AR NA SAOLTA SEO
Pobal Afra-Pharaguach Chambacuá
Alan Desmond Alan Desmond Alan Desmond

Níl fanta beo den phobal Afra-Pharaguach i gCambacuá ach cúpla míle duine a thuairiscíonn Alan Desmond agus níl an saol le maíomh orthu. Is dream daoine iad a chuaigh faoi chuing an anró go minic le bunáite 200 bliain anuas.

Íomhá
Ionad adhlactha Artigas (Wes Borland a tharraing ar Vicipéid)
Íomhá
Higinio Morinigo, Deachtóir (Yenia Rivarola a chruthaigh ar Vicipéid)

Cé gurb íad na Stáit Aontaithe an tír is mó ar Chríocha Mheirceá lena samhlaímid an ciníochas agus an cos ar bolg ar an gcine gorm, tá tíortha eile ar an mór-roinn sin ina ndearnadh, agus ina ndéantar fós, éagóir agus leatrom ar dhreamanna eitneacha mionlaigh.

Ar na dreamanna sin tá Pobal Afra-Pharaguach i gCambacuá, áit atá gar do Asunción, príomchathair Pharagua. Is i Meiriceá Theas ar ndóigh, idir an Airgintín agus an Bhrasaíl, atá Paragua agus cé go bhfuil Afra-Pharaguaigh in áiteanna éagsúla sa tír, ní ó sclábhaithe Pharagua a shíolraigh muintir Chambacuá, murab ionann is Afra-Pharaguaigh eile.

Measann údar amháin nach ann ach do 2000 Afra-Pharaguach i gCambacuá sa lá atá inniu ann, ach is deacair a bheith cinnte ós rud é nach n-áirítear iad mar ghrúpa ar leith sa daonáireamh. Tá Afra-Pharaguaigh eile sa tír ar ndóigh. Rud ar féidir a bheith cinnte de, áfach, ná go bhfuil an pobal seo ar cheann de na dreamanna is boichte i bParagua. (http://www.jpanafrican.com/docs/vol2no7/2.7_Afro-Paraguayan.pdf)

Lonnú Cambacuá

Nuair a treascraíodh José Artigas, ceannaire Uragua, i 1820 chuaigh sé ar deoraíocht ó thuaidh go Paragua in éineacht le 250 saighdiúr gorm, idir fhir is mhná. Bronnadh céad heicteár de thalamh mhaith churaíochta ar na hiarshaighdiúirí gorma gar do Asunción agus mar aon leis an talamh fuarthas na hainmhithe is an trealamh is gá chun feirmeoireacht a dhéanamh.

Níorbh fhada go raibh pobal nua Chambacuá beo ar an bhfeirmeoireacht agus cé go ndeachaigh cultúr na tíre nua i bhfeidhm orthu, níor thug siad droimh láimhe leis an dúchas Afracach, ná geall leis.

Baineadh an bonn ón bpobal nua, áfach, nuair a cuireadh tús le Cogadh an Chomhaontais Triaraigh i 1864, a mhair go 1870. Le linn na coimhlinte seo inar throid Paragua i gcoinne na Brasaíle, na hAirgintíne is Urugua coinscríobhadh an-chuid fear ó Phobal Chambacuá. Ba é seo an cogadh marfach ba mhó i Meiriceá Theas agus áirítear nár fágadh i bParagua ach aon fhear amháin i gcomhair scór ban faoi 1870. Is cinnte gurbh é an scéal céanna é i gCambacuá. (http://en.wikipedia.org/wiki/WaroftheTripleAlliance)

Teacht Aniar, Dul ar gCúl

In ainneoin an bhuille a bhuail Cogadh an Chomhaontais Triaraigh ar Phobal Chambacuá, théarnaigh siad slán agus cuireadh siúl faoi chúrsaí talmhaíochta arís, rud a bhí ciallmhar agus margadh mór Asunción chomh gar sin.

Le teacht i gcumhacht an deachtóra mhíleata, Higinio Morinigo, i 1940, áfach, chuaigh cúrsaí chun donais an athuair. Agus Asunción ag dul i méid, cuireadh le luach na talún i gCambacuá. Ba áit dheas cónaithe é Cambacuá do dhaoine a bhí ag obair sa phríomhchathair.

