AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
An tAire Talmhaíochta ar ais sa phluais
Balor Balor Balor

Den dara as a chéile, an tAire Talmhaíochta, Máire Chochráin, ag roinnt a gcuid gaoise le Balor ina phluais.

Íomhá
Íomhá
Íomhá
Bertie álainn aoibhinn fearúil fortúil
Íomhá

Bíonn lucht léite Beo Ar Éigean ag súil le caighdeán ard tuairisceoireachta, go háirid i dtaca le cúrsaí polaitíochta náisiúnta, gan trácht ar an pholaitíocht idirnáisiúnta agus dhomhanda. An mhí seo a chuaigh thart thug Balor an Tuairisceoir Tuisceanach Tarraingteach cuireadh don Aire Talmhaíochta, Máire Chochráin, cuairt a thabhairt air ina phluais chun babhla a chaitheamh ina chuideachta cois na tine. Bhí ag súil go roinnfeadh a gaois pholaitiúil leis i dtéarmaí simplí talmhaíochtatéarmaí a bheadh sothuigthe féin agus chuid léitheoirícionn is go bhfuil olltoghchán ar na bacáin, agus le go mbeadh rud beag fiú níos tuisceanaí agus níos tarraingtí fós mar thuairisceoir.

Ba mhó an tuiscint a fuair ar chúrsaí bólachta ar chúrsaí polaitíochta le linn chuairt an Aire ar an mhí seo a chuaigh thart, áfach, agus raibh drogall ar bith air é sin a chur in iúl di an cheana, agus an bheirt acu arís ina suí cois na tine i bpluais Bhaloir.

Blíp! Blíp! Blíp! a Bhaloir,” ar sise go magúil, lách, carthanach, agus í ag síneadh Laoch na Litríochta ar fhleasc a dhroma le buille beag an-mhailíseach ciotóg.Is cuma cad é a déarfaidh liom inniu, bhainfidh aoibh na sástachta

de mo chuntanós cruthúil i ndiaidh ardéacht churaidh Pháirc an Chrócaigh. Thig dinglis fós ar mo chraiceann nuair a chuimhním ar na laochra mórchumhachtacha mascalacha sin. Agus, a Bhaloir a chroí, éist leis seo: raibh caill ar bith ar na himreoirí ach oiread! Ach, a Bhaloir, nuair a smaoiním ar Bhertie agus ar a chairde cnis ina seasamh ansin roimh an chluiche ar Ardán Ógáin... Óóóóóóó!!! Ach, b’fhearr dúinn dul ar aghaidh leis an cheacht polaitíochta seo. Cad é a bhí ag iarraidh a thuigbheáil an babhta seo?”

A Mháire, a thaisce,” arsa Balor, “An dtig leat mórphictiúr na polaitíochta a mhíniú dom, le do thoil? An mórphictiúr, an dtuigeann ? Ar nós an phictiúir mhóir de Bhertie atá os cionn do leapa, ar nós an phictiúir níos fós díot féin atá os cionn leaba Bhertie. Pictiúir a insíonn a scéal féin, an dtuigeann ?”

“*Blíp! Blíp! Blíp! *a Bhaloir, a bhastaird,” a d’fhreagair an tAire agus aoibh ar a gnúis, agus í i ndiaidh ár laoch a leagan arís, leis an deasóg an t-am seo. “An bhfuil sásta éisteacht liom, a húir?” “, a Aire,” arsa Balor go fadfhulangach, agus é ag iarraidh é féin a tharraingt aniar arís ón áit ar chuir é, ar chúl na pluaise. “Ach in ainm Chroim hinis scéal dom faoin bhó an t-am seo!” “Níor thaitin mo chuid meafar talmhaíochta leat, a Bhaloir?” arsa Máire, agus díchreideamh ina glór. “Sa chás sin míneoidh cúrsaí polaitíochta duit le scéal faoi theaghlach. teaghlach ag gach duine, nach bhfuil? gach uile dhuine mar bhall de theaghlach inteacht! Tuigfidh tusa agus do chuid léitheoirí an meafar seo, gan dabht:

