AR NA SAOLTA SEO
Daonáireamh 1911 ar fáil ar an idirlíon
Ciarán Mac Aonghusa Ciarán Mac Aonghusa Ciarán Mac Aonghusa

Bréagshanas a imríodh ar shloinne a mhuintire féin i measc rudaí eile a tharraing aird Chiaráin Mhic Aonghusa, nó Ciarán Mac Géibheannaigh ó cheart, agus é ag grinniú daonáireamh a rinneadh nach mór céad bliain ó shin.

Íomhá
Gaeilge agus Béarla 1911
Íomhá
Peadar Ó Tuathail, an t-aisteoir (Columbia Pictures a tharraing)
Íomhá
Tomás Ó Criomhthain (Rí na Vicipéide a chruthaigh)
Íomhá
Iarla Uíbh Eachach (Kipnotes a chruthaigh)

Cuireadh torthaí dhaonáireamh na bliana 1911 ar fáil ar an idirlíon an mhí seo caite. Ba chóir do phobal na hÉireann a bheith buíoch den Chartlann Náisiúnta as an éacht iontach seo. (http://www.census.nationalarchives.ie/search/)(http://www.nationalarchives.ie/websites.ie.html)

Chuardaigh na mílte duine an bunachar sonraí sna laethanta beaga tar éis don daonáireamh a bheith curtha ar fáil ar an líon. Léiríonn sé seo go bhfuil an-spéis ag daoine i stair a sinsir. An té a bhreathnóidh na seantuairiscí seo, cuirfidh sé eolas ar a shinseanmháthair nó ar a shinsinseanathair! Beidh a fhios cén aois a bhí ag na daoine seo, nó cén cineál tí a raibh cónaí orthu ann. Beidh a fhios freisin cé acu an raibh scríobh acu, nó nach raibh. Beidh eolas ar an chreideamh a bhí acu, agus ar a slí bheatha, agus beidh eolas ar dhaoine eile a bhí sa teach leo ar oíche an daonáirimh. Feicfidh tú, don chéad uair, b’fhéidir, an tslí ar shínigh duine amháin, an ceann teaghlaigh, fear nó bean do shinsir, a h/ainm.

Ach an té a bhreathnóidh go grinn, feicfidh sé rudaí atá, ar bhealach, níos spéisiúla fós. Feicfidh sé, mar shampla, lorg na sibhialtachta Gaelaí. Sea, sa bhliain 1911 go fiú, bhí macalla éigin le cluinstean ó chlanna Gael. Ní hé go bhfuil buille na gclaimhtegáir chatha le cluinstean, nó bhí trí céad bliain idir seasamh deireanach na bhfíor-Ghael agus an daonáireamh atá i gceist againn anseo. Mar sin féin, fágann gach ríocht a rian. Léiríonn torthaí an daonáirimh a láidre is a bhí an Ghaeilge roinnt blianta sular bunaíodh an stát. Tugann daoine ar fud iarthar na tíre le fios ar go leor foirmeacha daonáirimh go bhfuil Gaeilge acu. Is áiteanna iad seo nach bhfuil focal Gaeilge a labhairt iontu le caoga bliain. Bhí crann na Gaeilge meathlaithe go dona faoi 1911 féin, ach ní raibh a cuid fréamhacha chomh briste is atá siad sa lá inniu.

An Tiontú Teanga Mhaigh an tOllamh Declan Kiberd in aiste ar an Irish Times le déanaí go ndearna muintir na hÉireann margadh leis an todhchaí sna 1830í – go dtabharfaidís cúl dá dteanga is dá gcultúr mar mhalartú ar rath eacnamaíochta (rath nach bhfuair siad faraor géar!). Faoin bhliain 1860, de réir Kiberd, bhí an teanga imithe as an chuid is mó den tír de dheasca an mhargaidh sin, ach ní ghlacaim le tuairim Kiberd. Bhí an teanga imithe cheana féin as formhór na bparóistí faoin bhliain 1830 féin. Dar le Diarmait Mac Giolla Chríost in Ollscoil Caerdydd (The Irish Language in Ireland, 2005), níor bhain an Ghaeilge de jure le haon réimse mór (dlí, tráchtáil, oideachas, ardchultúr, riarachán, srl.) i saol an phobail ag tús an naoú haois déag. (http://www.caerdydd.ac.uk/cymraeg/index.html)

