AR NA SAOLTA SEO
Brabús ar an Eagla roimh Ulpóg na Muc
Maidhc Ó Cathail Maidhc Ó Cathail Maidhc Ó Cathail

Bás nó biseach a thabharfas an vacsaín ar ulpóg na muc duit? Tá do phosóid gléasta romhat má théann tú i muinín an vacsaín nár tástáladh i gceart, dar le Maidhc Ó Cathail. Molann sé a bheith ar d’fhaichill nó is posóid é nár féachadh i gceart go fóill an dáileog a dhíolfar leat. Is féidir gur biseach ar chuntas infheistíochta duine cliste éigin is mó a thiocfas as.

Íomhá
Crá an duine, an chráin
Íomhá
Ar cosaint anuraidh (le A. Warrington Thomas, Khalid Kelly)
Íomhá
Fóirithint don Uachtarán Ford

Le blianta beaga anuas, tháinig SARS agus ulpóg na n-éan agus d’imigh siad arís gan mórán dochair déanta acu, ainneoin an rírá fúthu ag an am. Mar sin féin, agus geimhreadh na bliana seo ag druidim linn, beidh na meáin ag iarraidh a chur ina luí orainn gurb é ulpóg na muc an bhagairt is mó don chine daonna ó bhí an phlá ann. An áit a bhfuil an baol ann, áfach, ná an ‘leigheas’ atá beartaithe ag na húdaráis domhanda. Gach uile sheans go ndéanfaidh an vacsaíniú atáthar a mholadh in aghaidh na hulpóige i bhfad níos mó dochar ná an ulpóg é féin.

Is deacair a bheith cinnte cé mhéad duine a fuair nó a gheobhaidh bás de dheasca ulpóg na muc. D’fhógair an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte 429 básanna go dtí tús mí Iúil, ach mhol siad ansin gur féidir talamh slán a dhéanamh de gur ulpóg na muc is siocair le haon chás ina bhfuil comharthaí ulpóige i gceist ó shin i leith. Mar gheall ar an gcomhairle aisteach sin, tá gach aon dealramh go ndéanfar meastachán iomarcach ar an méid daoine le hulpóg na muc. (http://www.who.int/csr/disease/avian_influenza/phase/en/index.html ; http://www.who.int/csr/disease/influenza/pandemic/en/)

Cibé ar bith, an bhféadfadh sé a bheith níos marfaí ná an gnáthulpóg? Cé go mbíonn baint ag an ulpóg séasúrach le bás idir 250,000 agus 500,000 duine ar fud an domhain gach bliain, is beag duine a bhíonn buartha faoi os rud é nach dtugann na meáin mórán airde air. Ach tuairiscíonn RTÉ faoi gach duine a cheaptar a fhaigheann bás le hulpóg na muc ar nuacht mhór an lae, agus tá gach éinne sa tír ag caint faoin scéal. Tá na meáin ag scanrú daoine i dtíortha eile ar an gcaoi chéanna.

Is olc an ghaoth...

Ar ndóigh, is mór an leas a dhéanann poiblíocht mar sin don dream atá ag iarraidh vacsaín a dhíol. Mar gheall ar an scéin a chuireadh ar dhaoine ar fud na cruinne, ceaptar go ngnóthóidh GlaxoSmithKline, an comhlacht cógasaíochta is mó sa Bhreatain Mhór, 3 billiúin punt i mbliana. Cé nach raibh súil go mbeadh a vacsaín ar fáil go dtí an mhí seo, d’ordaigh rialtas na Breataine 60 milliún dáileog cheana féin. Caithfidh sé go bhfuil go leor muiníne ag polaiteoirí na tíre sin as GSK vacsaín slán feidhmiúil a tháirgeadh in am. Ach ar chóir go mbeadh an mhuinín chéanna ag an bpobal é a ghlacadh? (http://www.gsk.com/)

Bheifeá ag súil go ndéanfaí tástáil ghéar ar vacsaín nua mar seo, ach ní hamhlaidh atá. “Clinical trials will be limited, due to the need to provide the vaccine to governments as quickly as possible,” a dúirt an comhlacht leis an Guardian. “Additional studies will therefore be required and conducted after the vaccine is made available.” Is muca ghuine, mar sin, a bheas sa chéad dream a thógfaidh vacsaín GSK.

