánaigh ina choinne seo go fíochmhar faoi láthair, ach b’fhéidir gur féidir dul chun cinn a dhéanamh leo i gcomhthéacs na caibidlíochta eile a bheas ann maidir le hOpen Skies roimh 2010.
An dá áit is mó san Eoraip, b’fhéidir, a fheicfear éifeacht chomhaontú Open Skies ná i Heathrow agus in Éirinn. Beidh deis ag gach aerlíne iomaíocht thrasatlantach a dhéanamh ó Heathrow – más féidir leo spás a fháil (nó íoc as) san aerfort plódaithe sin. Beidh mórán brú ar shuíomh buntáisteach British Airways as seo amach.
Agus anseo in Éirinn, tá áthas i bpríomhoifig Aer Lingus (cé nach dtiocfaidh an comhaontú i bhfeidhm go mí an Mhárta 2008, tá cead ag Aer Lingus a bhealaí nua a sheoladh i mbliana) agus cineál de ghéilleadh tuirseach ar bhruach an Sionainne. Bhí a fhios ag gach duine le tamall maith anuas go raibh deireadh i ndán d’Agastad na Sionainne. As seo amach, go dtí Marta 2008, gach uair a thuirlingeoidh aerlíne thrasatlantach ag Aerfort na Sionainne, is féidir léi tuirlingt trí huaire i mBaile Átha Cliath, agus tar éis an 30 Marta 2008, ní gá di tuirlingt sa tSionainn ar chor ar bith mura mian léí. Ní chaillfidh an tSionainn gach seirbhís go Meiriceá, go háirithe i rith an tsamhraidh nuair a thagann formhór na turasóirí, ach is dócha nach mbeidh a rogha ceann scríbe Meiriceánach ag lucht gnó an cheantair níos mó. Os a choinne sin, beidh cead anois ag aerlínte eitiltí nua a chur ar bun ó Chnoc Mhuire nó ó Chorcaigh go Meiriceá má chreideann siad go bhfuil éileamh mór go leor ann. Tá deiseanna suimiúla ar scáileán an radair.
Tá Pádraig Mac Éamoinn ag obair i gcomhlacht aerlíne Éireannach. Tá sé ar ais ina chónaí i mBaile Átha Cliath anois tar éis tréimhsí fada a chaitheamh ag obair sa Fhrainc agus i Sasana.