AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
Kokoda
Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin

Tá scéal ag Bearnaí Ó Doibhlin ar na mílte saighdiúirí as an Astráil a throid is a thit ar ghort an bhaile lena dtír a chosaint breis is trí scór bliain ó shin. Cosán dearg, a bhféadfaí an dá chiall a roinnt leis an aidiacht sin, a bhí i gCosán Kokoda.

Íomhá
Sliabhraon Owen Stanley (Colin Freeman a tharraing)
Íomhá
George Whittington faoi chúram Raphael Oimbari
Íomhá
An tAire Peter Garrett (Adam Carr a tharraing)

Thuairt eitleán i Nua-Ghuine Phapua i mí Lúnasa agus cailleadh gach duine a bhí ar bord. Bhí naonúr Astrálach ar na trí dhuine dhéag ar an eitleán, a bhí ar a bhealach go Kokoda, baile beag i dtuaisceart na tíre. Rinne an t-eitleán iarracht tuirlingt ar an aerstráice sa bhaile, ach scoireadh den tuirlingt mar gheall ar dhrochaimsir. Ní fios go díreach cad a tharla ansin, ach fuarthas smionagar an eitleáin san fhoraois ar shliabh in aice an bhaile an lá dar gcionn.

Mar a bheifeá ag súil leis, bhí an-bhrón ar ghaolta agus ar chairde an naonúir abhus, ach chuaigh an tubaiste i gcion ar mhuintir na hAstráile i gcoitinne. Bhí an naonúr ar a mbealach go Kokoda le bheith páirteach i gcineál oilithreachta thar an Kokoda Track. Tá gean agus cion ar leith ag muintir na hAstráile ar an gcosán seo i ngeall ar fheachtas míleata tábhachtach a tharla ann i rith an Dara Cogadh Domhanda.

Cé go raibh Nua-Ghuine Phapua ina coilíneacht de chuid Impireacht na Breataine faoin am sin, bhí an Astráil ag feidhmiú mar údarás coilíneach ann idir 1906 agus 1975, nuair a bhain sí neamhspleáchas amach. Rinne fórsaí de chuid arm na Seapáine ionradh ar thuaisceart Nua-Ghuine Phapua go luath sa Dara Cogadh Domhanda, ach ní raibh siad in inmhe taisteal ó dheas trí na sléibhte ar a dtugtar na Owen Stanley Ranges. Ní raibh ach cosáin éagsúla tríd na sliabhraonta seo, a bhain muintir na háite úsáid astu, agus bhí an Cosán Kokoda ar an cheann is tábhachtaí acu.

Tá an baile Kokoda ó thuaidh óna sliabhraonta thuas agus bhí bunáit mhíleata ag fórsaí cosanta de chuid arm na hAstráile ann ag tús an chogaidh. Rinne fórsaí Seapánacha ionsaí ar Kokoda i mí Iúil, 1942, mar go raibh siad ag iarraidh bealach go dtí deisceart na tíre a fháil thar an gcosán. Mhair an feachtas ar feadh ceithre mhí agus faoi dheireadh cuireadh an ruaig ar fhórsaí na Seapáine, ní amháin as Kokoda ach as an tír ina iomlán.

Cogadh Craorag

Cailleadh agus gortaíodh na mílte le linn an fheachtais ar an gcosán, a chuaigh trí thaobh tíre an-gharbh. Ní raibh ann ach cosán treas singil clábarach, tuairim is céad ciliméadar ar fad, a bhíodh fliuch agus te i rith an lae agus an-fhuar istoíche. Cailleadh saighdiúirí go leor ar an dá thaobh i ngeall ar ghalair thrópaiceacha, go háirithe maláire agus dinnireacht.

Mhothaigh muintir na hAstráile ag an am go raibh an baol ann go ndéanfadh arm na Seapáine ionradh ar an Astráil dá n-éireodh leo deisceart Nua-Ghuine Phapua a bhaint amach. Níl ach achar gairid trasna na farraige idir an dá thír agus bhí plean ag fórsaí cosanta na hAstráile tuaisceart na tíre seo a thréigean dá ndéanfaí ionradh air, agus polasaí an corched">rualoiscthe a chur i bhfeidhm ann. Tháinig sé chun solais ní ba dhéanaí nach raibh sé ar intinn cheannairí na Seapáine ionradh a dhéanamh ar an Astráil, ach gan amhras bhí an-imní ar mhuintir na hAstráile roimhe ag an am.

