
Bhí eagla ar Tony Birtill go síobfaí an tAire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt, Leo Varadkar den aill os comhair a dhá shúil ar chósta Dhún na nGall an mhí seo caite.
»»»Braitheann roinnt earnálacha gnó go mór ar an aimsir a bheith leath maith go leor le cúpla pingin a chur sa sparán agus imríonn an aimsir tionchar an-mhór orainn go léir a deir Seosamh Ó Riain.
»»»Bhí Donncha Ó hÉallaithe ar Í Cholm Cille i dtús an tsamhraidh. Ceistíonnn sé an nósmhaireacht atá Comhairle Chontae na Gaillimhe, gan aitheantas a thabhairt do leaganacha Gaeilge na mbailte fearann sa Ghaeltacht.
»»»Mheas W. B. Yeats go dtiteann an tsíocháin le mochdháil maidine, ach is túisce an cith mallachtaí ar Shráid Dhún na nGall ná a dhath mar a mhothaigh Robert McMillen lena dhá chluais féin.
»»»Chaith John-Paul Mc Carthy súil siar ar shaol agus ar shaothar Gore Vidal a fuair bás lá deiridh Mhí Iúil i mbliana.
»»»Is maith le Brian Ó Broin córas coinbhinsiúin na Stát Aontaithe gona bhladhmann, a gháifeacht aignis agus an reacaireacht láidir go léir.
»»»Coimhéad na daoine a théann thar fóir le beartais uaillmhianacha, nó seolfaidh siad Elvis féin as MacDonalds ar chúrsaí Gaeilge. Tá Balor faoi iontas.
»»»Ní haon ribín réidh ar bhain Katie Taylor amach in imeacht blianta gairide dornálaíochta. Scríobh Colm Mac Séalaigh fúithi anseo cheana ach is mithid a héachtaí a aithint an athuair.
»»»Ní thig leis an tír seo teacht i dtír ar thurasóireacht siúlóide gan dul i ngleic le ceisteanna a bhaineann le cearta fánaíochta dar le Breandán Delap
»»»Faoi mhuintir an oileáin féin atá cúraimí oidhreachta, béascna agus eile Thoraí dar le Ciarán Mac Aoghnusa agus tá súil as aige go n-éireoidh leo an fód a sheasamh in aghaidh drochshíon ar linne.
»»»Is cosúil gur fhan an Ghaeilge beo i measc Ghaeil na hAstráile, i bhfolach faoi screamh an Bhéarla. Bhí Bearnaí Ó Doibhlin ag éisteacht le roinnt scoláirí ar an ábhar.
»»»Ní in Éirinn amháin a bhí deacrachtaí le hinimirce lasmuigh den dlí agus níor d’aon iarracht amháin a thug siad faoin gceist a réiteach mar a mhíníonn Alan Desmond.
»»»Eascraíonn ceisteanna go leor as eachtra agóide Pussy Riot in ardeaglais Mhoscó. Bhí Ciara Nic Gabhann ag amharc isteach sa scéal.
»»»Más aon léiriú é na fadhbanna atá ag Roinn na Gaeltachta scéim teanga a aontú le hOifig an Ombudsman, níl Breandán Delap ródhóchasach go mbeidh an Roinn sin in ann don phleanáil teanga sa Ghaeltacht.
»»»Ag eascairt as léacht a thug Máire Mhic Róibín in Ard Mhacha an tseachtain seo chuaigh thart, meabhraíonn Robert McMillen dúinn gur mithid coiscéim eile a ghlacadh anois ar bhealach na síochána.
»»»Bíonn blas ar an mbeagán agus ní maith an rud barraíocht, de réir na seanfhocal. Feictear do Sheosamh Ó Riain gurb shin é go díreach i dtaca le luiteamas na hóige le suímh idirlín.
»»»Mhisnigh cuairt a thug Brian Ó Broin ar chathair Toronto é go mór. Chonaic sé mar a bhfuil galar na Gaeilge chomh tógálach ann is atá in aon cheantar eile i Meiriceá Thuaidh.
»»»Caithfear an mhaith atá i bhfiántas na tuaithe a aithint mar ghné tharraingteach don turasóireacht agus gan srian ná smacht a chur air a deir Tony Birtill.
»»»Sa Bhrasaíl, is mó ná riamh an tóir atá ar na creidimh atá bunaithe ar úsáid tae Santo Daime – nó Ayahuasca, mar is fearr aithne air san Eoraip. Chuaigh Alex Hijmans go dufair na hAmasóine chun blaiseadh den tae rúndiamhrach seo.
»»»Cleas an philibín? Is eagal le Ciarán Mac Aonghusa go dtitfidh ar lár leasuithe tábhachtacha sa chóras pholaitíochta a bhí ar chlár an rialtais.
»»»Cíorann Bearnaí Ó Doibhlin san alt seo an t-iomrall ceartais ba mheasa san Astráil le fada an lá riamh, máthair a ciontaíodh agus a sacadh isteach sa charcair nuair a chuimil an tubaiste léi.
»»»Chuir Mícheál Ó hAodha spéis i scéal fir as ceantar Thrá Lí a raibh lámh aige i gcinniúint a lán d’Éireannaigh an bháid bháin i leath deiridh an chéid seo caite.
»»»An bhfuil na Coláistí Samhraidh dírithe ar an dream mícheart? Ceistíonn Donncha Ó hÉallaithe an mb’fhearr cuid den airgead a chaitear orthu a úsáid le campaí samhraidh a eagrú do dhéagóirí na Gaeltachta agus do dhéagóirí eile a bhfuil Gaeilge acu cheana.
»»»Mórshiúl i ndiaidh mórshiúil, níorbh é a d’iarr Balor riamh, ach bíonn siad ann ina dhiaidh sin, agus ní féidir iad a stad óir ní chóir ‘an oidhreacht’ a stad.
»»»Tá ceachtanna i dtaobh an gheilleagair le foghlaim dar le John-Paul Mc Carthy ach éisteacht le Léachtaí Reith a thug Niall Ferguson le déanaí.
»»»A Rí na bhfeart, tá Diarmuid Johnson tar éis litir a scríobh chuig rí saolta na Rómáine faoina fhidil, fidil an rí, atá ar buanchoimeád in Iarsmalann sa bPolainn.
»»»Tugann Alan Desmond cur síos san alt seo ar na deacrachtaí agus na contúirtí atá roimh an inimirceach a thagann go hÉirinn lasmuigh den dlí.
»»»Ba cheart do lucht cáinte na Gaeilge faoiseamh a thabhairt do Pheig Sayers bocht dar le Breandán Delap agus sampla na n-eachtrannach i leith foghlaim na teanga a leanstan.
»»»Chaill Arm na hAstráile baill san Afganastáin agus tá an chuma ar an scéal anois, dar le Bearnaí Ó Doibhlin, nár thug a n-íobairt ná fulaingt a ngaolta aon tairbhe do mhuintir na hAfganastáine.
»»»Bhí barraíocht le háireamh, dar le Balor, ag titim amach ar an oileán iathghlais ach rinne sé iarracht cuntas éicint a thabhairt.
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil.
Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.