Tá mac óg Tony Birtill ag traenáil le foireann phroifisiúnta sacair faoi láthair ach tuigeann Tony nach ionann sin is a rá go n-éireoidh leis gairm a bhaint amach sa spórt sin.
An sacar an rud ba mhó inár saol anseo i Learpholl le gairid.
Bhí díomá mór orainn nuair a chaill Liverpool FC 2-1 in aghaidh AC Milan san Aithin. Ach d’imir siad go maith, agus níor chuir siad náire ar dhuine ar bith, murarbh ionann agus Manchester United nuair a d’imir siadsan in aghaidh na nIodálach.
Bhí díomá ar dhaoine anseo roimh an chluiche fosta nuair a chuala siad nach bhfuair Liverpool ach 17,000 ticéad don staid san Aithin, cé go bhfuil spás ann do 63,000 duine. Fuair Milan 17,000 ticéad, díoladh 9,000 trí bhallóid roimh ré agus fuair UEFA 20,000 iad féin, le haghaidh urraí mar Coca Cola. Agus as an 17,000 ticéad a fuair Liverpool, tugadh 6,000 d’urraí an chlub, d’imreoirí, d’fhostaithe agus a leithéid. Níor fhág sin ach 11,000 don ghnáthlucht tacaíochta, daoine a bhíonn ag freastal ar gach cluiche i rith an bliana agus atá molta ag an bhainisteoir Raphael Benitez mar an “12ú himreoir” mar gheall ar an dóigh a gcanann siad os ard i rith gach cluiche. Chuaigh 23,000 acu amach go dtí an Aithin agus bhí praiseach agus rírá ag an staid dá bharr. Chuir UEFA an locht ar na Scousers, ach is féidir le duine ar bith réasúnta a fheiceáil cá bhfuil an locht ó na figiúirí thuasluaite: ar UEFA as an dóigh ar chuir siad urraí agus brabús roimh an chosmhuintir.
Ach bhí dea-scéala agam i mí na Bealtaine fosta nuair a thosaigh mo mhac Liam, atá ocht mbliana d’aois, ag traenáil le hEverton. Sea, Everton FC, an fhoireann sacair eile atá againn sa chathair; an fhoireann atá i ndianiomaíocht le Liverpool FC le níos mó ná 100 bliain.
Seo mar a tharla sé: Tá Liam ag imirt sacair le foireann shóisearach faoi ocht mbliana, The Pumas, le bliain anois. Seachtar a bhíonn ar gach foireann agus maireann an cluiche 30 bomaite. D’éirigh le The Pumas an 6ú háit a bhaint amach sa tsraith agus ba é Liam príomhscórálaí na foirne an séasúr seo.
D’eagraigh an tsraith féile sacair dhá lá ar an 5 agus 6 Bealtaine le deireadh a chur leis an séasúr agus le deis a thabhairt don ocht bhfoireann déag faoi ocht mbliana teacht le chéile arís. Bhí an fhaiche imeartha plódaithe an chéad mhaidin agus idir bhuachaillí agus thuismitheoirí ansin. “They’re the Everton scouts,” arsa Steve McKenna liom, ag díriú a mhéire ar thriúr i measc an tslua. Tá mac Steve, Ryan McKenna, ina chaptaen ar The Pumas. D’amharc mé ar an triúr ar feadh bomaite, iad gléasta i raonchulaith de chuid Everton, agus ansin chuaigh muid tríd an slua le chéad chluiche an lae a fheiceáil.
I rith an chluiche tar éis lóin, thug mé faoi deara go raibh lorgaire amháin ag amharc go géar ar an sacar. Tar éis tamaill, tháinig an bheirt eile chuige agus thosaigh siad ag labhairt le chéile. Ag deireadh an chluiche tháinig siad trasna chugainn, ag lorg ceada chun Liam a thabhairt chuig an ionad traenála atá acu. Bhí sceitimíní ar Liam, ach ag an am chéanna bhí drogall air a bheith ag traenáil leis na hiomaitheoirí. “Can I wear my red Liverpool shirt there?” an chéad cheist a chuir sé orthu. Phléasc siad amach ag gáire. “No problem,” a dúirt siad leis.
Beirt
Ghlac 180 buachaill páirt san fhéile sacair ach níor roghnaigh na lorgairí ach beirt acu. Téann siad go dtí an t-ionad traenála sóisearach ar feadh uair an chloig gach seachtain anois agus má éiríonn leo ansin leanfaidh siad ar aghaidh go dtí an tAcadamh. Muna n-éiríonn, gheobhaidh siad teistiméireacht ón chlub, mar aitheantas go raibh siad ag traenáil leo.
Ar ndóigh, tuigeann muid nach n-éiríonn ach le fíorbheagán, agus go bhfuil droch-chlú ar na foirne gairmiúla sacair mar gheall ar an dóigh a mbaineann siad úsáid as buachaillí óga. Ach, ag an am chéanna, is rud dearfach é a bheith roghnaithe mar sin agus a bheith ag traenáil le traenálaí gairmiúil.
Tharla an rud céanna do chol ceathrair Liam, Seán Taylor, atá trí bliana is fiche d’aois anois, sna 1990í. Is mac é le mo dheirfiúr Angie agus tá cónaí orthu i Londain. Thosaigh seisean ag traenáil le Leyton Orient agus é deich mbliana d’aois agus lean sin ar aghaidh ar feadh dhá bhliain. Nuair a shíníonn tú le foireann phroifisiúnta, caithfidh tú fanacht ansin ar feadh bliana ar a laghad.
