AR NA SAOLTA SEO
Na Ballaí
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen

‘Ní fhéadfadh an rí, ná an méid capall is fear atá faoi, an pobal a chur ar ais arís mar a bhí’. Ní Humptaí Dumptaí , ach ballaí Bhéal Feirste is ábhar machnaimh do Robert McMillen anseo.

Íomhá
Balla an tSuaimhnis
Íomhá
Balla Hadrian i dtuaisceart Shasana (le Velela ar Vicipéid)
Íomhá
Glenbryn i dtuaisceart Bhéal Feirste

Is iomaí seanfhocal a bhaineann le ballaí i nGaeilge ach, chan ionann agus seanfhocail eile, tá siad in oiriúint do shaol an lae inniu i mBéal Feirste.

Tuairiscíodh an tseachtain seo caite, go bhfuil ‘balla síochána’ úr le tógáil i mBéal Feirste 40 bliain ó cuireadh na bacáin in airde le linn hulach halach seicteach na bliana 1969.

15 bliain i ndiaidh shíniú Comhaontú Aoine an Chéasta, feidhmeannas (measartha) buan ag saothrú i Stormont, Arm na Breataine bailithe leo agus táthar ag tógáil ballaí síochána go fóill!

Fál maith a dhéanas comharsana maithe’ a deir seanfhocal amháin nó ‘Déanann teorainn mhaith comharsana cairdiúla’ a deirtear. Tá seanfhocal eile ann, ‘Is maith an chomharsa an fál agus ní thig aon chodladh air’ agus fóireann sé seo go maith do bhallaí Bhéal Feirste. Tógadh iad le suaimhneas éigin a thabhairt do dhaoine ar a ndéantar ionsaí rialta seicteacha, in am marbh na hoíche go minic.

Ní rud úr é balla ar ndóigh. Bhí balla thart ar Jericho 8000 bliain roimh aimsir Chríost. Bhí ár mballa féin againn, ‘an Chlais Dubh’, nó an ‘clash doo’ mar a thugtar air i mBéarla an Chabháin go fóill. Tá balla mór na Síne ann, balla Hadrian, balla Antonine, bhíodh balla clúiteach i mBeirlín agus tá an-chonspóid ar siúl faoi láthair faoi na ballaí atá na hIosraelaigh á dtógáil ar an Bhruach Thiar. Tá ballaí idir an India agus an Chaismír agus idir an Araib Shádach agus an Éimin. Tá sconsa tógtha ag na Meiriceánaigh ar an teorainn le Meicsiceo le himircigh a choinneáil amuigh. (Féach: http://en.wikipedia.org/wiki/BlackPig’sDyke)

Fás faoi Líon na mBallaí

Thóg Arm na Breataine na chéad bhallaí síochána i mBéal Feirste ar an 10ú Meán Fómhair 1969, i ndiaidh na racáin uafásacha a bhí ag réabadh na cathrach. Dála na dTrioblóidí, níor shíl muid go mairfeadh siad, ach a mhalairt a tharla. Tá líon na mballaí ag dul i méid. Ag tús na 1990í, bhí 18 mballaí i mBéal Feirste. Inniu, tá 42 acu ann, méadú 230%. Tá cúig bhalla i nDoire, cúigear eile i bPort an Dúnáin agus ceann amháin ar an Lorgain.

Suaimhneas a Theastaíonn

Agus sin mar a fheiceann daoine na ballaí inniu. Dá leagfaí amárach iad, mhothódh daoine gan chosaint, sosanna cogaidh ann nó as. Cuireann sé go mór leis an deighiltmuidinne’ agus ‘iadsan’, ach tá daoine éirithe compordach leis. Dúirt cara liom nach raibh sé buartha nach bhfuil cairde maithe Protastúnacha aige mar tá gach rud aige - baile, clann a bhfuil grá aige dóibh, post, cluichí Gaelacha le dul chucu, Gaeilge le labhairt, corrphionta le hól. Is cuma leis nach bhfuil Protastúnaigh i measc na gcairde atá aige - ní imríonn an easpa sin tionchar ar bith ar a shaol, dar leis.

Déarfainn go mbeadh an dearcadh céanna coitianta i measc na bProtastúnach fosta.

Mar sin, fanfaidh na ballaí go ceann fada go leor eile. Sin ráite, tá dul beag chun cinn á dhéanamh. Tógadh ionad anuraidh a chosain £1.7 milliún in áit ina raibh cuid den líne shíochána a scar náisiúnaigh an Lóiste Úir agus dílseoirí Tigers Bay le 40 bliain roimhe. Cuirtear seirbhísí cúram leanaí, fostaíochta agus sláinte ar fáil san ionad úr don dá phobal i gceantar inar tharla móramh na ndúnmharaithe seicteacha le linn na dtrioblóidí.

Tá seanfhocal níos dóchasaí i mBéarla a bhaineann le ballaí agus seo dóigh eile le breathnú orthu: ‘Sometimes You put walls up not to keep people out, but to see who cares enough to break them down.’ Ach an cuma le go leor daoine ó thuaidh?

Sin mar atá an saol. Ainneoin go meascann bunús na bProtastúnach agus na gCaitliceach ar bonn sóisialta agus ina gcuid oibre gan aon deacracht, tá daoine eile ann nach mbeadh aithne acu ar aon duine den treabh eile.

Is doiligh an saol a shamhlú inniu gan na ballaí seo. Rugadh agus tógadh mé féin i Sráid na Caismíre ar a bhfuil Sráid Bombay, a dódh go talamh i mí Lúnasa 1969, agus a bhfuil líne síochána ag an bhun anois. Ba ghnách liom dul le mo mháthair go Bóthar na Seanchille le go gceannaíodh sí olann, tráth ar ghnách le mná éadaigh a gcuid páistí a chniotáil. Chuir an balla deireadh leis na turasanna chuig The Key, an chippy ba chóngaraí don teach s’againne, le turasanna siopadóireacht - bhí i bhfad níba mhó siopaí ar Bhóthar na Seanchille ná a mar a bhí ar Bhóthar na bhFál - agus chuir sé deireadh leis na rásaí guider - carbaid de dhéantús baile a rinne muid as adhmad, rotha agus sreang! Rachadh na guiders síos le fánaí isteach go Sráid Cupar ar an taobh ‘Protastúnach’ den deighilt. Ach níor mhothaigh muid gur chaill muid rud éigin. Ón cheantar ar an taobh eile den bhalla a tháinig na gunnadóirí agus lucht coirloiscthe le muid a chur amach as ár dtithe.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.