AR NA SAOLTA SEO
Míbhuntáistí na mbithbhreoslaí
Pádraig Mac Éamoinn Pádraig Mac Éamoinn

Tá go leor míbhuntáistí ag baint le bithbhreoslaí áirithe, mar a mhíníonn Pádraig Mac Éamoinn.

Íomhá
Íomhá
Coirce á fhás in Ohio chun eatánól a tháirgeadh
Íomhá
Dífhoraoisiú san Indinéis
Íomhá

Tá níos mó cainte le déanaí ar bhithbhreoslaí – breoslaí déanta as plandaí. An dul chun cinn iontach é seo don tréimhse easpa ola atá romhainn, nó an bhfuil míbhuntáistí ag baint leo?

Dar le George Bush agus neart daoine eile, is rogha mhalartach den scoth iad na bithbhreoslaí in áit ola, agus dar leo gur féidir leo ní hamháin astuithe a laghdú (rud atá fíor, go teoiriciúil) ach – trí laghdú a dhéanamh ar iompórtáil breosla ó thíortha míchairdiúla nó neamhsheasmhacha – “slándáil fuinnimh” a fháil don tír. Ba mhaith an aidhm é seo – dá mba fhíor é. Ar an drochuair, b’fhéidir go bhfuil smaoineamh maith seo na mbithbhreoslaí fuadaithe ag na tionscail mhóra.

Cé go n-úsáidtear millíní adhmaid mar bhreosla éifeachtach don téamh lárnach,béim speisialta ar bhithbhreoslaí i gcúrsaí iompair – tionscal a úsáideann mórán ola agus peitril agus tionscal nach bhfuil mórán slite malartacha aimsithe aige fós. Beifear ag plé cúrsaí eitleáin níos déanaí, ach is é an t-iompar bóthair an tomhaltóir peitril is mó anseo. Nuair a dhóitear peitreal, díosal nó breosla eile, scaoiltear amach an carbón a gabhadh agus an breosla á chruthú (ar feadh tréimhse milliún bliain i gcás na hola). Nuair a dhóitear bithbhreosla, scaoiltear amach an carbón atá ann ar an gcaoi chéanna, ach amháin an carbón a bhí istigh sna plandaí as ar ndearnadh an bithbhreosla, ar feadh tréimhse cúpla bliain. Mar sin, nár mhaith an rud é bithbhreoslaí a chur in áit cuid den ola agus den pheitreal atá á n-úsáid anois – eatánól ó arbhar Indiach nó cána siúcra nó féar, mar shampla?

Bhuel, ba mhaith, ach ...

Ar dtús, níl an méid céanna fuinnimh i mbithbhreoslaí agus atá sa pheitreal; dá bhrí sin, ólfaidh inneall níos mó eatánóil ná peitreal. Agus níl gach “barr fuinnimh” (barr as a déantar bithbhreoslaí) mar an gcéanna: tá cuid acu i bhfad níos éifeachtaí ná cinn eile. Tá gá le fuinneamh i dtús báire: chun an talamh a ullmhú, an síol a chur, an leasachán a leathadh (agus úsáidtear mórán fuinnimh chun leasachán ceimiceach a mhonarú), an fómhar a bhaint agus eatánól a dhéanamh as.

Tá sé i bhfad níos éasca (is é sin, tá i bhfad níos lú fuinnimh de dhíth) an t-eatánól seo a fháil ó bharra áirithe ná ó bharra eile. Ar na barra is fearr anois tá cúpla cineál féir agus an planda teochreasach Jatropha, agus tá an t-arbhar Indiach ar na cinn is measa. Mar a tharlaíonn sé, is gá i bhfad níos mó fuinnimh a úsáid chun arbhar Indiach a fhás ná mar a bhíonn le fáil ón eatánól a fhaightear as. Dá bhrí sin, má tá rialtais ag iarraidh táirgeadh bithbhreoslaí a spreagadh, ba cheart dóibh tacaíocht a thabhairt do na barraí níos éifeachtaí seo, nár cheart?

