AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
An tSúil Nimhe
Balor Balor Balor

Bhí Balor siúlach fá Loch Michigan le linn Féile na nGael i Milwaukee. Ní beag an líon leipreacán a bhí ann roimhe. Deir sé gur fiú go mór gabháil ar ais ann siocair an comhluadar spraoiúil i nGaeltacht na féile sin.

Íomhá
Féile Milwaukee (le Rosswi)
Íomhá
Lúchorpán (le Exchange Club of Madison)
Íomhá
Lúchorpán Bó (le James Lebinski)

Cé a chreidfeadh é, a léitheoirí dílse? Cé a chreidfeadh, in am seo an mheathlaithe, go dtabharfadh eagarthóir Beo Ar Éigean! cúpla Euro le dul chuig Féile na nGael i Milwaukee? Ach sin mar a tharla. Balor an Bhéil Bhinn a roghnaíodh as measc iriseoirí uile na liarlóige seo chun aghaidh a thabhairt ar chathair cháiliúil sin na beorach cois locha i Stáit Aontaithe Mheiriceá, féachaint cad é mar a bhí ag éirí leo thall agus lagtrá an gheilleagair ag brú go géar orthu. Is ann a théann maithe agus móruaisle shaol na Gaeilge agus shaol an cheoil Ghaelaigh ag an am seo gach bliain, agus go hiondúil bíonn an gabhar á róstadh ag na Poncáin – ach i mbliana, an é an gabhar nó an gadhar a bheadh á róstadh?

Gan seanbhaile a dhéanamh den scéal, bhí mé bodhraithe ag an ghleo agus mé fós scór bloc ón suíomh cois Loch Michigan. Ceol Gaelach mo thóin! Bhí Meiriceánach inteacht a shamhlaigh gurbh é Tommy Makem aiséirithe ó na mairbh ag fiosrú in ard a chinn ‘Will You Go Lassie Go?’ Dá mbeadh pioc céille ag an ghirseach chéanna bheadh sí ar shiúl i bhfad uaidh. Bhí fógra mór os cionn gheata Pháirc na Féile: Céad Míle Fáilte a d’fhógair sé. ‘Nach deas sin?’ arsa mise liom féin, ‘Tá Gaeilge ag muintir Mheiriceá fiú!’ An chéad bhoc ar casadh orm é d’fhiafraigh mé de cárbh as é. ‘I’m a visitor here from Connemara!’ ar seisean (agus b’shin an dóigh ar litrigh sé Conamara fosta!). ‘Cén chaoi a bhfuil tú?’ arsa mise leis, agus mé ag iarraidh é a chur ar a chompord ina chanúint féin. ‘Huh?’ ar seisean. ‘Nach bhfuil aon Ghaeilge agat?’ arsa mise leis. ‘I only have the cúpla focal,’ ar seisean, ‘and that’s both of them!’

Fós ní raibh ceoltóir ná amhránaí ná damhsóir as Éirinn feicthe agam, ach Meiriceánaigh agus Ceanadaigh le Fraincis ag saothrú leo go tréan ar na stáitsí móra, piontaí leanna fágtha ar tháblaí ina aice láimhe acu, agus iad uilig le bodhráin ina nglac agus iad á mbualadh go tréan agus go mírithimeach chun cuma Éireannach a chur orthu féin dar leo.

An Montanach

Shiúil mé liom ar aghaidh fríd na sluaite, mé ag déanamh iontais de na daoine a bhí gléasta mar leipreacháin agus de na seamróga a bhí ag fás amach as cloigne gach aon darna duine. Go tobann chuala mé scairt ó dhuine de na leipreacháin:‘A Bhaloir, a chara,’ ar seisean liom. ‘Fáilte romhat go Meiriceá!’‘Cá as tusa?’ a d’fhiafraigh mé de.‘As Montana i lár na tíre uaisle seo,’ a dúirt sé liom.‘Cén uair a d’fhág tú tír na hÉireann?’ a d’fhiafraigh mé.‘Rugadh agus tógadh i Stáit Aontaithe Mheiriceá mé,’ a mhínigh sé dom i nGaeilge bhlasta bhinn. ‘Ní raibh mé riamh in Éirinn, ach is Gael mé. Tá mé aon naoú cuid Ungáireach, dhá naoú cuid Mohawkach, trí naoú cuid Gearmáineach agus seacht naoú cuid Éireannach.’‘Agus cá bhfuair tú do chuid Gaeilge?’ a d’fhiafraigh mé de agus díchreideamh orm, mé ag súil nach san áit chéanna is a fuair sé a chuid matamaitice.‘Ó do chuid alt ar Beo Ar Éigean!, dar ndóigh!’ a mhínigh sé.‘Dar ndóigh!’ arsa mise, agus as go brách liom faoi uabhar, ag machnamh dom i rith an ama ar Éireannaigh le Béarla agus ar Phoncáin le Gaeilge.

