AR NA SAOLTA SEO
Am Mònadh Ruadh agus Cara liom a Thit.
Tony Birtill Tony Birtill Tony Birtill

Ní leithne an t-aer ná an timpíste a deir an seanrá. Is fánach mar a tharlaíonn sa teach féin nó faoin sliabh ard, ach is faide a bheas tú ag fanacht le tarrtháil más amuigh ar an sliabh a thiteann sé amach. Thit cara le Tony Birtill ar a’ Mhònadh Ruadh in Albain ar na mallaibh, titim a ghortaigh go dona é agus a thug a bhás.

Íomhá
Am Mònadh Ruadh (Joe Dorward a tharraing)
Íomhá
An Diallait i Mí Eanáir 07 (Stuart Westwater a tharraing)
Íomhá
'J', James Pinnington, ar sos sléibhe

D’fhreastail mé ar shochraid chara a fuair bás amuigh ar na na cnoic ar na mallaibh. Ghlac James Pinnington (nó ‘J’ mar a thugtaí air) scor luath as an phost a bhí aige sa státseirbhís agus bhí sé ag líonadh a chuid ama ag déanamh na ‘Munros’. Is é sin, na sléibhte is airde in Albain a dhreapadh ceann i ndiaidh a chéile, gach ceann acu níos airde ná 3,000 troigh.

Ní raibh a fhios ag daoine cá mhéad acu a bhí ann (idir 30 agus 300 a bhí na meastacháin) go dtí gur fhoilsigh Sir Hugh Munro (1856- 1919) an ‘Munros Tables’ san iris de chuid Chumann Sléibhteoireachta na hAlban (SMC) i 1891. Bhí 538 barr thar 3,000 troigh ar airde, dar leis, agus bhí 283 acu ina ‘sliabh ar leith.’ Thug sé ‘mullaí’ nó ‘tops’ ar an 255 cinn eile. Bíonn argóint ann faoin difir idir ‘barr’ agus ‘mullach’ agus rinne an SMC athbhreithniú ar na Munro Tables i 1997. De réir an liosta nua, is fíor-‘Munros’ iad 284 díobh agus is ‘tops’ iad 227 eile.

Tá an t-eolas seo tábhachtach don ‘Munro baggers’- is iad na daoine a théann suas gach ceann acu. Coinneann an SMC liosta de ‘compleaters’(sin an tseandóigh a litríonn siad an focal) agus tá breis agus 4,000 acu go dtí seo. Tógann sé ocht mbliana ar an mheán iad a dhéanamh. Is é Charlie Campbell, iarfhear poist as Glaschú an ‘Munro bagger’ is gasta - níor ghlac sé ach 48 lá agus 12 uaire chun iad uilig a dhéanamh.

Bíonn sé níos deacra do shléibhtoirí i Sasana agus thar lear, ar ndóigh, mar is turas fada é síos go dtí Garbhchríocha na hAlban agus tá cuid acu amuigh ar Oileán Muile, Sgitheanach. Chomh maith le sin, is minic an aimsir uafásach sa taobh sin agus is féidir leat turas in aisce a dhéanamh, le ceo tiubh, báisteach throm agus gaoth láidir ag cur stad le do shiúl sléibhe, agus sin sa samhradh ! Mar sin, caithfidh ‘Munro Baggers’ an deis a thapú nuair a bhíonn an aimsir tuartha go maith agus aghaidh a thabhairt ar Albain. Is minic nach mbíonn daoine eile saor ag an am agus sin an fáth go raibh James ina aonar nuair a fuair sé bás.

An Titim

200 slat ó bharr Beinn a’ Chlachair a bhí sé nuair a thit sé ar 16ú Bealtaine ag 1.30pm.

