AR NA SAOLTA SEO
Athrú as Éadan i Saol na Gaeilge
Breandán Delap Breandán Delap Breandán Delap

Beidh athrú ó bhonn ar riarachán na Gaeilge is na Gaeltachta nuair a chuirfear moltaí An Bord Snip i bhfeidhm agus nuair a fhoilseofar Straitéis Fiche Bliain an Rialtais i leith na Gaeilge, dar le Breandán Delap.

Íomhá
Gaillimh le Gaeilge
Íomhá
An tAire Éamon Ó Cuív agus an Tánaiste Máire Ní Chochláin
Íomhá
Cuid de shaothar Ghaillimh le Gaeilge
Íomhá
Mícheál Ó Domhnaill, TG4

tuilleadh fianaise ar fáil ó na haighneachtaí a chur na Ranna Rialtais éagsúla faoi bhráid na buíne speisialta a bhí ag déanamh staidéir ar chaiteachas sa tseirbhís phoiblí (nó an Bord Snip Nua) faoin athrú o bhonn a bheas ag teacht ar shaol na Gaeilge is na Gaeltachta sna blianta beaga amach romhainn. Díol suntais go bhfuil formhór na dtagairtí a rinne an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta nó an Roinn Airgeadais d’Údarás na Gaeltachta scriosta amach sa leagan de Thuarascáil Mheasúnaithe na Roinne atá foilsithe ar shuíomh idirlín na Roinne Airgeadais. Go deimhin tá níos mó scriosta amach faoin Údarás ná mar atá in aon cheann de na tuarascálacha ó na Ranna Rialtais eile. (http://www.udaras.ie/index.php?lang=13) I measc na gcúiseanna nár fuasclaíodh an t-eolas seo, maítear go gcuimsíonn an tuarascáil seo ábhar atá "faoi réir bhreithnithe leanúnacha ag leibhéal Roinne" nó "a bhféadfadh tionchar diúltach a bheith aige ar obair na Roinne."

Maítear insa Tuarascáil a chur Roinn na Gaeltachta le chéile go mbeidh caiteachas an Rialtais ar an teanga bunaithe ar an Straitéis 20 bliain don Ghaeilge (http://www.plean2028.ie/node/11) atá le foilsiú go luath:

"It is anticipated that the Strategy, when published, will determine the manner in which funding is provided in support of the Irish language in future years."

Ach tá leid le fáil i dTuarascáil na Roinne Airgeadais chuig an Bord Snip faoina bhfuil i ndán don Fhoras agus don Údarás sa straitéis úd. Moltar ann go n-aistreofaí feidhmeanna Chiste na Gaeilge (trína mhaoinítear leithéidí an Taibhdhearc, Oideas Gael, Gaillimh le Gaeilge, Comhaltas Ceoltóirí Éireann srl.) go haon mhóreagraíocht amháin: "Transfer all functions to Údarás as the single body which would have national responsibility for the operation of schemes and measures for the promotion of the Irish language. The Department would maintain a policy role only."

Mhol an tAire Ó Cuív a leithéid de struchtúr dornán míonna ó shin in agallamh le Nuacht 24 inar dhúirt sé go bhféadfadh Údarás na Gaeltachta a bheith ag feidhmiú ar bonn náisiúnta mar Údarás na Gaeilge feasta agus go nglacfaidís go leor d’obair Fhoras na Gaeilge orthu féin. Ní bheadh feidhm ag an Fhoras ach ar imeachtaí trasteorainn. Bheadh leasú le déanamh ar an reachtaíocht a bhaineann leis an Fhoras agus leis an Údarás, atá éagsúil ó bhord stáit ar bith eile sa mhéid is go dtoghtar formhór a gcuid comhaltaí. Drochsheans go leanfar, áfach, ag toghadh seachtar déag ball as bord de scór don Údarás siocair gur eagraíocht níba leithne a bheadh ann a bheadh ag freastal ar chur chun cinn na teanga sna fiche sé chontae ina iomláine. Ní haon drochrud é seo mar ba léir nach raibh sé ag feidhmiú mar ‘Pharlaimint na Gaeltachta’, ná baol air. Fóram amscaí, fadálach a bhí ann agus ba rómhinic nach raibh na comhaltaí ach ag ceadú nithe a bhí socraithe ag an fheidhmeannas cheana féin. Ó céadtoghadh, nó ó ceapadh, an bord reatha sa bhliain 2005, íocadh nach mór €1.2m i dtáillí agus beagnach €800,000 i gcostaisí leis na baill (nó €2m) san iomlán go dtí seo. Tá sé doiligh seasamh lena leithéid de chaiteachas ag am nuair atá an bhróg ag teannadh ar eagraíochtaí pobail eile.

