Ní cúis iontais é nach bhfuil muinín ag na Protastúnaigh as na Caitlicigh sna Sé Chontae, dar le Robert McMillen, nuair a smaoiníonn tú ar an dearcadh diúltach i leith na gCaitliceach a bhí agus atá ag a gceannairí.
»»»Faigheann na mílte bás i Learpholl agus i gceantair eile sa Bhreatain gach bliain mar gheall ar chaitheamh tobac ach táthar chun dul i ngleic leis an fhadhb sna blianta atá amach romhainn trí chosc a chur ar an tobac in áiteanna poiblí. Tuairisc ó Tony Birtill.
»»»Tá ceachtanna le foghlaim againn uilig ó na léirsitheoirí a bhí amuigh ar shráideanna Bhaile Átha Cliath ar 1 Bealtaine, dar le hUinsionn Mac Dubhghaill.
»»»Tháinig grúpa daoine le chéile i Nua-Eabhrac Lá Fhéile Pádraig i mbliana le hairgead a bhailiú do theaghlach Mike Kelly, iriseoir a maraíodh le linn an chogaidh san Iaráic anuraidh. Tuairisc ó Tom Deignan.
»»»Nuair a bhí George Bush ina ghobharnóir ar Texas sna nóchaidí chuir sé iachall ar scoileanna deireadh a chur leis an oideachas cuimsitheach gnéasachta agus béim a chur ar staonadh ó ghnéas. Mar a mhíníonn Mary Beth Taylor anseo, tá míbhuntáistí móra ag baint leis an pholasaí seo.
»»»Féachann Carmen Rodríguez ar an tslí a ndearna páirtí an rialtais sa Spáinn, an Partido Popular, iarracht dallamullóg a chur ar mhuintir na Spáinne i ndiaidh bhuamáil Mhaidrid.
»»»Deir Dáithí Ó Colchúin go raibh na daoine a cháin ionsaí sceimhlitheoireachta Mhaidrid ina dtost nuair a bhí na mílte ag fáil bháis san Iaráic.
»»»Tá Balor den tuairim go bhfuil sé míchothrom a bheith ag díriú ar lucht caite tobac agus nithe i bhfad níos measa á gcaitheamh i dtithe tábhairne na tíre - na saigheada damanta, cuir i gcás.
»»»Míníonn Liz Curtis cén fáth nach raibh sí róthógtha leis an obair shealadach a rinne sí in oifig i mBéal Feirste agus i monarcha a bhí suite ar thaobh sléibhe, ar imeall na cathrach.
»»»Thóg sé blianta fada ar pholaiteoirí poblachtánacha na Sé Chontae a thuiscint go raibh buntáiste ó thaobh vótaí de ag baint le droim láimhe a thabhairt don fhoréigean; tuigeann Sinn Féin é sin go maith sa lá atá inniu ann, áfach, a deir Robert McMillen, agus rachaidh sé go mór chun sochair dóibh sna blianta atá amach romhainn, ar an dá thaobh den teorainn.
»»»Tá grúpa ag tabhairt faoi shiúlóid sa Bhreatain Bheag an mhí seo a thabharfaidh iad ó shiombail amháin de chuid na saoirse go siombail eile. Féachann Tony Birtill ar stair cheann de na háiteanna atá i gceist, Frongoch.
»»»Tá Uinsionn Mac Dubhghaill den tuairim go gcothóidh an vótáil leictreonach fadhbanna móra le linn thoghcháin na bliana seo in Éirinn agus sna Stáit Aontaithe.
»»»Tá leabhar díreach léite ag Tom Deignan faoi Phrotastúnach mná as na Stáit Aontaithe a tháinig i dtarrtháil ar na hÉireannaigh ar an dá thaobh den Aigéan Atlantach i mblianta an Ghorta Mhóir.
»»»Tá Rialtas na hAstráile ag maíomh go rachaidh comhaontú nua atá sínithe idir an tír agus na Stáit Aontaithe chun sochair fheirmeoirí na hAstráile ach, mar a mhíníonn Dáithí Ó Colchúin, tá go leor daoine sa tír amhrasach faoi.