Ba ghearr mar sin gur ordaigh Morinigo go dtabharfaí cuid den talamh ba thorthúla i gCambacuá dá chomhghleacaithe. Más olc gníomhartha Morinigio, ba gach pioc chomh fealltach a bhí polasaithe an chéad deachtóra eile, Alfredo Stroessner, a ghlac cumhacht chuige féin i 1954. I 1967 ghabh an rialtas seilbh ar 50 heicteár de thalamh na nAfra-Pharaguach i gCambacuá.

Ag deireadh na seascaidí mar sin ní raibh fágtha ag Afra-Pharaguaigh Chambacuá ach faoi bhun 10 heicteár as an 100 a bronnadh orthu i 1820. Níor íocadh aon chúiteamh riamh in éiric an díshealbhaithe seo.

Cé nár ghéill muintir Chambacuá don díshealbhú gan troid, ba throid in aisce í. Níor leasc le fórsaí slándála na tíre forneart a úsáid chun daoine a chur óna dtithe.Níorbh iad Afra-Pharaguaigh amháin a bhí thíos le beartais na n-údarás, áfach. Le linn do Stroessner a bheith in oifig, cuireadh dreamanna éagsúla mionlaigh faoi chois. Cuireadh pobail dúchais óna dtailte sinsir agus rinneadh na mílte a chéasadh is a chur i gcarcair.

Gannchuid Talún, Mórchuid Bochtaineachta

Ba bheag an sólás a bhain muintir Chambacuá as, áfach, go raibh éagóracha á ndéanamh ar mhionlaigh eile, leis. Agus easpa talún orthu, níor fhéad siad a bheith beo ar an bhfeirmeoireacht a thuilleadh. Bhí orthu glacadh le poist nár íoc go maith is rinne roinnt daoine Cambacuá a thréigean.

I gCambacuá féin tháinig na mná chun cinn mar shaothraithe. De dheasca an chiníochais bhí sé níos déine ar fhir obair a fháil, ach glacadh leis na mná mar chailíní aimsire. Murach seo, seans nach mbeadh Pobal Afra-Pharaguach Chambacuá ann anois.De dheasca na bochtaineachta, ar ndóigh, níl teacht ag aos óg Chambacuá ar oideachas maith. Is beag Afra-Pharaguach óg a bhfuil meánscolaíocht aige agus is beag forbairt a dhéanfaidh an pobal gan daoine oilte. Fáinne fí atá ann, mar sin.(http://www.unhcr.org/refworld/country,,MRGI,,PRY,4562d94e2,469cbfcad,0.html)

Feabhsóidh an Saol?

Ó cuireadh Stroessner as oifig i 1989 tá feabhas beag tagtha ar chúrsaí. Rinneadh iarrachtaí éagsúla, le tacaíocht ó eagraíochtaí idirnáisiúnta, chun na hiarthailte a fháil ar ais agus bhí an chuma ar an scéal sna nóchaidí go n-éireodh leis na hiarrachtaí sin. Ní bhfuarthas ar ais go fóill, áfach, ach 3 heicteár.

Rud amháin nár goideadh ó Afra-Pharaguaigh Chambacuá go fóill ná an fhéiniúlacht chultúrtha láidir atá acu. Cé go raibh ar a sinsir iompú ar an gCríostaíocht i ndiaidh dóibh teacht go Meiriceá Theas, choimeád siad greim ar ghnéithe dá gcreideamh Afracach traidisiúnta. Tagann daoine ó chian is ó chóngar gach bliain, le linn Fhéile Naomh Baltazar, chun féachaint ar Bhailé Cambacuá ina mbíonn ceol agus damhsa Afracach ar siúl in ómós Naomh Baltazar. (http://adm4840.softcha.com/kambakua/index.htm)

Léiríonn imeachtaí Fhéile Naomh Baltazar an mórtas atá ar Afra-Pharaguaigh Chambacuá as a bhféiniúlacht, in ainneoin an chiníochais atá fós á fhulaingt acu. Beidh níos mó ná dílseacht do Naomh Baltazar ag teastáil, áfach, chun a dtailte a athghabháil agus saol níos fearr a chinntiú do na glúine atá le teacht.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.