Nuair a d’éirigh leis na fórsaí Astrálacha an cosán a chosaint mhothaigh muintir na hAstráile go raibh cor tábhachtach bainte amach acu sa chogadh. Ba é seo an chéad uair a chaill arm na Seapáine cath mór ar thalamh sa chogadh agus mhothaigh na daoine abhus go raibh siad ní ba shábháilte, cé gur mhair an cogadh dhá bhliain go leith ina dhiaidh sin.

Chuaigh crógacht na bhfear óg a throid agus a cailleadh ag Kokoda i gcion go han-mhór ar mhuintir na hAstráile. Chuaigh cineáltas na dtreoraithe agus na n-oibrithe áitiúla, a thug an-chabhair do na saighdiúirí Astrálacha a bhí gortaithe, i gcion go mór orthu freisin.

Tugadh Fuzzy Wuzzy Angels orthu agus foilsíodh grianghraif cháiliúla a léirigh a chuidiúla is a bhí siad. Thóg an grianghrafadóir Nua-Shéalannach, George Silk, pictiúr d’aingeal darb ainm Raphael Oimbari ag cuidiú le saighdiúir singil Astrálach faoi dhallbheart, George Whittington. Tá an grianghraf seo ar cheann d’íomhánna an chogaidh is cáiliúla sa tír seo.

Aisteach le rá, cé go raibh ceiliúradh mór san Astráil thall sa bhliain 1942, rinneadh neamart ar an gcath agus ar shárobair na n-aingeal tar éis an chogaidh. Reáchtáladh comóradh mór sa bhliain 1992, áfach, le cothrom caoga bliain an fheachtais a cheiliúradh. Shiúil dreamanna áirithe Cosán Kokoda le haitheantas a thabhairt d’éacht agus d’fhéiníobairt na bhfear óg sa chogadh mar chuid den cheiliúradh. Tá sraith (naoi gcuid) faisnéise ar Youtube ar Chosán Dearg Kokoda: http://www.youtube.com/watch?v=oScT3WhCk8w&feature=related

An Mhaith Dhéanach (an mhaith i gcónaí)

D’fhógair Kevin Rudd, príomhaire na hAstráile, i mí Aibreáin i mbliana go mbronnfaí boinn chomórtha ar na haingil, nó ar a mbaintreacha, le haitheantas oifigiúil a thabhairt dóibh. Fearadh fáilte roimh a fhógra, cé go raibh daoine go leor abhus den tuairim go raibh sé i bhfad thar am do na húdaráis Astrálacha buíochas a ghabháil leis na haingil. Is fearr mall ná go brách, is dócha.

Tháinig méadú suntasach ar líon na nAstrálach a shiúlann an cosán gach bliain ó 1992 ar aghaidh. Rinne corradh is 6000 duine an siúl anuraidh, atá 96 ciliméadar ar fad agus a thógann suas le dhá lá dhéag a chríochnú. Tá comhlachtaí taistil go leor abhus agus i Nua-Ghuine Phapua a sholáthraíonn turais ann.

Bhí beirt chol ceathracha i measc an naonúir, a bhí ag dul go Kokoda le hómós a thabhairt dá seanathair, a throid ar son na tíre ann 67 bliain ó shin. Nuair a léigh muintir na hAstráile faoin mbeirt seo, agus faoin seachtar eile a cailleadh ar a mbealach go dtí an áit naofa seo, bhí dobrón náisiúnta le sonrú. Rinne Rudd agus ceannaire an fhreasúra, Malcolm Turnbull, ráitis i dTeach na Parlaiminte ag déanamh comhbhróin le muintir an naonúir.

Is áit í Papua atá tarraingteach inti féin, áit a bhfuil an sean is an nua le feiceáil ann (http://www.youtube.com/watch?v=IQona0MkD_w) ach ag an Astrálach, fanfaidh an chuimhne ann ar an gCosán Dearg Kokoda. Méadófar líon na nAstrálach a shiúlfaidh an cosán sa todhchaí, gan amhras, in ainneoin na contúirte a bhaineann leis. D’fhógair an t-aire atá freagrach as cúrsaí oidhreachta san Astráil, Peter Garrett, agus an tAire Turasóireachta i Nua-Ghuine Phapua, Charles Abel, ar na mallaibh go gcaithfear $1.8 le sábháilteacht an chosáin a fheabhsú. Caithfear cuid den airgead seo ar an aerstráice in Kokoda. Tá daoine go leor den tuairim gur chóir aerstráice níos fearr a thógáil ag Kokoda, ionas go mbeadh eitleáin níos cumasaí in inmhe tuirlingt ann. Táthar ag súil go dtógfar aerstráice nua dá molfaí é i dtuairisc an fhiosrúcháin atá ar siúl faoi láthair faoi chúiseanna an taisme thuas.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.