AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
Glasú an Láir
Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin

Ní hionann is talamh na hÉireann, is doiligh turlaigh an Gheimhridh a líonadh le báisteach i lár na hAstráile. Ríomhfaidh Bearnaí Ó Doibhlin an scéal dúinne nár leag súil ar ‘cheann de na heachtraí is iontaí ar dhromchla an domhain’.

Íomhá
Loch Eyre agus an Lár Dearg (le Google Earth)
Íomhá
Os cionn "An Channel Country" (Stuart Edwards a tharraing)
Íomhá
Uluru (le Vicipéid)

Anois ar theacht an gheimhridh sna Fritíortha tá daoine sa taobh seo tíre ag cuimhneamh ar shaoire sa tuaisceart le héalú ón drochaimsir. Tá roghanna éagsúla ar fáil dúinn, ní hamháin san Astráil ach in oileáin an Aigéin Chiúin agus i dtíortha san Áise. Aisteach le rá, ní ar shaoire ó thuaidh atá dreamanna áirithe eachtrannach abhus ag smaoineamh, ach ar thuras siar go lár na tíre le breathnú ar fheiniméin nádúrtha annamha a thiteann amach an t-am seo bliana: glasú an láir agus líonadh Loch Eyre.

Tá an loch in oirthuaisceart na hAstráile Theas, tuairim is 700 ciliméadar ó thuaidh as Adelaide, príomhchathair an stáit, agus ní bhíonn ann ach réileán salainn de ghnáth. Tá achar timpeall ar 9690 ciliméadar cearnach ar an réileán agus nuair a líontar é bíonn sé ar an loch is mó san Astráil. Bhíodh cáil ar an réileán tráth mar an áit inar sháraigh daoine éagsúla an churiarracht domhanda luais ar thalamh. Sháraigh an Ridire Donald Campbell an churiarracht luais ann sa bhliain 1964, mar shampla. Maraíodh é trí bliana ní ba dhéanaí agus é ag iarraidh an churiarracht luais ar uisce a shárú ar Coniston Waters, i Sasana.

Níor líonadh an loch ina iomlán ach trí huaire ó chonaic an chéad fhear geal é céad is seasca bliain ó shin, cé go sceitheann 16 faoin gcéad d’aibhneacha na tire isteach ann. Ní shroicheann aon uisce sna haibhneacha seo an loch, de ghnáth, mar nach mbíonn iontu den chuid is mó ach grinnill thirime, agus poill uisce anseo is ansiúd iontu. Níltear cinnte go líonfar an loch go hiomlán i mbliana, ach tá níos mó uisce ann faoi láthair ná a bhí le 35 bliain anuas.

Tá an réileán salainn cúig mhéadar déag faoi bhun cothrom farraige, an áit is ísle ar an ilchríoch, agus fanfaidh an t-uisce ann dá bhrí sin go dtí go ngalófar é.

Tá an loch i lár an fhásaigh agus imíonn an t-uisce go tapaigh trí ghalú de dheasca go mbíonn an ghrian ag taitneamh anuas air an lá ar fad agus go bhfuil an loch an-éadomhain.

An Turlach Mór

Is díol suntais é go bhfuil an loch ollmhór seo, an turlach is mó ar domhan, b’fhéidir, le feiceáil faoi láthair i limistéar ina bhfuil triomach ann le blianta anuas. Chomh maith leis sin, ní raibh aon bháisteach sa limistéar céanna le fada an lá. Tá an t-uisce ann anois mar gheall ar dhuartan monsúnach a tharla corradh is míle ciliméadar ó thuaidh ón loch i mí Feabhra i mbliana.

Bhí aird na hAstráile dírithe ar dheisceart na tíre an mhí sin mar gur tharla an tubaiste nádúrtha is measa i stair na tíre nuair a bhí falscaithe fíochmhara i stát Victoria [Eagrán 95, Márta 2009]. Más aisteach féin é, ach bhí tuaisceart na hAstráile faoi thuile ag an am céanna a raibh an deisceart ag loscadh. Thit báisteach an mhonsúin sa cheantar in aice le Murascaill Carpentaria ar chósta thuaidh na hilchríche, ach rith an t-uisce ó dheas tríd an limistéar fíorthirim sa lár ar a dtugtar an Channel Country - Tír na Srúillí.