Ar ndóigh, is é an brabús an chloch is mó ar phaidrín an lucht gnó. Mar sin, bíonn daoine ag brath ar na hudaráis chuí lena chinntiú go bhfuil na táirgí atá ar an margadh slán sábháilte. Ach is cosúil go bhfuil an comhlacht rialála drugaí is tábhachtaí de chuid an Aontais Eorpaigh thar a bheith faillíoch ina dhualgas an phobal a chosaint sa chás seo. De réir alt ar Yahoo News, “to ensure swine flu vaccine is available as soon as possible, the European Medicines Agency is allowing companies to skip testing in large numbers of people before the vaccine is approved.” Ní fios cé chomh contúirteach a d’fhéadfadh an cinneadh seo a bheith: “European officials won’t know if the new vaccine causes any rare side effects until millions of people get the shots. Still, they say the benefit of saving lives is worth the gamble.”

B’fhéidir gur furasta dul sa seans le beatha daoine eile nuair atá neart airgid le déanamh as. Fad is atá sé ag fáil 116,000 punt in aghaidh na bliana mar bhall de bhord GlaxoSmithKline, tá Roy Anderson ar thascfhórsa SAGE (Grúpa Comhairleach Eolaíochta um Éigeandála) atá ag comhairliú rialtas na Breataine i dtaobh ulpóg na muc. Agus ní hé Anderson an t-aon “saineolaí eolaíochta” atá ag moladh vacsaíniú a bhfuil baint aige leis na comhlachtaí atá ag iarraidh vacsaín neamhthástáilte a dhíol leis an bpobal scanraithe. (http://investing.businessweek.com/research/stocks/private/snapshot.asp?privcapId=7605072)

Déjà fliú

Trí bliain is tríocha ó shin, bhí an domhan scanraithe ag fanacht le paindéim ulpóg na muc eile. D’ordaigh an tUachtarán Gerald Ford go bhfaigheadh gach Meiriceánach vacsaíniú ar an ulpóg tar éis ráige i Fort Dix, bunáit mhíleata SAM. (http://www.dix.army.mil/history/history.htm) Fuair 40 milliún duine vacsaín ar phaindéim nár tháinig, agus fuair tríocha duine bás.

Ba é an vacsaín ba thrúig bháis dóibh. Cuireadh deireadh leis an vacsaíniú nuair a fuair na céadta eile siondróm Guillain-Barré, galar neamhchoitianta a bhaineann leis an gcóras lioga.

Ní fios go fóill cén sórt dochair a d’fhéadfadh vacsaín ar fhliú na muc 2009 a dhéanamh, ach tá rud amháin tábhachtach athraithe ó 1976. Dá bhfógrófaí paindéim sna SAM i mbliana, tá slánaíocht ó chúiseamh dlí faighte ag na comhlachtaí cógaisíochta a bhuíochas do rialtas Bush. Is féidir lipéad a deir “unavoidably unsafe” a chur ar vacsaín agus ní bheadh aon leigheas ar dhíobháil ag an bpobal in aghaidh leithéidí GlaxoKlineSmith, Baxter, Novartis agus Sanofi Pasteur, is cuma cén dochar a dhéanfaidís do dhuine.

Cé go bhfuil go leor fianaise ann go bhfuil contúirt ag baint le vacsaíniú ar bith, ní móide go gcloisfidh tú mórán faoin scéal sin sna mórmheáin. Mar a mhínigh Dr. James Howenstine, “Vaccines are a sacred cow and nothing against them appears in the mass media because they are so profitable to pharmaceutical firms.” Is fiú cuimhneamh ar sin agus tú ag éisteacht leis an nuacht scanrúil is deireanaí faoi ulpóg na muc.

Féach ar http://www.nvic.org/ le haghaidh níos mó eolais faoi vacsaíniú.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.