AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
Tacaíocht láidir fós ag an ALP
Dáithí Ó Colchúin Dáithí Ó Colchúin Dáithí Ó Colchúin

Tá go leor deacrachtaí ag rialtas na hAstráile ach níl ag éirí leis an bhfreasúra teacht i dtír ar na deacrachtaí sin, mar a mhíníonnn Dáithí Ó Colchúin.

Íomhá
Íomhá
Maxine McKew: chun seasamh in aghaidh an Phríomh-Aire

Beidh dhá thoghchán i NSW i mbliana: toghchán stáit ar an 24 Márta agus níos deireanaí (b’fhéidir i mí Dheireadh Fómhair) toghchán náisiúnta. Is iad an ALP atá i mbun rialtais i NSW, mar atá i ngach stát agus críoch sa tír, agus rialtas Liberals-Nationals i gCanberra.

Go dtí le gairid bhí go leor daoine ag ceapadh go raibh seans sa toghchán seo ag an dá dhream. Tá go leor an-mhíshásta leis an rialtas – tá siad míshásta faoi iompar poiblí, na hospidéil, tollán faoi lár Sydney agus a lán eile. Chomh maith leis sin, bhí ar aire amháin éirí as a phost nuair a d’inis sé bréag don pharlaimint. Bhí ar aire eile éirí as nuair a cuireadh coireanna ina leith.

In ainneoin dheacrachtaí an rialtais, ní cosúil go raibh an freasúra ag dul i bhfeidhm ar an bpobal mórán. Ach cuireadh iontas ar go leor daoine an tseachtain seo nuair a foilsíodh pobalbhreith a thug le fios dá mbeadh toghchán anois ann, tar éis aistriú vótaí go mbeadh an rialtas in uachtar 57%-43%. Is fíorannamh a bhíonn bearna mar sin eatarthu chomh gar seo do thoghchán. D’fhágfadh sin nach é amháin go mbeadh an ALP i mbun rialtais arís ach go mbeadh cúpla suíochán breise acu – maidhm talún.

Dúirt an Chéad Aire, Morris Iemma, nach dtugann sé mórán airde ar a leithéid agus dúirt ceannaire an fhreasúra, Peter Debnam, gurb é an vóta ar an 24ú den mhí seo an t-aon cheann a bhfuil aon suntas ag baint leis.

Maidir leis an toghchán náisiúnta, is fada uainn fós é ach cuireadh cor deas sa scéal nuair a d’fhógair Maxine McKew, a bhí ina hiriseoir teilifíse leis an ABC go dtí le gairid, go seasfadh sí in aghaidh an Phríomh-Aire, John Howard, ina shuíochán i Sydney. Tá móramh Howard ag sleamhnú sa suíochán sin agus dá n-éireodh le McKew an vóta a bhí acu go deireanach a ardú 4.2% bheadh leo. Tá sé deacair polaiteoir chomh glic le Howard a fheiceáil ag cailleadh an tsuíocháin atá aige ó 1974. Tá meas ar McKew cinnte ach ní dóigh liom go n-éireoidh léi Howard a dhíbirt. Beidh 16 suíochán breise ag teastáil ón ALP ach ní cheapfainn go mbeidh ceann Howard ina measc.

Tá Dáithí Ó Colchúin ina chónaí i Sydney. Is as an gCeathrú Rua i gConamara ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.