B’fhéidir gur cheart, ach ní mar a shíltear a bítear. Sna Stáit Aontaithe go háirithe, tá mórán cumhachta polaitiúla ag na feirmeoirí atá ag fás an arbhair Indiaigh: tá roinnt mhaith den ioncam agus fostaíocht i stáit mar Iowa ag brath ar an bharr seo, agus más féidir an cás a dhéanamh gur “foinse fuinnimh ghlais” é nó go spreagfaidh sé "slándáil fuinnimh”, glacfar leis sin. Tá sé ag tarlú cheana féin: níl Meiriceá ag cur béime maidir le tacaíocht an rialtais ar innill níos éifeachtaí, ar chaighdeáin níos déine i dtaca le tomhaltas breosla nó ar iompar poiblí níos fearr, ach ar scaglanna a thógáil chun eatánól a dhéanamh as arbhar Indiach. Mar a tharlaíonn, tá an méid sin éilimh sna Stáit Aontaithe ar arbhar Indiach chun eatánól a dhéanamh go bhfuil siad ag iompórtáil an bhairr seo ó Mheicsiceo, áit a bhfuil sé mar bhia bunúsach, agus tá círéibeacha sa tír sin de bharr go bhfuil easpa arbhair ann agus an praghas ag méadú dá bharr.

Seo sampla díreach amháin den teannas nua atá idir barra a fhás le haghaidh fuinnimh agus le haghaidh bia.

An fhoraois bháistí á milleadhTá fadhbanna eile ag teacht chun cinn: san Indinéis, tá an fhoraois bháistí á scrios níos tapúla ná mar a bhí riamh, chun crainn phailm a fhás do bhithbhreosla eile. De réir na Náisiún Aontaithe, beidh 98% d’fhoraois bháistí na tíre sin scriosta nó díghrádaithe roimh 2022. Agus, ní measa fós: chun an fhoraois a bhaint, dóitear í, rud a scaoileann méid ollmhór CO2. Mar sin, go híorónta agus go tragóideach, is é an t-éileamh mór ar bhreosla “glas”, mar aon le heaspa smachta rialaithigh, atá ag spreagadh mhilleadh na foraoise agus ag gineadh breis astuithe.

Cad ba chóir a dhéanamh? Ba cheart go mbeadh smacht níos doichte ar bharra fuinnimh (agus tacaíocht níos éirimiúla dóibh) chun an cineál seo mí-úsáide a sheachaint. Agus tá breis taighde de dhíth chun slite a aimsiú le bithbhreoslaí a dhéanamh nach ngoideann bia ó thíortha bochta agus nach milleann éiceachórais luachmhara.

Críochnaímis le sampla den chineál seo taighde ar tuar dóchais é.tionscadal taighde ar siúl ag an mhonaróir ollmhór eitleán Meiriceánach, Boeing, ag iarraidh algaí a úsáid chun breosla eitleán a dhéanamh. Tá an obair seo bunaithe ar thaighde a rinneadh cheana féin sna Stáit Aontaithe, taighde ar cuireadh stop leis sa bhliain 1996 toisc nach raibh praghas an bhreosla ag an am sin ard go leor chun costais an taighde a chosaint. Níl an praghas sin ró-íseal níos mó agus dá bhrí sin tá an obair curtha ar bun arís.

Sa chéad taighde, baineadh úsáid as algaí a fásadh i locháin uisce i bhfásach Arizona; d’ith na halgaí CO2 ó stáisiún cumhachta agus chruthaigh siad breosla. Aidhm amháin atá leis an taighde nua ná an t-ionad is fearr a aithint chun na halgaí seo a shaothrú. De réir Boeing, dá mbeadh limistéar 34,000 ciliméadar cearnach (san fharraige, is dócha – sin ceantar beagáinín níos lú ná an Isiltír nó an Eilvéis) ina mbeadh na halgaí seo ag táirgeadh breosla, ba leor é sin do gach aerlíne ar domhan, agus bheadh an eitlíocht in ann a hastuithe carbóin ar fad a neodrú.

Is tionscadal ardaidhmeannach é an taighde seo. Tá neart dúshlán teicniúil ann fós, áfach: breosla a dhéanamh is féidir a úsáid in eitleán ag airde mhór, slite a aimsiú chun na halgaí a shaothrú, an fómhar a bhaint agus an breosla a bhaint amach gan an iomarca fuinnimh a úsáid. Ní féidir a bheith cinnte go n-éireoidh leis an taighde seo. Ach is cúis dóchais bheith in ann a thuairisciú go bhfuiltear ag iarraidh dul i ngleic le cúpla ceann de na fadhbanna seo arís.

Tá Pádraig Mac Éamoinn ag obair i gcomhlacht aerlíne Éireannach. Tá sé ar ais ina chónaí i mBaile Átha Cliath anois tar éis tréimhsí fada a chaitheamh ag obair sa Fhrainc agus i Sasana.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.