AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
Na hIonsaithe
Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin

Ní hiad muintir Róma na Sé Chontae amháin a mhothaigh buille doirn agus ainspíd le scaitheamh. Míníonn Bearnaí Ó Doibhlin dúinn go bhfuil a gcuid doghrainne féin ar muintir na hIndia san Astráil le tamall anuas.

Íomhá
Léirsiú ag mic léinn na hIndia ar Shráid Swanston - Sr. Flinders i Melbourne
Íomhá
Príomh-Aire na hIndia, Manmohan Singh
Íomhá
Aire Gnóthaí Eachtracha na hAstráile, Stephen Smith, Feisire

Tagann na céadta míle mac léinn as tíortha éagsúla san Áis chun na hAstráile gach bliain le freastal ar chúrsaí oideachais. Shaothraigh na seirbhísí oideachais seo $12.6 billiún anuraidh agus tá tionscal easpórtáil an oideachais ag méadú in aghaidh an lae le blianta anuas. Cuireadh an tuilleamh coigríche seo i mbaol ar na mallaibh, ámh, mar gheall ar fhadhbanna áirithe leis an gcaidreamh taidhleoireachta idir an Astráil agus an India.

D’éirigh teannas idir an dá thír sa bhliain 2007 nuair a ghabh na póilíní abhus dochtúir Indiach, darb ainm Muhammed Haneef, mar chuid den fhiosrúchán ar na hionsaithe sceimhlitheoireachta a rinneadh ar na haerfoirt i Londain agus i nGlaschú um an dtaca sin. Scaoileadh saor an dochtúir Haneef faoi dheireadh nuair nár fritheadh aon fhianaise go raibh baint dá laghad aige leis na hionsaithe.

Chuir an rialtas náisiúnta é ar ais chuig a thír féin, áfach, mar gur mhaígh Ard-Aighne na hAstráile gur theip ar an dochtúir sa “character test”. Baintear úsáid as an teist seo le hiarratais ar víosaí a mheas. Fearadh fáilte is fiche roimh an dochtúir nuair a bhain sé a fhód dúchais amach, agus cáineadh go géar an drochdhóigh a caitheadh leis san Astráil sna meáin thall.

Toghadh rialtas náisiúnta nua abhus ní ba dhéanaí sa bhliain chéanna, le Kevin Rudd mar phríomhaire. Bhí dúnghaois ag a pháirtí in éadan úráiniam a onnmhairiú chuig aon tír eile nár ghlac leis an gConradh maidir le Neamhleathadh Arm Núicléach de chuid na Náisiúin Aontaithe. Níor shínigh an India an conradh riamh agus dhiúltaigh an rialtas nua san Astráil a dhúnghaois a mhaolú. Ní mó ná sásta a bhí rialtas na hIndia, go háirithe mar gur thug John Howard, an príomhaire a bhí i gcumhacht san Astráil roimhe sin, le fios go raibh sé i bhfabhar úráiniam a dhíol leo.

Is iarthaidhleoir é Rudd agus dúirt sé ag an am go raibh sé muiníneach nach gcuirfeadh ceist an úráiniam isteach ar chúrsaí taidhleoireachta ná ar chúrsaí trádála idir an dá thír. D’éirigh teannas ní ba mheasa sa chaidreamh eatarthu, áfach, ar na mallaibh i ngeall ar ionsaithe agus robálacha a tharla ar mhic léinn Indiacha san Astráil le bliain anuas.

Lagchosaint na Mac Léinn

Tharla an chuid ba mhó de na hionsaithe agus na robálacha seo i Melbourne, príomhchathair Victoria, agus de réir Gautam Gupta, urlabhraí de chuid an Federation of Indian Students of Australia (FISA), ní raibh na póilíní sa stát ag déanamh go leor leis na mic léinn a chosaint. Dúirt daoine áirithe i measc íospartaigh na n-ionsaithe gur tugadh ainmneacha maslacha ciníocha orthu lena linn. Maíodh sna meáin san India go raibh na hionsaithe bunaithe ar chiníochas agus ar dhearcadh diúltach san Astráil i leith na nIndiach.