Fadhb Thrasteorann

Beidh le feiceáil mar sin an scoirfear an ghné thofa ina iomláine (cinneadh nach mbeadh polaiteoirí áitiúla as Dáilcheantar an Aire róshásta leis), nó an ndéanfar cinneadh líon laghdaithe ball a thoghadh as na ceantair Ghaeltachta. Tá luaidreáin ann gur ochtar a thoghfar feasta, rud a chiallódh gur drochsheans go mbeadh ionadaíocht ag na Gaeltachtaí beaga ar an bhord úr.

Táthar ann a dhéarfadh nach mbeadh in aistriú na gcúram seo ó eagraíocht phoiblí amháin go ceann eile, ach cur i gcéill mar a bheadh i mbabhtáil cathaoireacha ar an Titanic agus í ag líonadh le huisce. Cén barántas a bheadh ann go n-éireodh níba fhearr le hÚdarás na Gaeilge ná le Foras na Gaeilge? Ach ó tharla gur Foras Trasteorainn é Foras na Gaeilge, caithfear cead a fháil ón dá dhlinse maidir lena mhaoiniú, rud a chiallaigh go raibh fadhbanna go leor ann nuair nach raibh an Feidhmeannas ó thuaidh ag feidhmiú dornán blianta ó shin. Is bocht an scéal é go mbeadh tograí tábhachtacha straitéise a bhaineann leis na 26 chontae amháin i dtuilleamaí bheannacht leithéidí Nelson McCausland nó Gregory Campell! Bheadh sé de bhuntáiste ag an struchtúr úr go mbeadh cur chun cinn na teanga i lámha áisínteachta as féin abhus, beag beann ar pholaitíocht na sé chontae.

Thiocfadh dó fosta go mbeadh athruithe móra i ndán do na heagrais dheonacha Gaeilge, a mhaoinítear tríd an Fhoras faoi láthair. Ina measc tá leithéidí Conradh na Gaeilge, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Gaelscoileanna, Gael Linn, Glór na nGael srl. Cé nár bhain na forais trasteorainn le téarmaí tagartha An Bord Snip Nua, luaitear ina dtuarascáil go raibh próiseas ar siúl ag Feidhmeannacht Thuaisceart Éireann agus ag a gcomhghleacaithe abhus, faoi scáth na Comhairle Aireachta Thuaidh-Theas, le dul i ngleic le caiteachas na n-eagraíochtaí trasteorainn. Ach is léir gurb é tuairim na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta go bhfuil i bhfad barraíocht eagras Gaeilge ann agus go gcaithfear a líon a chiorrú. I miontuairisc de chruinniú idir feidhmeannaigh shinsireacha na Roinne agus An Bord Snip Nua (8 Aibreáin 2009) agus a scaoileadh chugam tríd an Acht um Shaoráil Faisnéise, cheistigh Mary Walsh (ón Bhord Snip) an a bhí leis na naoi gcinn déag d’eagraíochtaí Gaeilge a fhaigheann maoiniú ón Fhoras. Ba é an freagra a fuair sí ón Roinn ná: "At North South Ministerial Council it was decided that there was potential for collapsing the number."

Gaois an Fhocail

Is nós le státseirbhísigh a bheith ríchúramach agus siosmaideach leis na focail a úsáideann siad i gcruinnithe agus go deimhin sna miontuairiscí a scríobhtar ar na cruinnithe sin. Liosta le háireamh iad na haistriúcháin atá ag Focal.ie ar an fhocal ‘collapsing’ - imphléascadh, loiceadh, teip, tnáitheadh, tabhairt chun talún, turnamh, cliseadh srl. Is cuma cén leagan a roghnaíonn tú, is duairc an todhchaí atá i ndán do na heagrais dheonacha Gaeilge!