Tá an sliabh iargúlta seo (1087m/ 3,566 troigh) idir Loch Laggan agus Loch Ericht agus ní bhíonn mórán daoine eile thart timpeall. Níor thit sé ach cúpla troigh, ach bhuail sé a cliabhrach ar carraig agus bhris sé cúpla easna. Pholl ceann acu a scamhóg. Bhí sé ina lui leis féin ar feadh trí uaire sular chas bean air ar 4.30pm. Bhí an mheabhair ann fós agus d’inis sé di gur thit sé ar 1.30pm. Ar an drochuair, ní raibh aon chomhartha fón poca le fáil san áit agus b’éigean di dul síos an sliabh go dtí go fuair sí ceann.

Os rud é go bhfuil an sliabh chomh iargúlta, cuireadh an t-ingearán tarrthála 137 ó RAF Lossiemouth chuige . Ach nuair a bhain sé Beinn a’ Chlachair amach bhí scamall íseal ann agus ní raibh siad ábalta teannadh síos gar dó. Cuireadh scairt ar Fhoireann Tarrthála a’ Chairn Ghoirm agus bhí siad ar a mbealach de chois, nuair a nocht bearna sa scamall agus bhí an t-ingearán ábalta ísliú isteach agus James a ghlinneáil aníos 7.30pm.

We had a full call-out,” a dúirt ceannaire Fhoireann Tarrthála a’ Chairn Ghoirm, Willie Anderson, leis an Strathspey and Badenoch Herald . “The woman with the casualty said he was still conscious, but time was short, so when there was a gap in the cloud cover- before we got there - the helicopter just got in and airlifted him out.” Faraor, nuair a bhain siad otharlann An Gearasdain (Fort William) amach bhí sé marbh.

Bhí bailiúchán don Fhoireann Tarrthála ag sochraid James: “They did their best,” a dúirt a dheartháir Paul ina aitheasc. Rinne sé cur síos ar a dheatháir mar “fear gan eagla” go mór mór ar an pháirc rugbaí. “When he played for Waterloo he was a fearless scrum half,” a dúirt Paul. Reathaí maratóin ab ea é fosta, agus níor glac sé ach 3 uaire 15 bomaite ann. Ach bhí na Munros ina dhúshlán aige ó d’éirigh sé as a phost agus bhí 164 acu déanta aige. “He had 13 more in his sights the weekend he died,” a dúirt Paul.(Beirt, nó péire, a bhí le dreapadh fós ag Sir Hugh Munro nuair a fuair sé bás de fhuacht na scamhóg sa bhliain 1901.)

Siúl na gCnoc Íseal

Is cuimhin liom James mar fhear séimh. D’eagraíodh sé siúl éasca don teaghlach gach Nollaig. Cé nár phós sé féin bhí ceathrar deartháir aige a raibh clann orthu a bhí ró-óg le dul suas ar na sléibhte arda. (Tá mo neacht Liz pósta le deartháir amháin, Mike). Mar sin, d’eagraigh sé siúl ar leibhéal íseal agus bhínn féin ann i gcónaí don chuideachta.

Bhí an-bhrón ar a cuid neachtanna agus nianna faoina bhás agus d’fhriotháil beirt acu, James agus Luke ag aifreann na marbh ag Teach Pobail Naomh Helen, Crosby, i dTuaisceart Merseyside.

Ba dhaingean Caitliceach an áit seo san Athleasú Creidimh (is as Crosby Vincent Nichols, Ard-Easpag Westminster nua) agus ba údar mórtais do theaghlaigh mar na Pinningtons gur choinnigh siad an seanchreideamh tríd an Ghéarleanúint. Comhtharlú a bhí ann, gurbh as Crosby fear glinneála an ingearáin a sciob James as an cheo ar Bheinn a’ Chlachair. “His mother lives just down the road from this church, “ a dúirt an t-athair Peter Fleetwood, sagart paróiste, ag an aifreann. Gan amhras, thug sé sólás do James agus don teaghlach go raibh sé in éineacht le fear as a bhaile féin nuair a fuair sé bás. Chun a shaol a ceiliúradh, d’ordaigh a dheartháireacha beoir speisialta ón ghrúdlann le grianghraf de James i measc na sléibhte ar an lipéad agus fuair muid uilig buidéal de tar éis na sochraide.

James Anthony Pinnington 1946-2009. Grásta ó Dhia air.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.