Bhog Seán go Watford nuair a bhí sé dhá bhliain déag d’aois agus ansin go Chelsea, áit ar bhris sé a dhealrachán. Bhí sé as feidhm ar feadh míonna, rud a chuir isteach go mór air mar gur mhothaigh sé go raibh sé ag cailleadh a dheise. Bhog sé go West Ham United ansin agus é ceithre bliana déag d’aois. Bhí Joe Cole, Michael Carrick agus Frank Lampard ina ndéagóirí sa chlub chéanna ag an am sin agus bhí siad cairdiúil le Seán, cé go raibh siad ní ba shine ná é. Ar ndóigh, ní raibh a fhios acu go mbeadh siad ina réaltaí móra sa todhchaí, ach deir Seán go raibh an chomrádaíocht go hiontach i measc na mbuachaillí.
D’imir Seán sa Camden and District League ag an am chéanna, sraith ina raibh a athair Steve ina traenálaí deonach. Bhí baint ag Arsenal leis an tsraith seo agus fuair na buachaillí oiliúint bhreise ag Highbury dá bharr.
Roghnaíodh Seán d’fhoireann shóisear Londan agus ansin d’Oirdheisceart Shasana ach sa deireadh ní bhfuair sé áit bhuan le West Ham.
Bhí imní ar Angie agus Steve faoin am seo, mar, mar gheall ar an mhéid béime a bhí ar an sacar i saol a mic, ní raibh sé ag déanamh mórán oibre ar scoil agus bhí scrúduithe an GCSE ag druidim leis.
D’iarr siad air níos mó béime a chur ar a chuid oibre scoile agus bhí sé toilteanach é sin a dhéanamh. Ach níor éirigh sé as an sacar; fuair sé áit ar fhoireann Hendon agus ansin, agus é sé bliana déag, le hEdgeware Town, foireann ar imir sé léi i gCorn an FA.
Jab Sathairn a bhí ann dó; fuair sé cúpla punt agus bhí sé ábalta sult a bhaint as an sacar agus a staidéar scoile a dhéanamh ag an am chéanna.
Ach bhí sé ag imirt in aghaidh daoine fásta faoin am sin agus, cé go raibh sé gasta agus oilte, bhí siadsan a bhfad ní ba láidre ná é.
“Bhí sé ait daoine sa slua a chloisteáil ag scairteadh amach, ‘Break his leg!’ faoi do mhac óg féin,” a dúirt Steve Taylor liom.
Bhog Seán go St Albans ansin, áit ar ghortaigh sé a rúitín go dona, agus d’éirigh sé as an sacar agus gan é ach seacht mbliana déag. Lean sé ar aghaidh go hOllscoil Londan, áfach, agus is ceoltóir é anois. (Féach ar Beo!, Eanáir 2007 agus ar www.Seantaylorsongs.com)
D’inis mé an scéal seo do mo mhac féin agus sílim go dtuigeann sé an dóigh a n-oibríonn an córas sacair proifisiúnta sa lá atá inniu ann agus nach mbeidh díomá millteanach air muna n-éiríonn leis ag Everton.
Imreoirí ógaBhí iontas ar Seán Taylor nuair a chuala sé go raibh na clubanna ag plé le buachaillí chomh hóg le hocht mbliana, mar shíl seisean go raibh sé féin an-óg nuair a thosaigh sé le hOrient agus gan é ach deich mbliana. Ach dúirt Andy, lorgaire Everton liom: “We recruit players from as young as five years old, right through to scholars at 18 years.”
Chosain sé an córas atá acu. “It’s a community-based programme. We try and give something back to the community, as the lads get experience and training. The stronger ones go forward.”
Mar chuid den chlár seo, thosaigh Everton suíomh gréasáin nua (www.evertonway.com) ar an 10 Bealtaine. Is sórt ciclipéide é seo atá curtha le chéile ag Acadamh Everton, é lán eolais faoin dóigh a mbíonn siad ag traenáil ansin. Dúirt Keith Wyness, ceannaire an Acadaimh, agus é ag seoladh an tsuímh, go bhfuil siollabas iomlán an Acadaimh ar an suíomh. “It was a big decision to be so open and give away these secrets. It was a big investment,” a dúirt sé.
Ach is cuid den ghnó é fosta, mar tá síntiús bliantúil £50 le híoc acu siúd ar mian leo an suíomh a úsáid agus tá súil ag Wyness go mbeidh sé in úsáid ar fud an domhain, go mór mhór sna Stáit Aontaithe agus san Áis.
Bhí beirt bhuailteoirí óga ó phríomhfhoireann Everton, James Vaughan (18) agus Victor Anichebe (19), a tháinig tríd an Acadamh, i láthair ag an seoladh fosta. Bhí siadsan ar an fhoireann sa bhua in aghaidh Portsmouth a fuair áit don chlub san Eoraip sa séasúr atá romhainn.
Faigheann an club a lán airgid nuair a dhíolann siad imreoirí óga ón Acadamh fosta: £45 milliún go dtí seo, na milliúin a fuair siad ó Manchester United nuair a dhíol siad Wayne Rooney leo san áireamh.
Brabús agus airgead – is iad sin na príomhrudaí sa sacar sa lá atá inniu ann. Ach tá Seán Taylor sásta gur chaith sé blianta ag dul tríd an chóras. “Bhain mé sochar as. Tá sé go maith a bheith dírithe ar rudaí agus a bheith diongbháilte mar gheall orthu. Tréithe iad seo a rachaidh chun do leasa sa todhchaí,” arsa seisean.
Is de bhunadh Éireannach é Tony Birtill agus rugadh i Learpholl é. Bíonn sé ag obair le hOideas Gael i nGleann Cholm Cille gach samhradh.