Thig a bheith cinnte, áfach, faoi athrú amháin atá i ndán do shaol na Gaeltachta. Tá sé ionann is cinnte anois go bhfuil deireadh ag teacht le Scéim Labhairt na Gaeilge, beag beann ar chur i bhfeidhm Thuarascáil an Bord Snip. Moladh sa tuarascáil sin ar ndóigh go gcuirfí deireadh leis an scéim ina dtugtar €260 in aghaidh an teaghlaigh Ghaeltachta, ach líofacht Ghaeilge na clainne a chruthú do chigire scoile. Sa mhiontuairisc den chruinniú céanna, a tharla trí mhí roimh fhoilsiú na tuarascála, thug feidhmeannaigh na Roinne le fios don Bhord Snip go raibh cinneadh glactha deireadh a chur leis. Murab ionann is na scéimeanna tithíochta Gaeltachta atá curtha ar fionraí, thug an Roinn le fios go neamhbhalbh go bhfuiltear tiomanta de deireadh a chur le Scéim Labhairt na Gaeilge:

"in the case of SLG, a clear signal that it will not continue."

Tá na foirmeacha do Scéim Labhairt na Gaeilge líonta agus seolta ag teaghlaigh ar fud na Gaeltachta le déanaí ach is léir, cuma cé mhéid de Thuarascáil An Bord Snip a chuirfear i bhfeidhm, gurb é seo an íocaíocht deiridh a bheas á fáil ag tuismitheoirí Gaeltachta faoin scéim seo as a gcuid leanaí a thógáil trí Ghaeilge.

TG4 - RTÉ

Eagraíocht Ghaeilge amháin a thóg na cosa leis ó sceanairt an Bhord Snip ab ea TG4, ach tá sé le feiceáil ó na tuarascálacha a chuir na Ranna Rialtais éagsúla faoina mbráid go raibh comhnascadh an stáisiúin le RTÉ á scansáil acu. Mhol an Roinn Cumarsáide go mbeadh tuilleadh comhoibrithe idir an dá stáisiún, ach a mhalairt de phort a bhí ag an Roinn Airgeadais. Cumasc den dá stáisiún a mhol siad siúd. D’admhaigh an Roinn Airgeadais go bhféadfadh drochthionchar a bheith ag a leithéid ar sceideal TG4:

would detract from TG4’s ability to remain clearly focused on providing a quality Irish language schedule and impact negatively on TG4’s distinctive ‘súil eile’ outlook.”

Ach ba é an t-adhmad a bhí le baint as a moladh ná: “the State’s funding of two separate broadcasting organisations is inefficient.” Faoi mar atá rudaí faoi láthair, ba bheag sábhailt airgid a bheadh ina leithéid de mholadh – idir €2m-€3m – ach ba é tuairim na Roinne Airgeadais go bhféadfaí an deontas i gcabhair do TG4 a laghdú de réir a chéile agus go n-íocfaí sciar den táille cheadúnais leo le díol as a n-aschur seirbhís phoiblí. (Ba é an Roinn féin a chur líne faoin dá fhocal deireanach.)

Finance has traditionally taken a position that the Irish language content broadcast by TG4 is part of public service broadcasting remit and should be funded in significant part by the Licence Fee, which is raised for that purpose. This would inevitably lead to some reduction in existing services.”

Mheas an Roinn Airgeadais go mbeadh an státchiste ag coigilt ionann is €38m dá gcuirfí a leithéid i gcrích. I ndeireadh thiar thall, níor mhol An Bord Snip Nua go ndéanfaí comhnascadh idir an dá stáisiún. Is léir, áfach, go bhfuil a leithéid ard go leor ar chlár oibre na Roinne Airgeadais. Bímis ag súil, mar sin, nach mbeidh aon ghá le tuilleadh ciorruithe nuair a bheas moltaí Mhic Cárthaigh curtha i bhfeidhm.

Ach i ndeireadh an lae beidh dearcadh an rialtais i leith na teanga soiléir nuair a fhoilseolfar an Straitéis fiche bliain don Ghaeilge. Ní thig éalu ón abairt úd:

"It is anticipated that the Strategy, when published, will determine the manner in which funding is provided in support of the Irish language in future years."

Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ-TG4 é Breandán Delap. Tá cónaí air sa Spidéal, Co. na Gaillimhe.

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ-TG4 é Breandán Delap. Tá sé ina chónaí sa Spidéal, Co na Gaillimhe.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.