D’eisigh na póilíní in Victoria ráiteas ag cáineadh na ndaoine a rinne na hionsaithe agus na robálacha. Ba é iompar frithshóisialta agus gnáthchoiriúlacht cionsiocair na faidhbe, de réir an ráitis, agus ní raibh ciníochas i gceist. Anuas ar sin dúirt Kieran Walshe, Leas-Choimisinéir na bpóilíní in Victoria, We think it’s more opportunistic, because they [na hIndiaigh] are a very passive and very quiet-natured people and they do carry valuable items such as iPods and mobile phones.

Mhothaigh FISA go raibh Walshe ag leagan an mhilleáin ar na híospartaigh agus cáineadh go géar an ráiteas sna meáin san India. Bhain an Economic Times ann úsáid as an gceannlíne: Australia, land of racism, mar shampla. Reáchtáladh léirsithe ag na mic léinn in Melbourne agus Sydney le hagóid a dhéanamh i gcoinne na n-ionsaithe agus in éadan easpa ghnímh na bpóilíní.

Chuaigh cúrsaí ó mhaoil go mullach nuair a bunaíodh buíonta forairdill i measc na mac léinn Indiach in Melbourne ag trí stáisiúin traenach, agus nuair a tharla ionsaithe díoltais in Harris Park, bruachbhaile in iarthar Sydney, tar éis ionsaí eile ar mhac léinn Indiach ann. Bhí tuismitheoirí áirithe san India, de réir tuairiscí sna meáin ann, ag cuimhneamh ar a gcuid mac léinn a thabhairt abhaile ón Astráil nó ag athsmaoineamh ar iad a chur anseo sa chéad dul síos.

Foilsíodh tuarascáil i mbliana ag an Australian Council for Private Education and Training ar luach thionscal onnmhairiú an oideachais don gheilleagar abhus. Luadh fostaíocht mar shampla den luach seo:

International student expenditure in Australia... is estimated to have generated just over 122,000 FTE positions in the Australian economy in 2007-08, with 33,482 of these being in the education sector. Total student related expenditure (spending by students and visiting friends and relatives) generates a total of 126,240 FTE positions.

Cosaint an Tionscail

Thuig Príomhaire na hAstráile a thábhachtaí is atá an tionscal do gheilleagar na tíre agus an dochar a bhí na hionsaithe a dhéanamh do chlú idirnáisiúnta na tíre. Rinne seisean ráiteas sa pharlaimint ag cáineadh na n-ionsaithe, ach ag maíomh ag an am céanna nach tír chiníoch í an Astráil. Ghlaoigh sé ar an Dochtúir Manmohan Singh, a luaithe is a atoghadh é ina Phríomhaire ar India, le cinntiú dó go ndéanfadh na húdaráis abhus a ndícheall na mic léinn Indiacha a chosaint.

D’fhógair an tAire Gnóthaí Eachtracha, an Seanadóir Stephen Smith, go mbunófaí meitheal ar leith le dul i ngleic le sábháilteacht na mac léinn Indiach. Tá an meitheal faoi lán seoil agus de réir cosúlachta tá FIS sásta go bhfuil na húdaráis abhus i ndáiríre faoina ngeall na mic léinn a chosaint.

Tháinig corradh is 455,000 mac léinn idirnáisiúnta chun na hAstráile anuraidh le freastal ar chúrsaí éagsúla, agus saothraíonn seirbhísí oideachais níos mó ná aon táirge onnmhairithe eile, cé is moite de ghual agus d’amhiarann. Tháinig beagnach 20 faoin gcéad de na mic léinn seo as an India agus meastar go mbeidh an India ar an gcúigiú páirtí trádála is mó ag an Astráil faoi cheann deich mbliana eile.

Táthar ag súil, mar sin, nach bhfuil sa teannas reatha idir an dá thír ach gal soip, agus go gcothófar caidreamh taidhleoireachta dearfach arís idir an Astráil agus an tír mhór chumhachtach seo sa chomharsain againn. Táthar ag súil go mór freisin, thar aon ní eile, go mbeidh na mic léinn a thagann as tíortha eile le freastal ar chúrsaí abhus slán sábháilte fad is a bheas siad mar aíonna inár measc.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.