Nuair a bheidh an toghchán seo thart, agus nuair a bheidh Bertie álainn aoibhinn fearúil fortúil arís ina Thaoiseach, agus mise i mo Thánaiste lena thaobh, beidh an tír seo ina cheart den chéad uair riamh. Beidh gasúr amháin agus girseach amháin ag gach teaghlach. Beidh jab ceart bog ag gach daidí sa tír, agus bheidh ar mhamaí ar bith dul amach ag obair riamh arís. Ach bheidh mórán le déanamh

aici sa bhaile, ach oiread, beidh au pair ón Pholainn ag gach teaghlach leis an chuid is den obair sa bhaile a dhéanamh. Beidh an saol ina cheart arís, díreach mar a bhí i Meiriceá sna caogaidí, ar an tele.”

Ach cad é faoin pholaitíocht, a Aire?” a d’fhiafraigh Balor an Fiosraitheoir Fáidhiúil.

Blíp! Blíp! Blíp! Éist liom anois, a Bhaloir, agus gheobhaidh amach. Bíodh foighid agat.” Agus bhuail rop beag cairdiúil air faoin chluas chlé. Nuair a tharraing é féin ó urlár brocach na pluaise lean lena scéal: “Sa mhéid is go dtéann daidí amach ag obair agus go dtugann airgead abhaile, is féidir Caipitleachas a thabhairt air. Riarann mamaí cúrsaí an ; mar sin is féidir An Rialtas a thabhairt ar mhamaí. Ós rud é gurb í an ghirseach bheag an duine is óige sa teaghlach is féidir An Todhchaí a thabhairt uirthi. Agus ós rud é gurb é an buachaill a bhíonn ag cur isteach ar mhamaí ( ar an Rialtas) gan stad, is féidir an Pobal a thabhairt airsean. Thig linn An Lucht Oibre a thabhairt ar an au pair. Sa teaghlach seo, atá ina mhionsamhail den tír seo, thuigeann leat a Bhaloir, gach aon rud i gceart. feidhm ag gach duine agus tuigeann gach duine an ról atá acu. An bhfuil ceist ar bith agat anois, a Bhaloir, a chroí?”

Bhuel, chuala mise scéal faoin teaghlach seo, ach níl a fhios agam ar mhaith leatsa é a chloisteáil, a Aire!” arsa Balor.

Abair leat, a Bhaloir. Abair leat.”

Bhuel,” arsa Balor, “Tharla, oíche amháin, gur mhúscail an leaid óg i lár na hoíche. Caoineadh a dheirféar óige a mhúscail é. D’éirigh as an leaba agus anonn leis go dtí seomra na girsí. Clúidín salach a bhí ag cur isteach ar an ghirseach bhocht. Ar aghaidh leis chuig seomra a mhamaí agus a dhaidí, ach nuair a d’oscail an doras bhí mamaí ina sámhchodladh léi féin sa leaba. Ach raibh daidí? Faoi dheireadh d’oscail an gasúr doras an au pair agus b’in iad daidí agus an Polannach óg mná in aon leaba le chéile.”

Agus cad é is brí leis an scéal cáidheach sin, a Bhaloir?” a d’fhiafraigh an tAire.

Bhuel, a Aire,” a d’fhreagair Laoch na Litríochta, “Meafar atá ann: fiú sa saol iar-thoghcháin, mar a shamhlaíonn féin é, beidh Caipitleachas fós ag blíp blíp blípeáil an Lucht Oibre (mar a déarfá féin go deas múinte); beidh an Rialtas fós ina shámhchodladh; bheidh aon duine ag tabhairt airde laghad ar an Phobal, agus beidh an Todhchaí fós sa chac!”

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.