Tagann athrú suntasach ar an lár nuair a shreabhann uisce tríd. Mar a dúirt an tOllamh Richard Kingsford, saineolaí ar na haibhneacha intíre in Ollscoil New South Wales, "When those rivers run, I believe it’s one of the most spectacular events in the world." De réir a chomhghleacaí Dochtúir Justin Costelloe, in Ollscoil Melbourne, “The system really just bursts into life even though you’re in the barren centre of Australia.”

Tá feirmeoirí an láir ag súil le hinnilt thar riachtanas sa séasúr reatha agus bliain mhaith innilte eile ar a laghad mar gheall ar an maothú a tharla i mbliana. Meallann an féarach úr méith ainmhithe fiáine as an bhfásach freisin agus tá camaill go leor le feiceáil sna grinnill agus cois locha i láthair na huaire. Is ainmhí coimhthíoch é an camall, a scaoileadh saor sa lár i rith an ochtú aois déag. Tá sé ina scrios i dtír ann anois, agus tá an-dochar déanta acu do ghnáthóga sobhriste an fhásaigh.

Aisteach le rá, tá na haibhneacha agus an loch beo le héisc agus dá bhrí sin tá na milliúin éanlaith uisce ann. Lean na céadta míle féileacán, faoileán, geabhróg agus go leor cineál éin eile nach iad an t-uisce ar an aistear aduaidh. Tá siad beo ar an iasc agus ag neadú, go háirithe ar oileáin an locha. Measadh go raibh suas le 85 cineál éin le feiceáil ar an loch an uair dheiridh ar líonadh go hiomlán é, sa bhliain 1974.

Dul ar lár, i do bheatha!

Is féidir an lár a bhaint amach i bhfeithicil faoi thiomáint ceithre roth, cé go bhfuil sé deacair taisteal in aice an locha de dheasca na n-aibhneacha atá faoi thuile agus dhrochbhail na mbóithre cré. Tá comhlachtaí turasóireachta go leor ag soláthar eitiltí timpeall an cheantair agus níl aon amhras ach gurb é seo an dóigh is fearr glasú agus fliuchadh an láir a fheiceáil. Bíonn an-tóir ar na heitiltí agus tá borradh faoin turasóireacht ar siúl sna bailte beaga sa lár, go háirithe in Coober Pedy. Is baile mianadóireachta é Coober Pedy, ina gcónaíonn muintir na háite i dtithe a tochlaíodh faoin talamh. (As an teanga dhúchais a tháinig an logainm, Kupa-Pita (> Coober Pedy) nó ‘Tobar na mBuachaillí’. Is féidir ‘jump to street view’ den áit a fháil ar Google Earth.)

Tugtar an Red Centre ar lár na hAstráile agus is minic atá an lár dearg feicthe agam. Tá radhairc shuntasacha go leor le feiceáil ann, an charraig ollmhór Uluru - nó Ayer’s Rock mar a tugadh uirthi tráth - ina measc. Tá an charraig ar cheann de na monailití is mó ar domhan. Is áit naofa í Uluru do mhuintir dhúchais na hintíre agus chuaigh a háilleacht i bhfeidhm go han-mhór orm nuair a chonaic muid í den chéad uair blianta fada ó shin.

Ba bhreá liom an lár a fheiceáil agus é faoi bhláth, ach caithfear a admháil gur fearr lenár seanchoirp, agus an t-airtríteas ag goilleadh orthu, compord an mhóstáin nó an ionaid saoire ná cruatan an champa. Dá bhrí sin beidh muidne ag triall ar thuaisceart na tíre i mbliana, mar is gnáth, le seal a chaitheamh ar an gcósta thuaidh le héalú ón bhfuacht sa deisceart. Fágfaimid faoi na heachtránaithe óga feiniméan nádúrtha mórthaibhseach an láir ghlais a bhrath.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.