Caitheann Donncha Ó hÉallaithe a shúil ar an ngéarchéim gheilleagair ina bhfuil an tír, a tharla le barr sainte daoine, dar leis. Is é a mheas go dtiocfaidh athrú chun feabhais ar an leagan amach polaitíochta in Éirinn dá bharr.
Chuaigh saint daoine in Éirinn as smacht ar fad le scór blianta anuas. Go leor a baineadh amach, tá sé curtha i mbaol. Tá méar á díriú ar na bancanna agus ar na forbróírí chuile lá sna meáin. Cinnte, ba iad na bancanna a chothaigh mian na sainte i measc forbróirí. Tá na forbróirí céanna damnaithe anois, ach níl sé ach tamall gearr ó bhíodar á gceiliúradh sna meáin chéanna mar laochra eacnamaíochta. Tá scrios déanta ar an dtimpeallacht, ar shaol go leor leor teaghlach agus ar an gcóras polaitíochta, as an easpa smachta a cuireadh ar shaint na racmasóirí seo.
Ar ndóigh níorbh iad na forbróirí amháin a bhí sainteach. Chuile dhream a fuair an deis an pionna a chur sa phobal, thapaigh siad é: na polaiteoirí ó Fhianna Fáil agus ó Fhine Gael a thóg na ‘síntiúis phearsanta’ aimsir toghcháin agus na costaisí móra; na habhchóidí a bhí in ann táille cúpla míle in aghaidh an lae a ghearradh ar an Stát le linn na mbinsí fiosraithe; na comhairleoirí leighis a bhí íocaithe níos fearr ná a macasamhail in aon tír eile san Eoraip, ach a bhí i gceannas ar an gcóras sláinte ba mheasa ó thaobh freastal éifeachtach a dhéanamh ar an bpobal.
Níl aon chiall leis an ardleibhéal tuarastail atá á fháil ag na daoine a bhí i gceannas na mbanc agus na n-institiúidí airgeadais. Is oilbhéim – is scannal amach is amach é an méid a íocadh le Rody Molloy nuair a socraíodh go gcaithfeadh sé imeacht ón eagraíocht FÁS. Tharla an rud ceannann céanna i gcás an rialaitheoir airgeadais, a chlis go tubaisteach i mbun a chúraim. In áit na daoine sin a dhíbirt, ’sé an chaoi gur tugadh breab dhóibh le go n-imeoidis! Nach deas an eiseamláir é sin do gach duine eile, ar a bhfuil cúram poiblí? (http://www.youtube.com/watch?v=9ZMQ8FfuSoc)
Náire na nOlltuarastal
Ar an gcaoi chéanna, níl aon chiall leis an airgead a íocann RTÉ le Pat Kenny, Ryan Tubridy, Seán O Rourke, Marian Finucane agus Joe Duffy. Tá thart are €250,000 á íoc le gach uachtarán ollscoile sa tír seo faoi láthair: tá a bpá níos mó ná mar a íoctar le Príomhaire na Breataine! Cén fáth? (http://www.youtube.com/watch?v=7ffpFxlhsMA)
Tá sé thar am deireadh a chur le seo agus tá bealach simplí ann chuige. Gearr an cháin ag an ráta 60% ar ioncam ar bith os cionn €100,000 agus ag 70% ar ioncam os cionn €150,000 sa mbliain agus ag 80% ar ioncam os cionn €250,000 sa mbliain. B’fhéidir nach dtabharfadh sé an t-uafás isteach. Is cuma. Is tábhachtach thar gach ní deireadh a chur leis an gcaoi a raibh an bhearna idir na ginearáil ar bharr na cruaiche agus na saighdiúirí coise faoina bun. B’fhéidir go bhfaighfeadh muid ginearáil níos fearr a mbeadh dílseacht acu do rud éicint eile seachas a saibhreas pearsanta féin. (http://archives.tcm.ie/businesspost/2003/03/09/story828728221.asp)
Cé go raibh sé liostáilte ag an Eaglais Rómhánach i measc na bpeacaí marfacha ón tús, níor éirigh leis an gCríostaíocht saint daoine a mhaolú ariamh. Tá córas geilleagair an rachmais bunaithe ar shaint an dreama atá saibhir nó atá ag iarraidh a bheith saibhir. Thuig Adam Smith é sin go maith, nuair a scríobh sé an leabhar ‘The Wealth of Nations’ san ochtú haois déag.
(http://en.wikipedia.org/wiki/TheWealthof_Nations)
Nuair a tháinig an Páirtí Daonlathach ar an saol sa tír bheag againne, ghlac Mary Harney agus Michael Mac Dowell le hideolaíocht liobarálach na Stát Aontaithe, a chreideann nár cheart don Stát a bheith ag cur a ladair isteach i gcúrsaí gnó ná ag cur srian le saint na mbocanna móra. Mar nach raibh aon fhís ideolaíochta fanta ag Fianna Fáil faoi am sin, seachas fanacht i gcumhacht, géilleadh do ideolaíocht Mac Dowell agus Harney. Ar fud na tíre, ar imeall chuile bhaile, tá na heastáit fholamha mar a bheadh leachtanna cuimhneacháin don Tíogar Ceilteach.
An Namhaid go NAMA?
Anois le NAMA, tá an rialtas ag iarraidh na bancanna agus na forbróirí santacha a chur ar ais i mbun gnó. Creidim gur fearr ligint dóibh fulaingt sa gcaoi is go bhfoghlaimeofar ceacht tábhachtach sa tír seo, sa gcaoi is nach dtarlóidh sé arís go deo.
Tá díospóireacht náisiúnta ag teastáil faoi céard a tharla agus faoi céard atá le foghlaim. Tá cinnireacht nua ag teastáil le stráitéis nua a chur le chéile agus le muid a threorú as an bpoll doimhin dorcha ina bhfuil muid sáinnithe faoi láthair. Feachtas toghcháin an bealach ab fhearr leis an díospóireacht a chur ar bun. Bheadh seans ann tar éis toghcháin go dtiocfadh ceannaireacht nua chun cinn i gceannas ar rialtas ag a mbeadh fís úr, a bheadh bunaithe ar chomhionannas seachas ar shaint chun saibhreas pearsanta a chnuasach.
Beidh ar bhaill an Chomhaontais Ghlais cinneadh a dhéanamh faoi NAMA an mhí seo. Má shocraítear gan glacadh leis, beidh ar na Glasaigh tarraingt amach as an gcomhrialtas agus beidh sé ina thoghchán, toghchán a d’fhéadfadh a bheith chomh stairiúil céanna leis an dtoghchán i 1918, nuair a scriosadh Páirtí Redmond agus Dillon. Is cinnte go mbainfear dioltas amach agus go gcaillfidh Fianna Fáil suas le 30 suíochán. Ní bheidh sé ar an bpáirtí is mó sa Dáil a thuilleadh. Beidh an pholaitíocht níos sláintiúla, dá bharr sin. Is faoi na Glasaigh a bheas sé an cinneadh a dhéanamh ag comhdháil speisialta a thionólfar go gairid. Tá mise ar dhuine acu agus beidh mé ann.