Tugann figiúirí a baineadh as daonáireamh na bliana 1851 le fios nach raibh Gaeilge ach ag 23% de mhuintir na tíre. (Ar mhí-ámharaí an tsaoil, dódh tuairiscí gach daonáireamh ó 1821, an chéad daonáireamh ceart a rinneadh sa tír, go dtí 1851. Níos measa fós, ar ordú an rialtais le linn an Chogaidh Mhóir, scriosadh tuairiscí gach daonáireamh ó 1851 go 1891. Ciallaíonn sé gurb é daonáireamh na bliana 1901 an chéad cheann atá fágtha againn fós) Ní mór tuiscint go raibh cúrsaí sóisialta, cultúir agus teanga fite fuaite ina chéile. Is beag eolas a thugann an daonáireamh dúinn ar chúrsaí cultúir, ach tá sracfhéachaint le fáil ann ar chúrsaí sóisialta, mar atá, sna sonraithe ar mhéid an tí agus ceist an léinn agus mar sin de. Ach tá rudaí beaga spéisiúla eile ann. Mar shampla, tá O Toole ar mhuintir mo mhná céile ach níl an sloinne sin le feiceáil ina paróiste dúchais sa bhliain 1911. Ina áit tá “Toole”, gan aon ‘O’ roimhe. Is cosúil gur ón sloinne Ó Tuathail a shíolraigh sinsear mo mhná, ach ag tráth éigin aistríodh an sloinne, nó traslitríodh ba cheart a rá, an sloinne go Béarla, mar a rinneadh le formhór na sloinnte. An é gur fhág siad an ‘O’ ar lár ag an phointe sin nó am éigin ina dhiaidh sin? Ní fios dúinn go fóill. (http://en.wikipedia.org/wiki/O’Tuathail) Sléachtú na Sloinnte

De réir an leabhair cháiliúil “Irish Families” le Edward MacLysaght, bhí an nós sin coitianta go leor i measc mhuintir na tíre seo ón ochtú haois déag i leith, is é sin, gur ghnách le daoine an ‘Mac’ nó an ‘O’ a fhágáil ar lár as sloinnte Gaelacha. Is cosúil gur shínigh deartháir le Daniel O Connell a ainm mar Maurice Connell nuair a bhí sé os comhair cúirte sa bhliain 1803. Ní hé go raibh an dlí ag cur in aghaidh úsáid an ‘O’, ach shíl daoine gur lena leas a bhí sé cuma Shasanach a chur ar a gcuid sloinnte. Is dócha ar bhealach go raibh cúrsaí faisin ag baint leis freisin. Tomás Ó Criomhthain an Bhlascaoid, tá a shíniú i nGaeilge le feiceail ar an daonáireamh, cé gur líon sé an bosca dó féin mar ‘Thomas Crohan’. (http://ga.wikipedia.org/wiki/Tom%C3%A1s%C3%93Criomhthain) I gcás mo shloinne féin tharla athrú de chineál eile. Nuair a bhreathnaím daonáireamh 1911, ní féidir liom McGuinness, an sloinne atá ar m’athair, a fháil. Agus é ar scoil tugadh McGuinness mar shloinne air i mBéarla agus Mac Aonghusa i nGaeilge. Bhí mé féin iontach bródúil as gur shíolraigh mé, dar liom, ó chlann mhór Uíbh Eachach in Ultaibh, a shíneann i bhfad siar ina nginealach agus ina seanchas. Ach ba ghnách le m’athair a rá go dtugadh muintir na háite McGuinney i gcónaí air. Nuair a thug mé cuairt ar an leabharlann Náisiúnta roinnt blianta ó shin fuair mé amach gur McGuinney in áit McGuinness a bhí ar mo shinsear. Níl sa sloinne Mac Aonghusa ach aistriúchán go Gaeilge ar an leagan áirithe Béarla McGuinness. De réir m’athar, tharla an t-athrú nuair a bhí deimhniú breithe chéadlinbh mo sheanmháthar á líonadh isteach. Dúirt an sagart léi nár chuala sé riamh an sloinne McGuinney agus nach raibh ann ach leasainm garbh ar McGuinness. Mhol sé di an páiste a chlárú faoin sloinne McGuinness, rud a rinne sí i ngeall ar an mheas a bhí aici ar an tsagart. Mar sin, ní Mac Aonghusa a bhíodh orainn fadó ach Mac Géibheannaigh. Is mór an t-ísliú céime é ó chlann mhór Sean-Uladh go mac cime! (http://www.logainm.ie/Do.aspxparentID=65428&typeID=BF&placeID=65428&uiLang=en) (http://www.heritageireland.ie/ga/BaileAthaCliath/GairdiniUibhEathach/) (http://en.wikipedia.org/wiki/McGuinness)

Léiríonn an scéal seo an chumhacht a bhí ag an sagart seachtó bliain ó shin. Léiríonn sé freisin a neamhshláine is a bhrath mó sheanmháthair inti féin: ghéill sí sloinne a páistí gan focal a chur ar a shon. Samplaí iad seo den chineál eolais atá ar fáil anois saor in aisce i dtorthaí dhaonáirimh 1911. Bhí an t-eolas seo ar fáil roimhe seo sa leabharlann náisiúnta, ar ndóigh, ach anois tá an t-iomlán ar fáil ar an idirlíon. An buntáiste is mó a bhaineann le heolas mar seo nuair atá sé ar fáil go leictreonach ná go bhfuil sé ar fáil ar fud an domhain agus go bhfuil sé inchuardaithe go héasca. Cuirfidh sé seo go mór leis an tuiscint atá ag muintir na tíre seo, ní hamháin ar a sinsear, ach ar stair na tíre. Cuirfear daonáireamh na bliana 1901 ar fáil an bhliain seo chugainn. Beidh toradh na hoibre seo ar fad ina chiste oidhreachta againn féin agus ag na glúnta nár saolaíodh go fóill. Tréaslaím an tionscnamh seo le foireann na Cartlainne Náisiúnta ar fad. Treise leo.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.