»»»Féachann Dónall Ó Maolfabhail ar na cúiseanna go mbeidh sé deacair ag an gCumann Lúthchleas Gael Riail 42 a chur ar ceal agus cead a thabhairt cluichí sacair agus rugbaí a imirt i bPáirc an Chrócaigh.
»»»Tá Liz Curtis ag obair mar rúnaí sealadach i gcomhlachtaí éagsúla i mBéal Feirste le roinnt míonna anuas anois. Míníonn sí anseo cén fáth ar chinn sí ar thabhairt faoin obair sin agus an chaoi ar aimsigh sí a céad phostanna.
»»»Féachann Robert McMillen ar impleachtaí fhuadach Bobby Tohill do phróiseas na síochána sna Sé Chontae.
»»»Tá ionad nua oidhreachta tógtha i Learpholl i gcuimhne orthu siúd a thug aghaidh ar Learpholl aimsir an Ghorta Mhóir. Tuairisc ó Tony Birtill.
»»»Níor theastaigh ón Uachtarán George Bush go mbeadh fáil ag an bpobal ar thuarascáil faoi chúrsaí aeráide a chuir triúr fear sinsearacha sna Stáit Aontaithe le chéile, tuarascáil a chuirfidh an-imní ar go leor daoine. Tá sé le fáil ar an idirlíon anois, áfach, agus tá lón machnaimh ann do rialtais ar fud an domhain. Tuairisc ó Uinsionn Mac Dubhghaill.
»»»Bhí an bainisteoir cispheile Lenny Wilkins an-bhocht agus é ag éirí aníos agus tugadh drochíde dó de bharr go raibh athair dubh agus máthair bhán aige, ach d’éirigh leis go leor a bhaint amach ina shaol mar sin féin. Tuairisc ó Tom Deignan.
»»»Tá seirbhís traenach idir Adelaide agus Darwin den chéad uair riamh anois ach ní dea-scéala é seo do gach duine, mar a mhíníonn Dáithí Ó Colchúin.
»»»Tá Balor na bPócaí Folmha go mór in éad le roinnt ball de chuid Údar Ass na Gaeltachta de bharr costaisí chomh maith sin a bheith á bhfáil acu.
»»»Tá Dónall Ó Maolfabhail den tuairim go bhfuil dochar mór déanta ag roinnt de na ráitis a rinne an Taoiseach agus an tAire Dlí agus Cirt mar gheall ar mhaoiniú Shinn Féin agus gur chun vótaí a mhealladh ina dtreo féin atá sé seo á dhéanamh acu.
»»»Ta Liz Curtis an-tógtha leis na himeachtaí a eagraíonn Cumann Seandálaíochta Uladh, go háirithe na turais.
»»»Measann Robert McMillen gur ábhar dóchais a bhí sa chruinniú idir Ian Paisley agus an Taoiseach Bertie Ahern le gairid.
»»»Chuir fógra a chonaic Tony Birtill i nuachtán áitiúil i Learpholl le gairid ag smaoineamh é ar John Lennon agus chomh tábhachtach is a bhí sé do bhunadh na hÉireann sa chathair.
»»»Rinneadh Staidéar Tionchair Teanga le déanaí chun an éifeacht a bheadh ag tógáil eastáit nua tithíochta ar an gCeathrú Rua i gConamara ar an nGaeilge a mheas. Tá Uinsionn Mac Dubhghaill den tuairim, áfach, go bhfuil laigí móra ag baint leis an staidéar seo.
»»»Féachann Tom Deignan ar chuid de na mianta, idir chinn thromchúiseacha agus chinn bheagthábhachtacha, atá aige féin agus ag cuid de bhunadh Nua-Eabhrac ag tús na bliana nua seo.
»»»Tá go leor daoine den tuairim nach bhfuil plean Rialtas na hAstráile don Mhórsceir Bhacainneach cuimsitheach go leor, ach is céim chun cinn é mar sin féin, mar a mhíníonn Dáithí Ó Colchúin.
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil.
Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.