Ghluais mé liom thar an Paddy O Bingo, an Mother Machree Burger Joint, an Rosie O Grady Pizza Parlour, agus an Bold Fenian Men Pretzel Outlet. Bhí bannaí ceoil agus grúpaí damhsa ar gach taobh díom ag batráil mo dhá chluais; bhí mé bodhraithe ag bodhráin, ag boscaí, ag bainseonna; mé ag iarraidh an chluas bhodhar a thabhairt do na bodhráin a bhí dá mbualadh ar gach taobh díom agus do The Bould O Donoghue, Ceann Comhairle na Dála agus fánaí clúiteach thar fhánaithe clúiteacha Theach Laighean a a bhí ag rith thart ó stáitse go stáitse ag óráidíocht ar áilleacht an cheoil agus ar shaibhreas an chultúir agus ar an tábhacht a bhain le cuireadh a thabhairt dó ar ais chuig Irish Fest 2010. Bhí sé ag caint gan stad fosta faoi thábhacht lóistín mar ba cheart a bheith ar fáil do Cheann Comhairle Dháil Éireann: óstán sé réalta ar a laghad – nó mura raibh a leithéid ann, é a bheith tógtha faoin am a thiocfadh sé ar ais. Níl sé i dtaithí ar fhanacht in óstlanna nach bhfuil a leithéid de chaighdeán acu. Nuair nach raibh sé ag bladar leis bhí ag dul thart ar chairrín gailf le stoc fógartha i láimh amháin agus bata draighin sa láimh eile, é ag croitheadh an bhata os a chionn agus ag cleachtadh a óráide os ard. Bhí a chosmhuintir ag rith ina dhiaidh, ag impí ar an slua éisteacht a thabhairt dó, agus cé go raibh siad as dáta i dtaca le teideal an fhir, mhaithfí sin dóibh, nó is fada a bhí siad ag tacú leis mar aire: ‘Is Aire é! Tugaigí aire! Arrah! a fheara, tugaigí aire don Aire!’

Gaeltacht Milwaukee

Níor thuig mé cad tuige go dtiocfadh duine ar bith chuig áit mar seo. Bhí mé réidh le mo bhealach a bhrú amach fríd an ocht milliúin duine a bhí dingthe isteach i bPáirc na Féile nuair a chonaic mé fógra mór os mo chomhair amach: An Ghaeltacht. Anonn liom. Chnag mé ar an gheata. Osclaíodh poll beag agus fiafraíodh díom an raibh a fhios agam an pasfhocal. ‘Amharc orm, a húir!’ arsa mise. Nuair a chonacthas mo leathshúil i lár chlár m’éadain cuireadh fáilte romham. Isteach liom. Suaimhneas faoi dheireadh. Thuig mé láithreach an chúis go dtagann muintir na Gaeilge ar ais bliain i ndiaidh a chéile chuig Irish Fest Milwaukee.

Sa nead beag suáilcis seo, i bhfad ón daoscarshlua, i bhfad ó na hairí, na cinn chomhairle agus ó na wannabes, i bhfad ón Wild Rover agus ó Brennan on the Moor, bhí blaiseadh beag de na flaithis le fáil: Johnny Connolly ag bualadh ceoil agus ag canadh agus ag damhsa ag an aon am amháin, na sluaite ban dathúla Meiriceánacha thart air ag brú shú na heorna agus eile air, agus Johnny ag baint sú as an rud ar fad. “A Johnny,” arsa mise leis, “cad tuige go bhfuil tú ag gabháil do gach rud tú féin? Cá bhfuil Meaití agus Ray agus Joe agus Gearóid agus an scaifte sin uilig?” “Cutbacks,” arsa Johnny, agus meangadh na sástachta ar a ghnúis. “Cutbacks,” ar seisean. “Gura fada a mhairfidh siad!”

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.